Skip to main content
"Welcome to Laois" Tour at The Rock of Dunamase - Participants stop for a photo . Photo: Michael Scully - no reproduction fee.

Laois

Mórtas Áite an mórthéama faoina bhfeictear an cultúr agus an chruthaitheacht ina gcuid lárnach den tsaol i gContae Laoise agus tairseacha ilghnéitheacha ar fáil ag an uile dhuine sa chontae ar mian leo páirt a ghlacadh i mbearta cruthaitheachta agus cultúir, más ina dtionscnóirí agus ina gcruthaitheoirí sin nó ina rannpháirtithe agus sa lucht féachana.

I gContae Laoise, trí chlár ildisciplíneach agus le tionscadail aonair, tá de rún againn cur in iúl na cruthaitheachta ar na bealaí iléagsúla a chothú agus a thabhairt chun cinn; glacadh go fonnmhar le smaointe nua; agus an córas a chruthú a chuidíonn le smaointe den sórt sin a thabhairt i gcrích agus an chruthaitheacht a bheith ina dlúthchuid de ghnéithe uile shaol cultúir, sóisialta agus eacnamaíochta Chontae Laoise.

Cuid lárnach den phobal na bearta Cultúir agus Cruthaitheachta agus tugann Éire Ildánach deis faoi leith i gContae Laoise oibriú ar bhonn straitéise leis na sócmhainní cultúir, sóisialta agus eacnamaíochta chun tairbhe do shaol an chontae.

Tá buntábhacht leis an gComhar, leis an gCumarsáid, leis an Rannpháirtíocht, leis an Uilechuimsitheacht agus leis an Acmhainneacht mar spreagadh fiosrúcháin agus mar ábhar bolscaireachta maidir leis an Mórtas Áite; mar lón eolais maidir le príomhbhearta straitéise a bhfuil cúrsaí ealaíne, an oidhreacht, leabharlanna agus cartlanna, an timpeallacht, fiontraíocht, turasóireacht, etc. de bhonn daingean fúthu.

Is contae bríomhar tuaithe atá i gContae Laoise, tairseach isteach sa réigiún lár tíre, atá cóngarach do phríomhchathair na hÉireann lena mbaineann oidhreacht foirgníochta, nádúrtha agus cultúrtha faoi leith, is léiriú an mórtas áite ar chultúr traidisiúnta, ar chultúr reatha agus ar chultúr atá i ndán agus ar chruthú áite - cur chuige ilghnéitheach maidir le cúrsaí pleanála, dearthóireachta agus sárúsáid sócmhainní arna spreagadh ag an am a caitheadh agus ag a bhfuil d'acmhainn ionainn faoi láthair agus san am atá le theacht.

Tá de chuspóir againn timpeallacht a chruthú atá cóiriúil maidir leis an gcomhar, le nuáil agus le cruthaitheacht, ionas gur féidir le muintir Laoise iomlán a gcuid cruthaitheachta a thabhairt in inmhe…cláir a leagan amach agus a chothú trína gcuirtear le misneach an duine agus le caighdeán an tsaoil mar gheall ar phlé cruthaitheachta leis an mórtas áite.

Ar na luachanna is dlúthchuid den chlár ardaidhme a thabhairt i gcrích, tá
- Féachaint le barr feabhais a bhaint amach i ngach réimse den bheartaíocht cultúir agus cruthaitheachta
- Misneach a chothú i muintir Laoise a bheith ina gceannródaithe i réimse an chultúir
- Leas a bhaint as an gcruthaitheacht chun cur le caighdeán an tsaoil i gContae Laoise
- Cultúr an chomhair a chothú taobh istigh den údarás áitiúil agus ar fud an phobail i gcoitinne

Image ALT text

Opening a Window on the Past Léargas ar shaol bheirt bhan cheannródaíocha as Laois: Lucy Franks agus Helen Roe

Seoladh an foilseachán staire áitiúil, Opening a Window on the Past, le Staraí Cónaithe Laoise 2019/2020, Regina Dunne, ina bhfiosraítear saol bheirt bhan as Laois: Lucy Franks and Helen Roe, le linn Sheachtain Oidhreachta 2021.

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Bernie Foran

Leabharlannaí Contae agus Comhordaitheoir Éire Ildánach

Teagmháil

David Broderick

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Muireann Ní Chonaill

Oifigeach Ealaíon

Teagmháil

Thomas Carolan

Oifigeach Oidhreachta

Teagmháil

Donal Brennan

Stiúrthóir Seirbhíse

Teagmháil

Carmel McNicholl

Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach

Teagmháil

Rosa Flannery

Comhordaitheoir, Music Generation i gContae Laoise

Teagmháil

Michelle de Forge

Stiúrthóir Ionad Ealaíne Dhún Másc

Teagmháil

Ár Straitéis

CI_CCS_G_Laois_V1.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×