Skip to main content

Náisiún
Ildánach

7 bhfíric aisteacha faoi olann in Éirinn

Scroll
2 min read

7 bhfíric aisteacha faoi olann in Éirinn

2 min read

8/09/23

7 bhfíric aisteacha faoi olann in Éirinn

Agus é ceilte go maith agus gan fáil air ach i gcúpla áit fánach in Éirinn tá traidisiún againn a théann siar na céadta bliain atá chomh saibhir agus chomh buan lenár dtírdhreacha: ceird olla na hÉireann.

Tá gréasán den stair, den chultúr agus den cheardaíocht a bhí againn leis na cianta fite fuaite i dtionscal olla na hÉireann agus má tharraing tú ort geansaí cluthar Árann lá seaca san fhómhar, nó má bhí tú riamh deas teolaí le cupán tae faoi phluid olla a raibh teas fós inti ón bprios te, tuigfidh tú cad atá i gceist againn.

Tá muid ag súil go mór leis an gcruthaitheacht atá curtha agaibhse go léir leis an mBalla Olla a fheiceáil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i mbliana, beidh muid ag fiosrú cúpla fíric a bhaineann le saol fíorspéisiúil olla na hÉireann agus ag tabhairt léargais ar an oidhreacht bhuan a d’fhág sí i dtionscal an fhaisin agus i gcroílár oidhreacht na hÉireann.

Is sárshnáithín í an olann

An raibh a fhios agat go bhfuil olann na hÉireann frithbhaictéarach, hiopailléirgineach agus gur féidir léi teocht a rialú go nádúrtha, chomh maith le bheith 100% inbhuanaithe, in-athnuaite, agus fiú inmhúirínithe?

Bhíodh muileann olla i ngach contae in Éirinn tráth

Fiú le linn an Ghorta Mhóir, bhí na scileanna a bhain le ceird na holla, ceird a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin, le feiceáil i stíleanna sainceaptha, i bpatrúin fíodóireachta agus i ndearaí cruthaitheacha, rud a chothaigh bród agus suaimhneas sna daoine a raibh na pluideanna, seálta, geansaithe, stocaí agus scaifeanna acu. Sa lá atá inniu ann, níl fanta againn ach dornán beag muilte.

Sa lá atá inniu ann, is mó feola ná olann a dhíolann feirmeoirí caorach na hÉireann 

Mar gheall ar athruithe a bheith tagtha ar chúrsaí geilleagair agus ar an éileamh domhanda agus méadú a bheith tagtha ar an mearfhaisean, tá tionscal olla na hÉireann imithe ar gcúl. Faoi láthair is minic a thugtar le fios go bhfuil sé níos costasaí do na feirmeoirí caoirigh a bhearradh ná mar atá sé an olann a dhíol, rud a fhágann nach é amháin go bhfuil an tionscal ag meath ach go bhfuil an cheardaíocht agus an chruthaitheacht thraidisiúnta atá mar chuid dár n-oidhreacht, agus a bhí ina cuid lárnach d’fhéiniúlacht na hÉireann le fada an lá, ag dul i léig chomh maith. 

Above:

Is féidir í a úsáid chun tithe a insliú

Tugann an olann rogha eile dúinn seachas an t-insliú caighdeánach a bhíonn déanta go minic as snáithínghloine, ceallalós nó adhmad corc agus ní dhéanann sí aon dochar don timpeallacht. Go deimhin, d’fhéadfadh go mbeadh níos mó éilimh ar olann le haghaidh tógála ná ar olann don tionscal éadaigh, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh borradh de shaghas éigin faoi tháirgeadh na holla in Éirinn.

Bhí cúis le go raibh an-cháil ar gheansaí Árann 

Bhíodh geansaí cáiliúil Árann, as Oileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe, déanta i dtús ama as olann nach raibh sciúrtha déanta air leis an úsc olla nádúrtha a bhí ann a bhaint as. Cineál ola a bhí san úsc olla seo a ghin na caoirigh agus bhí na geansaithe féin uiscefhriotaíoch dá bharr. Mar gheall ar an gcáil a bhí ar an úsc ina dhiaidh sin, tugadh aitheantas oifigiúil don chaora dúchasach de chuid na hÉireann ónár tháinig sé, agus tugadh “The Galway” ar an gcaora.

B’fhéidir gur de bharr léiriú amharclainne a thosaigh an scéal adhfhuafair faoi gheansaithe Árann nach bhfuil bunús ar bith leis 

​​I ndráma de chuid John Millington Synge, Riders to the Sea, a scríobh sé in 1904, bhí cur síos ar oileánach básaithe nach n-aithneofaí murach na stocaí cniotáilte a bhí air. Ceaptar gur mar seo a thosaigh an scéal, nach bhfuil bunús ar bith leis, go mbíodh na dearaí ar gheansaithe Árann déanta sa chaoi go n-aithneofaí coirp iascairí a bheadh báite i bhfarraigí na hÉireann. Níl aon tagairt do gheansaithe Árann sa dráma, áfach.

Above:

Tá daoine cáiliúla feicthe ag caitheamh olann na hÉireann

Ón lá ar chuir The Clancy Brothers geansaí Árann ós comhair an lucht féachana teilifíse agus iad ag seinm ar an Ed Sullivan Show, tá grianghraif tógtha de dhaoine cáiliúla ó Marilyn Monroe agus Steve McQueen go dtí Gwyneth Paltrow, Rob Patterson agus go leor eile agus iad ag caitheamh an gheansaí aitheanta seo. 

Dúshlán Náisiúnta an Bhalla Olla

Agus ról chomh tábhachtach sin ag an olann i gcultúr, i gcruthaitheacht agus i bhféiniúlacht na hÉireann thar na blianta, táimidne, in éineacht lenár gcomhpháirtithe Wool in School, ag cur dúshlán an-speisialta roimh an bpobal i mbliana ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta a bheidh ar siúl i Ráithín an Uisce i gContae Laoise, agus teastaíonn do chabhair uainn!

Bí linn sa phuball a bheidh ag Roinn Cultúir, Cruthaitheachta, Nuálaíochta agus Spóirt Rialtas na hÉireann i mBloc 3, Sraith 23, áit a mbeidh deis agat páirt a ghlacadh i ndúshlán cniotála tapa atá deartha chun tú a cheangal leis an traidisiún cruthaitheach seo atá fréamhaithe go domhain agus ionas go mbeidh do chuid scileanna le feiceáil mar chuid dár Mórbhalla Olla. 

Is cuma an tosaitheoir thú nó an bhfuil máistreacht agat ar an mbiorán cróise, tá d’ionchur tábhachtach. Feicfidh muid ann thú!

Buíochas le hOlann ar Scoil, Galway Wool, Ciaran’s Yarns, Donegal Yarns agus Ériu Ireland.

 Léigh tuilleadh faoin Dúshlán #WallOfWool ag an gComórtas Treabhdóireachta anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×