Skip to main content
Ireland Week in Los Angeles, 16-21 October.


Nuacht

Éiríonn LA Glas: Seachtain na hÉireann

Tabharfaidh lucht tallainne agus an dream is breátha as Éirinn aghaidh ar Los Angeles chun cultúr agus cruthaitheacht shainiúil an náisiúin a chur ar taispeáint.

Idir cheol agus na hamharc-ealaíona, an Ghaeilge agus tionscal na scannán, an nuálaíocht agus fhiontraithe, déanfar iniúchadh ar raon leathan scileanna, saineolais agus éachtaí Éireannacha sa chathair ar an gcósta thiar i rith Sheachtain na hÉireann, 16-21 Deireadh Fómhair.

Le tacaíocht ó Éire Ildánach, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Bord Scannán na hÉireann, Cultúr Éireann, IDA Éireann, Turasóireacht Éireann agus Fiontraíocht Éireann, i measc roinnt de bhuaicphointí Sheachtain na hÉireann tá taispeántas ar cheol na hÉireann, an chomhdháil faoi stiúir saineolaithe Connect 353, mar aon le preab-ghailearaí ealaíne agus fiú preab-Ghaeltacht.

Ar an 16 Deireadh Fómhair déanfaidh an taispeántas Music from Ireland gaisce mór as buanna breátha Lisa HanniganThe StrypesElm agus All Tvvins. Agus léireoidh an cumadóir, an scríbhneoir amhrán, an léitheoir agus an stiúrthóir scannán as Éirinn a bhfuil go leor gradam bainte amach aige agus atá lonnaithe in LA, Brian Byrne, a albam nua beo an 18 Deireadh Fómhair.

Ar an 19 Deireadh Fómhair ag an gcomhdháil Connect 353 pléifear leithéidí gheilleagar, nuálaíocht agus fhiontraíocht na hÉireann agus an domhain, sheasamh na hÉireann sna tionscail scannán, teilifíse agus cluichíochta mar aon le tionchar leathan cultúrtha ár dtíre.

I measc roinnt de na cainteoirí éagsúla ar an lá beidh an Teachta Dála Michael D’Arcy, Aire Stáit; Dan Mulhall, Ambasadóir na hÉireann do na Stáit Aontaithe; Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Voxpro Dan KielyNora Twomey agus Paul Young as Cartoon Saloon; an taibheoir agus an gníomhaí Rory O’Neill nó Panti Bliss mar is fearr aithne air; an t-aisteoir Fionnula Flanagan; agus stiúrthóir agus léiritheoir an scannáin Star Wars is déanaí, Rian Johnson agus Ram Bergman.

Foghlaim faoi na bealaí eile a mheallfaidh ár gcultúr saibhir beo LA ar sceideal iomlán Sheachtain na hÉireann.

Stay up to date

×