Skip to main content


Nuacht

#CreateAtHome – Beart Cruthaitheachta maidir le COVID-19

Scroll
3 min read

#CreateAtHome – Beart Cruthaitheachta maidir le COVID-19

3 min read

15/11/20

#CreateAtHome – Beart Cruthaitheachta maidir le COVID-19

Tá srian curtha ag na bearta diana chun an aicíd a chosc agus na saoránaigh a thabhairt slán ar na gnáthbhearta caidrimh agus cumarsáide a ghabhann leis an gcultúr agus leis an gcruthaitheacht. Os a choinne sin, is breá an rud daoine agus dreamanna éagsúla a fheiceáil agus iad ag tapú bealaí ildánacha nua chun iad féin a chur in iúl - cruthaitheacht nua na linne seo.

D’fhógair an tAire Josepha Madigan inniu roinnt de na deiseanna nua taitneamh a bhaint as bearta cultúir agus cruthaitheachta ar líne atá á gcur ar fáil ag na forais náisiúnta cultúir, an Chomhairle Ealaín, Fís Éireann, TG4 agus RTÉ, chomh maith le páirtithe nua de leithéid Facebook. Beidh cion tairbhe á dhéanamh ag Éire Ildánach chomh maith. As seo go ceann roinnt seachtainí, beidh rogha acmhainní cruthaitheachta ar líne saor in aisce á gcur ar fáil chun cuidiú le daoine #CreateAtHome. Idir iarsmalanna agus dhánlanna, ealaíontóirí, dearthóirí agus scríbhneoirí, is iomaí deis á thabhairt ag forais agus daoine aonair in Éirinn duit an chruthaitheacht a thapú agus d’intinn a bhíogadh agus tú asat féin.

Tá na páirtithe maidir le Fighting Words ag coinneáil leis an obair rífhiúntach trí acmhainní ar líne a thabhairt chun cinn le bonn treise a chur faoin scríbhneoireacht chruthaitheach i mBéarla agus i nGaeilge. Spreagfaidh Story-Starter, do scríbhneoirí na bunscoile idir 7 agus 12 bliana d’aois, an tsamhlaíocht sna leanaí agus cuideofar leo tús a chur lena scéal. Cuirtear fáilte roimh dhánta, scéalta, ficsean grafaice, drámaíocht agus eile ó dhaltaí dara leibhéal idir 13 agus 17 bliana d’aois lena dtiomsú in Analecta, cnuasach ar líne. Seiceáil a bhfuil ar siúl ar https://www.fightingwords.ie/news/we-want-your-stories-send-your-creative-writing-fighting-words

Éire Ildánach | Fighting Words

Open Video

Tá an dúshlán á shárú ag Amharclannaíocht Óige Éireann freisin. Tá beartaithe leathnú le tionscnamh na Léirmheastóirí Óga go mbíonn sé ar fáil don uile dhuine óg 16+ i rith thréimhse an chuibhrithe. Tá sin á thabhairt i gcrích trí Léirmheastóirí Óga Ar Líne a sheoladh Dé Máirt an 7 Aibreán. Iarrfar ar dhaoine óga léirmheas a chur faoi bhráid ar léiriú amharclannaíochta a chonaic siad beo os a gcomhair, sula raibh na srianta i bhfeidhm, nó, de rogha air sin, a chonaic siad ar líne. Tá cuid mhór acmhainní ar fáil i bPunann Acmhainní Léirmheastóirí Óga Amharclannaíocht Óige Éireann a chuideoidh le daoine óga ar mian leo triail a bhaint as an léirmheastóireacht, samplaí san áireamh de léirmheasanna a scríobh Léirmheastóirí Óga eile roimhe seo.

Tá comhar páirtnéireachta Music Generation ar fud na hÉireann ag leanúint den dícheall teacht ar bhealaí chun beocht a choinneáil sa cheol do leanaí agus do dhaoine óga ainneoin an scaradh sóisialta. Tá teagasc beo ar líne á chur ar fáil do cheoltóirí óga aonair, do ghrúpaí beaga agus do chompántais ag meithle ceoltóirí teagaisc ar chórais éagsúla, ina measc Zoom, Soundcloud, YouTube agus Moodle. Tá acmhainní digiteacha á gcur ar fáil saor in aisce freisin agus níos mó ná 40 físeán de sheisiúin teagaisc do dhaoine óga de gach aoisghrúpa agus leibhéal taithí ionas gur féidir leo foghlaim leis an ucailéile a sheinm sa bhaile https://rockjam.ie/ukulele-licence/. Beidh deis ag amhránaithe óga a bhíonn páirteach le Music Generation i gContae Lú ceangal le seimineár gréasáin faoi chantaireacht cóir i gcomhar le Sing Ireland an tseachtain seo chugainn.

Éire Ildánach | Music Generation

Open Video

Beidh Éire Ildánach agus Éire na Sláinte ag oibriú i gcomhar le Comhairle Dearthóireachta agus Ceardaíochta na hÉireann ar thionscnamh dar teideal Éire i mbun Ceirde, le hacmhainní nua ar líne chun daoine óga agus daoine fásta a spreagadh i mbun déantúsaíochta sa bhaile. I rith na seachtainí seo romhainn, fostóidh an Chomhairle meitheal lucht dearthóireachta agus ceardaíochta chun sraith de cheardlanna ar líne a chur le chéile maidir le réimse leathan ceirdeanna, uirlisí ceoil a dhéanamh as ábhar athchúrsála mar shampla, nó sraith faoi sheodra a dhéanamh a thaitneoidh le daoine de gach aoisghrúpa. Beidh béim an tseachtain tosaigh ar ‘Ghliceas Ceardaíochta’ le smaointe faoi mhaisiú an tí i rith na Cásca. Beidh ceardlanna idirghníomhaíochta agus físeáin teagaisc ghairide ina gcuid de na sraitheanna spraíúla spéisiúla seo go léir, iad á gcraoladh ar chainéal YouTube na comhairle.

Éire Ildánach | Comhairle Dearthóireachta agus Ceardaíochta na hÉireann

Open Video

Tá bealaí nua á n-aimsiú faoi thionscnamh suaitheantais an Chláir, Scoileanna Ildánacha, inar féidir leas a bhaint as scileanna na gComhaltaí Cruthaitheachta i dtaca le leanaí, daoine óga, scoileanna agus teaghlaigh a fud an chontae. Beidh sonraí níos mine ina leith sin á bhfoilsiú go gairid ag an gComhairle Ealaíon.

Éire Ildánach | Scoileanna Ildánacha

Open Video

Stay up to date

×