Skip to main content


Nuacht

Comhdháil Éire Ildánach 2021

Scroll
2 min read

Comhdháil Éire Ildánach 2021

2 min read

19/03/21

Comhdháil Éire Ildánach 2021

D’fhógair Clár Éire Ildánach sonraí Chomhdháil Óige Ildánach 2021.

Reáchtálfar an chomhdháil – Cruthaitheacht: an Nasc lenár dTodhchaí, anois – ar líne agus beidh trí imeacht éagsúla mar chuid di i mí Aibreáin agus mí Bealtaine. Déanfar plé sna himeachtaí seo ar cheisteanna a bhaineann le soláthar deiseanna do dhaoine óga a bheith cruthaitheach laistigh dá scoileanna agus dá bpobail araon.

Mar chuid de phlé níos leithne ar Phlean Óige Ildánach – a foilsíodh i mí na Nollag 2017 – tugann an Chomhdháil seans do pháirtithe leasmhara machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na dúshláin atá romhainn agus na deiseanna atá ar fáil.

Cuirfear tús leis an gcomhdháil le hÓige Ildánach sa Chóras Oideachais, a bheidh ar siúl Dé Máirt 13 Aibreán, ó 12:30 go 2 i.n. Tar éis sin, beidh Óige Ildánach sa Phobal ar siúl ar an Déardaoin, 15 Aibreán (ó 12:30 go 2 i.n. chomh maith).

Labhróidh daoine éagsúla a ghlacann páirt i dtionscnaimh Óige Ildánach – ar nós Scoileanna Ildánacha agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Ildánach – ag an dá imeacht seo, agus tabharfar léargas ar chur i bhfeidhm Phlean Óige Ildánach go dtí seo.

Beidh comhdháil ardleibhéil, chomh maith, ar an Déardaoin, 13 Bealtaine ó 12 meánlae go 2 i.n.

Osclóidh an Taoiseach an imeacht seo, agus labhróidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, an tAire Oideachais Norma Foley agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman.

Beidh dhá phlé painéil sa phríomhchomhdháil seo. Labhróidh aíonna náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an lá: Andreas Schleicher (OECD), Michelle Cullen (Accenture), Arlene Forster (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta), Bo Stjerne Thomsen (Fondúireacht LEGO), an t-údar Roddy Doyle, Helene Hugel (Ealaíona Helium) agus an tOllamh Linda Doyle (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath).

Tá clárú don imeacht seo oscailte anois ag:

Cruthaitheacht – an Nasc lenár dTodhchaí, anois – Déardaoin 13 Bealtaine

Óige Ildánach sa Chóras Oideachais – Dé Máirt 13 Aibreán

Óige Ildánach sa Phobal – Déardaoin 15 Aibreán

Stay up to date

×