Skip to main content


Nuacht

Téann daoine óga i gCromadh i ngleic leis an mbás agus leis an uaigneas tríd an gcruthaitheacht agus an tsiúinéireacht.

Scroll
3 min read

Téann daoine óga i gCromadh i ngleic leis an mbás agus leis an uaigneas tríd an gcruthaitheacht agus an tsiúinéireacht.

3 min read

11/03/21

Téann daoine óga i gCromadh i ngleic leis an mbás agus leis an uaigneas tríd an gcruthaitheacht agus an tsiúinéireacht.

“Ní hé amháin gur tharraing an cheardlann seo aird ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an mbás ach chomh maith leis sin chuir sé bealach cruthaitheach ar fáil chun dul i ngleic leis an mbriseadh croí.’’

Dúirt fear críonna tráth: “Tá an saol mar a bheadh bád ann ar an bhfarraige. Nuair a bhíonn an fharraige garbh níl aon bhealach le do bád a choinneáil ag imeacht seachas coinneáil ort ag rámhaíocht.” Dearcadh saoil deimhneach ar nós é seo a bhí taobh thiar den tionscnamh saoirseacht bád de chuid UBU Chromadh a bhí ar bun an samhradh seo caite. Mar chuid de thionscnamh Meabhairshláinte agus Folláine na bhFear Óg, bhain an fhoireann i gCromadh úsáid as maoiniú riachtanach ón LCYP agus ó Foróige chun ceardlann phraiticiúil saoirseacht bád a eagrú. Thug an togra spreagúil seo an deis do naonúr fear óg oibriú i bpáirt le chéile cúig lá na seachtaine ar feadh trí seachtainí, ar thogra tochtmhar a mbeadh i bhfad níos mó i gceist leis ar deireadh thiar ná díreach saoirseacht bád.

Tugadh deis dóibh scileanna siúinéireachta a fhoghlaim agus naomhóg beirte agus maidí rámha a tharraingt, a ghearradh amach agus a chur le chéile, ach anuas air sin is togra leanúnach solúbtha a cuireadh os a gcomhair ina mbeadh na hógánaigh iad féin i mbun stiúrtha ar an gcruthaitheacht i gcaitheamh an ama. Thug an tionscnamh le chéile grúpa a raibh sé mar sprioc aontaithe acu a mbád a réiteach don fharraige agus bhí sé mar rud i bpáirt acu freisin go raibh cuid mhaith acu, chomh maith, ag dul i ngleic le bás daoine muinteartha leo.

Is siombail é seo ar go leor bealaí den ghá atá ann a bheith réitithe don saol, mar d’inseodh aon mhairnéalach maith duit go scriosfaidh an t-uisce do bhád má scaoileann tú isteach é ach go bhfuil an t-uisce atá faoin mbád ag tacú léi. Bhí an tacaíocht seo ó thaobh na mothúchán chomh tábhachtach céanna ar deireadh thiar leis an taithí praiticiúil ach chuaigh siad níos faide ná sin nuair a mhéadaigh siad an bád agus nuair a thug siad faoi bhoscaí uirlisí agus plaiceanna a dhéanamh sa cheardlann. Ina dhiaidh sin déanadh dearadh ar na píosaí speisialta seo i gcuimhne ar na daoine muinteartha leo a bhásaigh, tuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha, seantuismitheoirí agus cairde. Thit sé seo amach díreach mar a theastaigh ón bhfoireann i gCromadh: ní hé amháin gur tharraing an cheardlann aird ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an mbás, ach thug sé bealach cruthaitheach freisin chun dul i ngleic leis.

“Thug na fir óga ar fad a bhí páirteach ann le fios dúinn gur mhaith leo go leanfaí leis na ceardlanna, agus de bharr go bhfuil breis mhaoinithe ar fáil tá sé i gceist ag an bhfoireann agus an mBord Oideachais agus Oiliúna leanúint leis an togra agus tógáil ar a bhfuil bainte amach cheana féin.”– Kirsty Boucher Oibrí Togra, Togra UBU d’Óige Cheantar Chromadh, Foróige

Ceann de thrí chlár píolótach náisiúnta is ea Comhpháirtíocht Óige Ildánach Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir, a oibríonn le heagraíochtaí do dhaoine óga agus le eagraíochtaí pobail chun deiseanna ó thaobh na cruthaitheachta a chur ar fáil do dhaoine óga. Is cuid den chlár Óige Ildánach atá faoi Éire Ildánach iad na comhpháirtíochtaí seo agus tacaíonn siad le clár Cónaitheachtaí Ealaíon don Óige an LCYP, clár a fhaigheann maoiniú ón bpacáiste spreagtha a chuir Rialtas na hÉireann ar fáil i mí Iúil.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×