Skip to main content
Granard Harp Festival -Busking Competition


Nuacht

Féile Cruitireachta Ghránaird

I nGránard a bhíonn an fhéile cruitireachta is faide atá ar siúl, ón mbliain 1781 anuas, in Éirinn.

Tar éis bearna roinnt blianta, athbhunaíodh an fhéile sa bhliain 2018 i gcomhar le hIontaobhaithe Fhéile Cruitireachta Ghránaird agus Brainse John Dungan de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.

Is ceiliúradh an fhéile ar thraidisiún láidir cruitireachta an réigiúin agus cothaítear meas agus tuiscint ar an ealaín ársa seo chomh maith le gnéithe eile de cheol, d’amhránaíocht agus de dhamhsa traidisiúnta na hÉireann.  Eagraítear ceolchoirmeacha, ceardlanna, cainteanna, siúlóidí agus fiú amháin comórtas ceol sráide do dhaoine óga.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×