Skip to main content


Nuacht

Sult le baint arís as an gceol beo agus Festival in a Van ag bualadh bóthair

Scroll
2 min read

Sult le baint arís as an gceol beo agus Festival in a Van ag bualadh bóthair

2 min read

15/03/21

Sult le baint arís as an gceol beo agus Festival in a Van ag bualadh bóthair

Ionad nua soghluaiste taobh amuigh is ea Festival In A Van a thugann taispeántais bheo agus an draíocht a bhaineann leo go dtí na pobail ar fud na tíre, ar bhealach atá slán ó Covid. Le tacaíocht ó Éire Ildánach, tugann Festival in a Van bealach soghluaiste agus solúbtha do lucht féachana agus d’eagraithe imeachtaí chun dul i ngleic leis na srianta a bhaineann faoi láthair le léirithe beo.

Rinneadh athchóiriú iomlán ar thrí veain agus is tob-ionaid bheaga anois iad ina bhfuil stáitsí infhillte, lán-fhuaim agus rige soilsithe. Foireann de lucht amharclannaíochta gairmiúla atá i gceannas agus tá foireann Festival in a Van tar éis an léiriú taobh istigh a athrú ó bhonn agus é a chur in oiriúint d’ionaid taobh amuigh agus é mar mhisean acu tacú le healaíontoirí agus rochtain ar imeachtaí cultúir bheo a thabhairt do phobail bheaga. Beidh an mheitheal ar a bhfuil teicneoirí fuaime, bainisteoirí stáitse agus bainisteoirí léiriúcháin, iad ar fad lán-oilte ó thaobh sábháilteachta mar a bhaineann le Covid, ag taisteal leis na veaineanna, rud a chothóidh fostaíocht a bhfuil géar ghá leis in earnáil na tacaíochta imeachta.

Beidh an seó ag bualadh bóthair inniu agus cuirfidh siad seónna ar bun i bpáirceanna thithe altranais agus in eastáit tithíochta ar an gCeathrú Rua, sa Chlochán, i dTuaim, i mBaile Locha Riach, i mBéal Átha na Sluaighe agus i gcathair na Gaillimhe.

Anseo tá na Barcello Brothers, nach bhfuil aon teorainn leo, agus iad ag fágáil slán i mBaile Locha Riach.

Festival in a Van ag bualadh bóthair

Open Video

Ina dhiaidh sin stopfaidh siad ar 3 Deireadh Fómhair sa Chaisleán Nua, i gContae Luimnigh le haghaidh Éigse Michael Hartnett áit a mbeidh rannpháirtithe de chuid na héigse i mbun léamha, ina  measc Donal McCann, Rachel English agus Colum McCann.

Le haghaidh tuilleadh eolais i dtaobh Festival In A Van téigh chuig www.festivalinavan.com

Stay up to date

×