Skip to main content


Nuacht

Briathra Beartacha - Dánaíocht Óige

Scroll
min read

Briathra Beartacha - Dánaíocht Óige

min read

14/11/20

Briathra Beartacha - Dánaíocht Óige

D'iarr Éire Ildánach ar dhream daoine óga a theacht inár gcuideachta ar an 22 Deireadh Fómhair 2019 don chéad chomhrá i sraith Briathra Beartacha - Dánaíocht Óige - plé leathanréimseach painéil lena ndearnadh ceiliúradh ar fhuinneamh paiteanta na ndaoine óga i measc lucht na cruthaitheachta in Éirinn.

Ba í Tara Stewart, DJ le 2FM, Bean an Tí agus ina cuideachta ar an stáitse, bhí Tebi Rex, an dís hip-hop nach fada uathu dul i gcion go mór ar an gcoitiantacht, Roxanna Nic Liam, aisteoir agus scríbhneoir, Molly Parsons, podchraoltóir agus Cian Newman, dearthóir éadaigh le Junk Kouture.

Chomh maith le coirm cheoil beo ó Tebi Rex, labhair Tara Stewart agus na haíonna go léir faoina dtaithí féin ar shaothar a chruthú, ar an bpróiseas oibre a chleachtann siad, ar an gcúnamh a tugadh dóibh i mbun ceoil, amharclannaíocht agus dearthóireachta agus bearta eile a d’fhéadfaí a dhéanamh a chuideodh le daoine óga eile a theacht in inmhe maidir lena gcuid cruthaitheachta. Pléadh freisin an leas a dhéanann saol cruthaitheachta don tsláinte meabhrach, an tarraingt a bhíonn idir cruthaitheacht mar chaitheamh aimsire agus mar shlí bheatha agus na deacrachtaí a bhíonn le sárú maidir le saothar cruthaitheachta a thabhairt i gcrích.

Briathra Beartacha: Dánaíocht Óige - Buaicphointí

Open Video

Stay up to date

×