Skip to main content


Nuacht

Seolann Youth Theatre Ireland Lámhleabhar ar an Uathachas chun tacú leis an ionchuimsiú

Scroll
2 min read

Seolann Youth Theatre Ireland Lámhleabhar ar an Uathachas chun tacú leis an ionchuimsiú

2 min read

11/03/21

Seolann Youth Theatre Ireland Lámhleabhar ar an Uathachas chun tacú leis an ionchuimsiú

"Go leana tú den turas seo go leathanaigeantach agus le do chroí oscailte do gach duine a chasfar ort ar an tslí ." Hannah O’Dwyer, AsIAm

Cuirtear fáilte sna ceardlanna a eagraítear in amharclanna óige gach uile seachtain, fud fad na tíre, roimh gach cineál duine, ina measc an-chuid daoine óga a bhfuil uathachas orthu. Tá treoirleabhar cuimsitheach foilsithe ag Youth Theatre Ireland chun tacú leis an ionchuimsiú sna hamharclanna atá comhcheangailte leis. Treoirleabhar é seo a thabharfaidh an t-eolas cuí do cheannairí na n-amharclann chun go mbeidh ar a gcumas oibriú le daoine óga a bhfuil uathachas orthu, a thagann chucu. Thug an Clár Éire Ildánach tacaíocht chun an áis seo a chur ar fáil.

Rinneadh é a fhorbairt i bpáirt le AsIAm, an Carthanas Náisiúnta don Uathachas. Tá fáil anois ar “A Handbook for Youth Theatre Facilitators: Supporting Young People on the Autism Spectrum” agus tá teacht air anseo nó ar an suíomh gréasáin atá ag Youth Theatre Ireland.

Is í Hannah O’Dwyer, Bainisteoir Oiliúna agus Oideachais AsIAm, a scríobh an treoirleabhar cuimsitheach seo a bhfuil sé de chuspóir aige an muinín a thabhairt d’áisitheoirí ina amharclanna óige, daoine óga a bhfuil uathachas nó donas néarónach eile orthu a chur san áireamh agus ceardlanna á bpleanáil agus á gcur i láthair acu. Cuireann sé roimhe deireadh a chur leis na scéalta gan bunús atá ann faoin uathachas chun go mbeidh, ina áit sin, tuiscint agus glacadh leis. Tá comhairle sa treoirleabhar i dtaobh dea-chleachtais inmholta ar baineadh úsáid astu cheana, agus ar éirigh thar barr leo, anseo in Éirinn agus thar lear. Eascraíonn an-chuid den chur chuige as ábhar a d’fhorbair áisitheoir Amharclann Óige Chill Chainnigh, Anna Galligan, agus baill óga na hamharclainne sin.

Is rud casta é an t-uathachas, a mbíonn tionchar aige ar an mbealach a dtéann an duine i ngleic leis an saol mórthimpeall air. Cé go ndéantar cur síos sa treoirleabhar ar na téamaí is coitianta caithfidh áisitheoirí a thuiscint, agus iad ag tacú le daoine a bhfuil uathachas orthu, nach n-oireann ‘an toise céanna do gach duine’. Daoine aonair iad ar fad. D’fhéadfá triail a bhaint as straitéis a bhí molta agus b’fhéidir go n-oibreodh sé thar barr le duine amháin a mbeadh uathachas air ach nach n-oibreodh sé beag ná mór le duine eile. Tá leagan ag AsIAm – ‘Nuair a chasann tú le duine amháin a bhfuil uathachas air casann tú le duine amháin a bhfuil uathachas air.’ Agus thú ag cabhrú le daoine óga is cuid den phróiseas é an triail agus earráid, chomh maith le hiarracht leanúint d’aithne níos fearr a chur ar an duine óg – dá mhéad aithne a bhíonn agat orthu, is ea is mó tacaíochta a bhíonn tú in ann a thabhairt dóibh. Caithfidh an t-áisitheoir, mar sin, a bheith foighneach, acmhainneach agus buanseasmhach, chomh maith le bheith muiníneach as a chumas gairmiúil agus as a thuiscint ar an duine óg.

Mar gheall go bhfuil uathachas orm is é an dúshlán is mó domsa ná an méid imní a bhíonn orm. Chuidigh sé liom nuair a labhair an t-áisitheoir liom duine ar duine agus nuair a thug sé an muinín agus an fhreagracht dom breathnú amach dom féin. Fiafraigh de dhaoine a bhfuil uathachas orthu an bhfuil aon rud a theastaíonn uathu. Ach, thar rud ar bith eile, caith leo mar a chaithfeá le duine ar bith eile agus lig dóibh a bheith freagrach astu féin.” – Aidan, Amharclann Óige Chill Chainnigh

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×