Skip to main content
Poetry Old Pen


Nuacht

Scéim phíolótach a thugann rochtain níos éasca d’ealaíontóirí agus scríbhneoirí gairmiúla ar thacaíochtaí leasa shóisialaigh a seoladh

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Leo Varadkar TD, agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu, ann 12 Meitheamh sonraí na socruithe nua chun go mbeidh sé níos éasca ar ealaíontóirí agus scríbhneoirí rochtain a fháil ar thacaí leasa shóisialaigh. Rinne na hAirí an fógra ag ceanncheathrú nua Éigse Éireann ar Chearnóg Parnell, i mBaile Átha Cliath 1.

Beidh an tionscnamh, atá mar phríomh-ghealltanas faoin gclár Éire Ildánach, mar thaca ag ealaíontóirí féinfhostaithe a dhéanann iarratas ar an Roinn Coimirce Sóisialaí faoin liúntas cuardaitheora poist. Bainfidh an tionscnamh píolótach, a ndéanfar athbhreithniú air tar éis bliana, le hamharc-ealaíontóirí agus scríbhneoirí. Faoin mheicníocht nua, déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí soláthar d’aicmiú ealaíontóirí gairmiúla féinfhostaithe. Ní bheadh ealaíontóirí mar iad faoi réir an phróisis gníomhachtaithe go cheann 12 mhí. 

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá ealaíontóirí ag croílár an chláir Éire Ildánach agus tá fonn ar leith orm le tamall anois breis a dhéanamh chun aitheantas a thabhair do na dúshláin ioncaim a bhíonn ag ealaíontóirí. Ní leigheas iomlán í an scéim phíolótach seo, ach is comhartha soiléir í go n-aithníonn an Rialtas an ról ríthábhachtach lárnach a imríonn ealaíontóirí i sochaí na hÉireann agus go bhfuil meas agus luach againn ar an méid sin.

“Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Varadkar as a thacaíocht leanúnach don tionscnamh seo. Is go luath sa bhliain seo caite a casadh ar a chéile muid den chéad uair chun plé a dhéanamh ar an smaoineamh, agus tá gach tacaíocht faighte ó Leo ó shin. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh freisin leis an gComhairle Ealaíon a thug tacaíocht agus comhairle luachmhar maidir le reáchtáil na scéime. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh freisin le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann agus le hEalaíontóirí Radharcacha Éire as a n-ionchur agus treoir. Is iarracht foirne a thugamar chomh fada leis seo.

“Is tionscnamh píolótach é seo a bheidh ar fáil ar dtús do scríbhneoirí agus d’amharc-ealaíontóirí. Ardaíodh ceist ioncaim d’ealaíontóirí liom go rialta, agus tá dóchas agam go bhfeicfear an scéim phíolótach seo mar chéim an-dearfach don phobal ealaíne. Coinneofar súil ghéar ar chur i ngnímh an tionscnaimh phíolótaigh, sula ndéanfar breithiúnas ar na socruithe a chur ar fáil d’ealaíontóirí gairmiúla i ndisciplíní eile.”

g labhairt dó ag an bhfógra dúirt an tAire Varadkar:

“Tá ealaíontóirí lárnach do shochaí na hÉireann, agus creidimse nach bhfuil ann ach an ceart roinnt solúbthachta a cheadú laistigh den chóras leasa shóisialaigh a cheadaíonn d’ealaíontóirí rochtain a fháil ar thacaíocht leasa shóisialaigh nuair is gá. Go nuige seo, ba dheacair d’ealaíontóirí rochtain a fháil ar leas sóisialach agus ar ndóigh tarraingíonn ealaíontóirí fostaíocht bhreise orthu féin chun tacú lena ngairm.

“Ag leanúint den obair fhorleathan idir an dá Roinn, le hionchur ón gComhairle Ealaíon, ceadóidh an mheicníocht nua seo d’aicmiú ealaíontóirí gairmiúla féinfhostaithe mar seo chun críche rochtain ar thacaí leasa shóisialaigh. Fáiltím roimh rannpháirtíocht Ealaíontóirí Radharcacha Éire agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann sa phróiseas seo. Beidh na gnáthchórais srianta agus ceartúchán i gceist ionas nach mbeidh mí-úsáid á baint as an tionscnamh, ach is é an dóchas atá agam ná go mbeidh sé i bhfad níos éasca ag ealaíontóirí gairmiúla rochtain a fháil ar thacaí leas shóisialaigh nuair is gá.

“Tacaím go láidir leis an gclár Éire Ildánach, a bhfuil de chumas aige a bheith bunathraitheach ó thaobh beartas poiblí. Tá sé mar aidhm ag Éire Ildánach rochtain ar imeachtaí ealaíne agus cultúrtha agus rannpháirtíocht iontu a mhéadú. Tá sé mar aidhm freisin go mbeadh dóthain tacaíochta ag ealaíontóirí agus creidim gur ionann fógra an lae inniu agus forbairt an-dearfach mar a bhaineann leis an gceist.”

Social Welfare Pilot Scheme For Artists & Writers

Open Video

Stay up to date

×