Skip to main content
Hands Image Stock


Nuacht

Iarratais á lorg do phainéal saineolaithe Scéim Chlár Éire Ildánach

Tugtar cuireadh d’iarrthóirí suim a léiriú ón 20 Bealtaine.

Tá painéal saineolaithe le roghnú chun cúnamh a thabhairt le measúnú ar thograí faoi Scéim nua Chlár Éire Ildánach 2018/19.

Féachann scéim nua 2018/2019 le réimse comhpháirtithe straitéiseacha a aithint agus tacú leo agus comhoibriú leo ar thograí fíor-nuálach. Cuirfidh sé seo go mór le luach agus le scála fheidhmiú an chláir agus cuideoidh sé le bonn eolais a chur faoi pholasaí agus/nó faoi fhorbairt thras-earnála i réimse an chultúir, na cruthaitheachta agus na forbartha. Tá deontais idir €10,000 agus €70,000* ar fáil do dhaoine aonair, d’eagraíochtaí, do ghrúpaí pobail, do choláistí agus d’institiúidí cultúrtha agus eile ó mhórchiste €500,000 don bhliain seo.

Ar cheann de thosaíochtaí Chlár Éire Ildánach in 2018 is ea comhoibrithe straitéiseacha a fhorbairt le réimse eagraíochtaí/daoine aonair d’fhonn tionscnaimh nua a shainaithint agus a fhorbairt a thacaíonn le beartais agus cuspóirí leathana Chlár Éire Ildánach agus chun líonra láidir comhpháirtíochtaí a sholáthar a thabharfaidh leibhéal nua nuálaíochta agus aireagáin chuig an gClár. Táthar ag súil go mbeidh na comhoibrithe straitéiseacha seo ina meicníocht thábhachtach don Chlár, go háirithe i dtéarmaí forbairt beartais.

Aithníodh trí théama mar réimsí tosaíochta don scéim: Folláine Aonair agus Chomhchoiteann, Nuálaíocht agus Ag Nascadh Pobal.

 

  • Folláine aonair agus chomhchoiteann: Is féidir go mbeadh tograí agus tionscnaimh bunaithe ar chruthaitheacht i gceist anseo (ach níl sé teoranta dóibh) a thacaíonn le forbairt polasaí sna réimsí seo agus a chuireann chun cinn iad: (a) sláinte fhisiciúil, shíceolaíoch agus intinne (b) comhtháthú sóisialta agus (c) timpeallachtaí inbhuanaithe, uileghabhálacha agus cothaitheacha.
  • Nuálaíocht: Is féidir go mbeadh tograí samhlaíocha agus nuálacha i gceist anseo (ach níl sé teoranta dóibh) i réimsí éagsúla ar nós iad seo a leanas: ailtireacht, faisean, oidhreacht, Gaeilge, físeáin, scannánaíocht, beochana, grianghrafadóireacht, ceol, taibhealaín, scríbhneoireacht chruthaitheach, na físealaíona, foilsitheoireacht, bogearraí/códú, raidió agus teilifís agus ceardaíocht agus dearadh, agus forbairt dornán cruthaitheach.
  • Ag nascadh pobal: Is féidir go mbeadh tograí agus tionscnaimh i gceist anseo a théann i ngleic leis an gcaoi ar féidir dúshláin phobail a shárú trí rannpháirtíocht a mhéadú i gcruthaitheacht, i gcultúr agus sna healaíona, go háirithe i bpobail iargúlta, tuaithe atá faoi mhíbhuntáiste agus/nó sa diaspóra.

 

Éilítear ar an bpainéal saineolaithe atá le bunú measúnú a dhéanamh ar na tograí a chuirtear isteach chuig an scéim.

Féadfaidh saineolaithe a bhfuil iarratas á dhéanamh acu a suim a léiriú i ndáil le réimse téamach amháin, nó meascán de réimsí, nó na trí cinn.

Tá an chéad ghairm do Scéim Chlár Éire Ildánach 2018/2019 ar iarratais ar oscailt anois le spriocdháta an 8 Meitheamh. Táthar ag súil go mbeidh an chéad phainéal i bhfeidhm le measúnú a dhéanamh ar na hiarratais seo.

Foghlaim tuilleadh faoi Scéim Chlár Éire Ildánach 2018/19 anseo.

Stay up to date

×