Skip to main content


Nuacht

Tá an Clár Éire Ildánach agus RTÉ ag cur fáilte roimh an tír #LonraighDoSholas a dhéanamh ar an 20ú Nollaig

Scroll
4 min read

Tá an Clár Éire Ildánach agus RTÉ ag cur fáilte roimh an tír #LonraighDoSholas a dhéanamh ar an 20ú Nollaig

4 min read

9/12/20

Tá an Clár Éire Ildánach agus RTÉ ag cur fáilte roimh an tír #LonraighDoSholas a dhéanamh ar an 20ú Nollaig

Tá an Clár Éire Ildánach, i gcomhpháirtíocht le RTÉ, ag cur fáilte roimh an tír a soilse a lonrú le #LonraighDoSholas Dé Domhnaigh 20ú Nollaig ag 8pm mar ghníomh dlúthpháirtíochta ar oíche ghrianstad an gheimhridh, an 20ú Nollaig.

I measc na suíomhanna ná:

  1. Teach solais Cheann Léime. Co an Chláir le portráidí grianghrafadóireachta le Jeannette Lowe in ómós do na oibrithe ar an líne tosaigh le linn na paindéime.
  2. Halla R&H, Cathair Chorcaí – íomhánna gaoil le Leanne McDonagh ar na ballaí.
  3. Caisleán Chill Chainnigh – turas dátheangach Manchán Magan ar na focail uile i gcomhair tadhaill daoine daonna ar bhallaí an Chaisleáin.
  4. An Séadchomhartha Wellington i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath, áit a dhéanfar sraith portráidí bróidnithe le Hazel Coonagh a theilgeadh.
  5. Together, At Least le Stephen Heffernan san Iarthuaisceart
  6. Tuar Reginald i gcathair Phort Láirge, áit a mbeidh pictiúr péinteáilte den ghrian ar thaispeáint le Isabel Nolan

Deir Catherine Martin T.D, Aire Turasóireachta, Ealaíne, Cultúir, Meáin, Spóirt agus na Gaeltachta: “Tá teachtaireacht shimplí dóchais le feiceáil i Lonraigh Do Sholas, curtha ar fáil ag roinnt dár n-ealaíontóirí is fearr. Tríd an samhlaíocht, is féidir linn deireadh a chur le bliain amháin agus tús a chur leis an chéad cheann eile. Ligimís do 2021 a bheith lán le healaín, litríocht, drámaíocht, ceol, rince agus thar aon rud eile, dóchas. Comhghairdeas le RTÉ agus an Clár Éire Ildánach as clár cultúir an-éasgúil a chruthú, gur féidir lenár saoránaigh taitneamh a bhaint as ó aon áit.”

Clár speisialta 30 nóiméad é Shine Your Light – Solstice a bheidh ar RTÉ a hAon ar an 20ú Nollaig. Déanfar ceol ó Damien Dempsey, Erica Cody, Sharon Shannon, Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ a chraoladh in éineacht le taispeántas beo le híomhánna ó timpeall na tíre le daoine ag lonrú a soilse.

Stay up to date

×