Skip to main content


Nuacht

Tá páistí á lórg ag Fighting Words agus scríbhneoirí Éireannacha le cabhair a thabhairt dóibh le 12 Scéal na Nollag a chríochnú

Scroll
3 min read

Tá páistí á lórg ag Fighting Words agus scríbhneoirí Éireannacha le cabhair a thabhairt dóibh le 12 Scéal na Nollag a chríochnú

3 min read

9/12/20

Tá páistí á lórg ag Fighting Words agus scríbhneoirí Éireannacha le cabhair a thabhairt dóibh le 12 Scéal na Nollag a chríochnú

Tá roinnt de na scríbhneoirí agus aisteoirí is cáiliúla in Éirinn ag teacht le chéile le tacaíocht a thabhairt do Fighting Words agus don Chompántas Amharclainne Graffiti le tionscadal cruthaitheach scríbhneoireachta do pháistí a chur le chéile.

Le tacaíocht ón gClár Éire Ildánach, tá 12 Scéal na Nollag tar a éis roinnt de na scríbhneoirí is cáiliúla in Éirinn a earcú, Cecelia Ahern, Eoin Colfer, Lisa McGee, Shane Hegarty, Roddy Doyle agus Louise O’Neil ina measc. D’iarr siad orthu réamhrá 200 focal a scríobh do scéal Nollag uathúil agus tá siad ag iarradh ar pháistí idir 7-12 na scéalta a chríochnú ina bhfocail féin agus iad a roinnt thar na meáin shóisialta.

12 Scéal na Nollag - Aire Catherine Martin

Open Video

Leis na scéalta seo a dhéanamh beo, déanfaidh aisteoirí Éireannacha mór le rá na réamhráite a léamh, aisteoirí ar nós Hilary Rose agus Shane Casey (The Young Offenders), Bronagh Gallagher, Kwaku Fortune, Fionnuala Flaherty agus Mairtín Ó Dhubhghaill. Déanfar gach scannán a chur ar fáil do bhunscoileanna in éineacht le bearta acmhainní ar son múinteoirí ionas gur féidir le páistí páirt a ghlacadh sa tseomra ranga. Craolfar na físeáin ar Afterschool Hub ar RTÉ – agus beidh na bearta acmhainní ar fáil do thuismitheoirí/caomhnóirí ar an suíomh greasáin Fighting Words.

Fighting Words: 12 Scéal na Nollag

Open Video

Is iad scríbhneoirí an 12 Scéal na Nollag ná Cecilia Ahern, Eoin Colfer, Lisa McGee, Shane Hegarty, Sheila O’Flanagan, Áine Ni Ghlinn, Roddy Doyle, Chiamaka Enyi-Amadi, Stephen James Smith, Myra Zepf, John McCarthy, Louise O’Neill.

Is iad na haisteoirí a léifidh an 12 Scéal na Nollag ná Shane Casey, Hilary Rose, Bronagh Gallagher, Fionnuala Flaherty, Úna Kavanagh, Kwaku Fortune, Amaya Gillespie, Máirtín Ó Dubhghaill, Eoin Mac Diarmada agus Muireann Ní Raghallaigh.

Le páirt a ghlacadh, breathnaigh ar leathanach Facebook Fighting Words agus scríobh trácht faoi gach scéal nua nó déan póstáil ar do cheann féin agus déan clibeáil ar Fighting Words, Compántas Amharclainne Graffiti agsu Éire Ildánach.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×