Skip to main content
National Print Museum


Nuacht

Ní mór gníomhú go pras leis an gcló a chaomhnú

Agus é mar aidhm ag an Músaem Náisiúnta Cló an cheird agus an oidhreacht thraidisiúnta a bhaineann leis an gcló a chaomhnú, tá sé ag cur na ndaoine cearta faoi oiliúint i scileanna ar leith an chló.

Mar cheann de na tionscnaimh faoin gCiste Náisiúnta Ildánachta de chuid Chlár Éire Ildánach, dírítear ar eolas agus scileanna na saineolaithe ar an gcló a chaomhnú in Making Our Impression agus táthar ag súil go mbeimid in ann iad a thabhairt do ghlúine amach anseo a mbeidh an dearcadh céanna acu.

Agus é lonnaithe i dTor an Bhacaigh, Baile Átha Cliath, is stór eolais é an Músaem Náisiúnta Cló ar innealra priontála brúchló, gan trácht ar an meabhrúchán iontach ar sheiftiúlacht an chine dhaonna atá le fáil ann. Bhunaigh baill de thionscal cló na hÉireann an Músaem sa bhliain 1996. Níl a leithéid le fáil áit ar bith eile sa tír agus is músaem gníomhach agus feidhmiúil é chomh maith. Tá ról lárnach fós ag an bpainéal bunaidh de chlódóirí agus de chló-eagraithe atá ar scor i gcaomhnú an bhailiúcháin agus na ceirde, agus bealach amháin a bhfuil sé sin á bhaint amach acu é an tionscadal tuisceanach Making Our Impression.

Is clár aistrithe scileanna é Making Our Impression agus cothóidh sé roinnt thábhachtach na scileanna traidisiúnta idir glúine éagsúla. Roghnófar rannpháirtithe an chláir go luath a mbeidh cúlra sa chló/sa dearadh acu. Bainfidh siad tairbhe as oiliúint ar innealra iontach agus ollmhór an Mhúsaeim, beidh siad rannpháirteach i gcláreagrú poiblí an Mhúsaeim agus beidh ról ríthábhachtach acu i gcaomhnú na ceirde seo.

Cuirfidh an ghlúin nua seo na scileanna sin ar aghaidh chuig an lucht féachana is mó is féidir trí chlár oideachais a cheapfar go sonrach don tionscnamh seo ina mbeidh deis ag gach duine in Éirinn a gcumas cruthaitheachta a bhaint amach tríd an gcló. Is bealach álainn í an cheird chun daoine éagsúla a nascadh le chéile, agus tá an ghné oideachasúil seo ríthábhachtach don Mhúsaem agus dá chuspóir an bailiúchán iontach seo a chaomhnú, a chosaint agus feasacht a ardú ina leith.

Tráth ar féidir an domhan iomlán a fhiosrú ach cnaipe amháin a chliceáil, tá sé tábhachtach go mbeadh meas againn ar na scileanna, na nuálaíochtaí dearaidh agus an t-am a caitheadh agus an fhoighne a bhí ag na daoine a chruthaigh an saol seo dúinn.

Ní mór dúinn gníomhú go pras leis an gcló a chaomhnú sa choirnéal cluthar seo i mBaile Átha Cliath.

Léigh tuilleadh faoin 30 tionscnamh faoin gCiste Náisiúnta Ildánachta anseo agus faoin Tionscnamh Making Our Impression anseo.

Stay up to date

×