Skip to main content
Culture Night 2015 Cork City Photo Credit: Clare Keogh


Nuacht

Píolótach na Scoileanna Cruthaitheacha chun na healaíona a chur sa seomra ranga

Rachaidh an clár píolótach atá díreach seolta chun tairbhe 150 scoil ar fud na tíre.

Le seoladh na maidine de Scoileanna Ildánacha feicfear na healaíona agus an chruthaitheacht i lár an aonaigh i seomraí ranga na hÉireann, agus táthar ag súil go mbainfidh 150 scoil tairbhe as ar fud na tíre.

Is iad an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan agus an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, a sheol Scoileanna Ildánacha, ar tionscnamh lárnach den Chlár Éire Ildánach é agus a chuireann na healaíona agus an chruthaitheacht i gcroílár saol leanaí agus daoine óga.

Tá sé faoi stiúir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Beidh suas le 150 scoil rannpháirteach sa chlár píolótach agus oibreoidh siad le healaíontóirí, le cleachtóirí cruthaitheacha agus le lucht oideachais chun a gclár ealaíon agus obair chruthaitheach sainiúil féin a fhorbairt, á nascadh leis an raon iomlán d’acmhainní agus deiseanna cultúrtha go háitiúil agus go réigiúnach.

Ina theannta sin, gheobhaidh gach scoil raon breise tacaíochtaí lena n-áirítear deontas aonuaire €2,000 agus oiliúint le haghaidh múinteoirí scoile.

Is bealach cumhachtach iad na healaíona trína féidir le leanaí agus daoine iniúchadh a dhéanamh ar chumarsáid agus comhoibriú, a samhlaíocht a spreagadh agus gníomh airgtheach a dhéanamh de agus a bhfiosracht atá de nádúr iontu a chothú. Is scileanna iad sin atá riachtanach do gach duine óg chun rudaí a fhoghlaim agus spreagtar scoileanna ar fud an Stáit chun iarratas a dhéanamh ar bheith páirteach sa tionscnamh nuálach seo.

Tá bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna uile na Roinne Oideachais agus Scileanna agus ionaid Ógtheagmhála ar fud na tíre incháilithe chun iarratas a dhéanamh, agus ba cheart do scoileanna ar spéis leo é:

Ag labhairt dóibh ag an seoladh i Central Model Senior School ar Shráid Mhaoilbhríde i mBaile Átha Cliath, dúirt Madigan agus an tAire Bruton gur léirigh an tionscnamh deis iontach do leanaí sna scoileanna rannpháirteacha.

Dúirt an tAire Madigan: “Is gné lárnach de Chlár Éire Ildánach an Rialtais é an treoirthionscadal Scoileanna Ildánacha. Ciallaíonn sé go dtabharfar maoiniú agus saineolas do scoileanna rannpháirteacha a chuirfidh ar a gcumas iniúchadh a dhéanamh ar thionchar féideartha na n-ealaíon agus na cruthaitheachta ar shaol na scoile.”

“Tá gach áit difriúil, agus tá gach scoil difriúil, agus táim ag tnúth go mór le feiceáil cén chaoi a ndearfaidh gach ceann den 150 scoil a gclár sainiúil féin,” a dúirt sí.

Dúirt an tAire Bruton: “Is scileanna riachtanacha iad cruthaitheacht agus solúbthacht d’aon duine óg i sochaí nua-aimseartha. Tugann na healaíona dúshlán do dhuine smaoineamh ar bhealach difriúil agus a bheith samhlaíoch chun réitigh a fháil ar fhadhbanna. Sin é an fáth a bhfuil rannpháirtíocht sna healaíona thar cionn chun cur ar chumas daoine óga a bheith samhlaíoch, criticiúil agus solúbtha.”

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Mholfainn d’aon tuismitheoir an tionscnamh seo a chur faoi bhráid scoil a linbh – agus mholfainn d’aon mhúinteoir nó príomhoide clárú inniu. Ba mhaith linn a dhéanamh cinnte go mbeidh raon scoileanna rannpháirteach sa chéim phíolótach – i gceantair dhifriúla den tír, amuigh faoin tuath agus sna cathracha, scoileanna DEIS, scoileanna speisialta, agus ionaid Ógtheagmhála.”

Toisc go bhfuil ról lárnach ag leanaí agus ag daoine óga sa phróiseas, tuigfidh na scoileanna a bheidh rannpháirteach, forbróidh siad agus déanfaidh siad ceiliúradh ar a gcuid rannpháirtíochta leis na healaíona, agus beidh an chumhacht acu fíorathrú a chur i bhfeidhm ar an mbealach a ndéanann siad a gcuid oibre. Oibreoidh siad ar raon acmhainní laistigh dá scoil agus den phobal i gcoitinne ag forbairt bealaí nua oibre a atreisíonn tionchar na cruthaitheachta ar fhoghlaim an scoláire, ar a fhorbairt agus ar a fhéinleas.

Osclófar na hiarratais an 20 Feabhra agus fógrófar na scoileanna a bheidh rannpháirteach i mí na Bealtaine 2018. Tosóidh an obair i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2018.

Stay up to date

×