
Club Bláthanna agus Gairdín Dhún Búinne
Tugann Club Bláthanna agus Gairdín Dhún Búinne agus an t-ealaíontóir Alan Phelan an ealaín a bhaineann le cóiriú bláthanna agus le grianghrafadóireacht le chéile i mbailiúchán ar leith.
Chaith Club Bláthanna agus Gairdín Dhún Búinne naoi mí ag obair i stiúideo an ealaíontóra i Stiúideonna Bharra an Teampaill in éindí le Alan, ag roinnt a gcuid saineolais d'fhonn an stair dearmadta a bhaineann le cóiriú bláthanna agus le grianghrafadóireacht a fhiosrú.
Féach cad atá ar siúl
Hinterland Festival
Tea & Tunes
Guth Gafa International Documentary Film Festival
Navan Male Voice Choir
Femme Bizarre/Louise Lowe
Sensory Pod - Oldcastle Autism Support Group
Foireann Cultúir agus Cruthaíochta
Ár Straitéis
Is ábhar mórtais ag Comhairle Chontae na Mí a bheith chun tosaigh maidir le cuidiú le cúrsaí ealaíne, oidhreachta agus litríochta i gContae na Mí ar bhealach a chinntíonn caidreamh dáiríre le cúrsaí cultúir, aidhmeanna faoi Éire Ildánach a thabhairt i gcrích agus deiseanna rannpháirtíochta ag saoránaigh an chontae.
...
Caomhnófar agus cothófar an oidhreacht cultúir agus litríochta agus déanfar scríbhneoirí nua a spreagadh agus a chothú le linn dóibh a bheith ag teacht chun cinn. Féachfar leis an gcultúr a bheith ina ghné lárnach d'obair an údaráis áitiúil agus le daoine gairmiúla a cheapadh chun seirbhísí cultúir slánchóirithe a chur ar fáil de réir mar a bheadh leagtha amach ag Éire Ildánach. Tá de rún againn an lucht ealaíne agus cruthaitheachta a chothú i mbun a gcuid saothair le cúnamh airgid, taighde agus forbairt ghairmiúil, spás oibre agus obair bolscaireachta. Cuirfear leis an infreastruchtúr cultúir agus cruthaitheachta d'fhonn tionscnaimh áitiúla, gairmiúla, amaitéaracha agus pobail a chothú agus buntáiste a chruthú a mbíonn tairbhe ag an uile dhuine as maidir le caighdeán an tsaoil agus cúrsaí eacnamaíochta.