Skip to main content


Nuacht

Branda nua ealaíne idir TG4 agus Clár Éire Ildánach chun céiliúradh a dhéanamh ar ealaíontóirí

Scroll
4 min read

Branda nua ealaíne idir TG4 agus Clár Éire Ildánach chun céiliúradh a dhéanamh ar ealaíontóirí

4 min read

9/12/20

Branda nua ealaíne idir TG4 agus Clár Éire Ildánach chun céiliúradh a dhéanamh ar ealaíontóirí

Fógraíodh Samhlú, branda nua ealaíne idir TG4 agus Clár Éire Ildánach chun tacú le healaíontóirí agus le cruthaitheacht Éireannach a cheiliúradh le linn na bliana 2020.

Léireofar Samhlú 2020, ceiliúradh 90-nóiméad ar TG4 ar an 15ú Nollaig ag 9pm. Beidh an ceiliúradh lonnaithe i gCloch na Rón, Co na Gaillimhe agus is é Tommy Tiernan, a chuirfidh i láthair, a chéad chomhpháirtíocht le TG4. Léiriú éagsúil chultúir agus cruthaitheachta a bheidh ann, le léirithe ó Shane Hennessey, Moxie, Slow Moving Clouds, Julie Feeney, Morgan Bullock, David Geaney, Rónán Ó Snodaigh, Catherine Young Dance agus Vario. Chum an cumadóir Riverdance Bill Whelan píosa nua ceoil darbh ainm ‘Samhlú’, a chuirfear amach ansin don chéad uair le linn an chraolta.

SAMHLÚ 2020 | TG4 | Ealaín na Samhlaíochta

Open Video

Rogha de scannáin faisnéise gearrfhoirme nua é Samhlú Croí Cruthaitheach a mbeidh ealaíontóirí agus aos dána ó ar fud na hÉireann páirteach ann. Fiosróidh na gearrscannáin stílithe na tionchair a bhí ar an saothar atá déanta ag an aos dána in Éirinn. Tríd na scannáin seo, gheobhaidh an lucht féachana léargas nua agus mionsonraithe ar mar a ullmhaíonn an t-ealaíontóir é féin agus mar a dhéanann sé a chuid saothair a fhorbairt i bhfoirm stílithe dhílis.

Above:

Dúirt an tAire Catherine Martin said “Samhlú! Ní fhéadfadh an glao iontach seo lenár saol a athshamhlú teacht ag am níos fearr. Tabharfaidh an clár draíochtúil seo ardú croí dúinn i lár an gheimhridh i ndiaidh bliain thar a bheith deacair. Faoi stiúir roinnt de na daoine is fearr aithne i saol cultúir na hÉireann, is ceiliúradh é Samhlú ar na nithe iontacha go léir a chuireann ár gcuid ealaíontóirí ar fáil dúinn ar an saol seo. Thar ceann mo Roinne, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le TG4 agus leis na healaíontóirí a raibh baint acu le Samhlú a dhéanamh. Is comhartha ómóis é an clár iontach seo ar fhairsing a samhlaíochta agus a mbeartaíocht cruthaitheach.

 

Above:

Is éard a dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe Samhlú 2020 “Treisíonn an ceiliúradh seo ar ‘Samhlú’ bliain de chláracha breátha ealaíon agus cultúir do TG4. Bíonn an pobal agus an chruthaitheacht ag croílár gach a ndéanann TG4 i gcónaí. Ní raibh daoine, an chruthaitheacht agus an fholláine chomh nasctha riamh is a bhí siad le naoi mí. Tá áthas orainn a bheith ag obair i gcomhar le hÉire Ildánach chun go mbeidh teacht ag an bpobal ar ghaiscí agus shamhlaíocht chruthaitheach ar fud na hÉireann, tograí a bhain saol-dheimhniú leo i mbliain ar leith don phobal agus do dhaoine aonair.

Above:

Craolfar Samhlú 2020 ar TG4 Dé Máirt an 15 Nollaig ag 9:30pm agus beidh daoine ar fud an domhain ábalta féachaint air ar Sheinnteoir TG4 www.tg4.ie.

Taispeánfar Samhlú Croí Cruthaitheach ón 6ú Eanáir 2021.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×