Skip to main content

Náisiún
Ildánach

An Fhilíocht Uirbeach: An Ealaín Sráide a tharraing aird in Éirinn sa bhliain 2021

Scroll
5 min read

An Fhilíocht Uirbeach: An Ealaín Sráide a tharraing aird in Éirinn sa bhliain 2021

5 min read

6/12/21

An Fhilíocht Uirbeach: An Ealaín Sráide a tharraing aird in Éirinn sa bhliain 2021

Chun cor ealaíonta a chur sna siúlóidí chun na hoibre, an spaisteoireacht tríd an mbaile nó an sciurd sciobtha ar na siopaí, tugann cultúr bríomhar ealaíne sráide na hÉireann ardú céime d’aghaidheanna coincréite leamha, do bhoscaí leictreachais agus rudaí eile nach iad, ionas gur rudaí fíor-áille a bhíonn iontu.

Le dhá bhliain anuas díríodh an-aird ar an luach nádúrtha doshéanta a bhaineann leis na healaíona sráide agus leis an ngraifítí cruthaitheach agus muid ar fad ag tabhairt aghaidh ar an dianghlasáil agus ar shaol laethúil a bhí srianta. Nuair nach raibh íocshláinte á fháil againn ó na gailearaithe agus na spásanna ealaíne is ansa linn, thug go leor againn faoi deara go raibh ár gcomharsanachtaí mar a bheadh canbhásanna cruthaitheacha uathúla ann.

In 2020, thacaigh Éire Ildánach le roinnt tionscadal ealaíne sráide ó leithéidí an ealaíontóra graifítí clúiteach Aches, Waterford Walls agus SEEK Arts i nDún Dealgan. Anois agus muid ag druidim le deireadh 2021, táimid ag breathnú siar ar an iliomad tionscnamh ealaíne sráide eile ar thug Éire Ildánach tacaíocht dóibh le 12 mhí anuas.

Graffiti artist, Aches

"Is foirm ealaíne do gach duine é, bealach iontach don ghnáthdhuine le breathnú ar ealaín"

I gCorcaigh, chuir Ardú Street Art Project sárthaispeántas ar fáil ina raibh ealaín sráide áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, rud a chuaigh i bhfeidhm go mór ar mhuintir na cathrach. Cuireadh ardán a raibh an-tionchar aige ar fáil do phéintéirí múrmhaisithe ar thaobhanna agus ar bheanna na bhfoirgneamh in áiteanna feiceálacha ar fud na cathrach. Tá sé mar aidhm ag Ardú an ealaín sráide a dhéanamh níos inrochtana don phobal trí idirphlé, ceardlanna agus turais, ionas go mbeidh ar deireadh thiar, níos mó measa air.

Cé go bhfuil an t-ealaíontóir Conor Harrington, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, lonnaithe i Londain is i gCorcaigh mar sin féin a rugadh é. Le haghaidh Ardú, chruthaigh Conchúr múrmhaisiú iontach ag an mbealach isteach chuig Páirc an Easpaig Lucey ar Shráid an Chapaill Bhuí, agus an Margadh Sasanach mar spreagadh aige.

Street art mural in Cork

 

 

Chruthaigh an t-ealaíontóir Friz, a rugadh i Sligeach, múrmhaisiú le haghaidh Ardú ag Bóthar Fhionnbharra. Taispeánann sé seo an Bandia Maorga Clíodhna agus fuair Friz spreagadh dá stíl ó mhósáicí i Séipéal Uí Eonáin agus ó ghloine daite Harry Clarke, atá molta go hard. I measc na n-ealaíontóirí eile a bhí rannpháirteach sa tionscadal bhí Shane O’Malley – a gcuireann a mhúrmhaisiú ildaite beocht i mBóthar Ghleann Maighir Íochtarach – agus Asbestos atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus a chruthaigh saothar tarraingteach dar teideal ‘What is Home?’ ar an bPríomhshráid Theas.

Tháinig múrmhaisiú Asbestos, a raibh an-ábhar machnaimh ann, sa seachtú háit san iris mhíosúil  Street Art Cities‘ agus iad ag roghnú na 10 saothar ab fhearr ar fud an domhain do Dheireadh Fómhair. Comhartha suntasach aitheantais ón bpobal ealaíne sráide domhanda é seo.

I , bhí SEEK Urban Art Festival ar siúl den tríú huair i mbliana. Tá an fhéile dírithe ar na hamharcealaíona a chur chun cinn i nDún Dealgan agus ceiliúradh á dhéanamh ag an am céanna ar stair agus ar phearsantachtaí an cheantair agus tugadh cuireadh d’ealaíontóirí sráide Éireannacha agus idirnáisiúnta a n-ealaín a úsáid chun cur le sráid-dreach an bhaile.

Bhí sé de cháil ar SEEK Urban Art Festival freisin gur chruthaigh sé an múrmhaisiú is airde sa tír! Phéinteáil an t-ealaíontóir Astrálach Sam Bates aka Smug One, an múrmhaisiú mórthaibhseach seo atá 41 méadar ar airde, agus a léiríonn an Diaghaiscíoch Lugh (Lú), ar Óstán an Crowne Plaza i mí Mheán Fómhair. Chomh maith leis sin tháinig an múrmhaisiú seo, a chuirfeadh meadhrán i do cheann, sa cheathrú háit san iris mhíosúil Street Art Cities‘ agus iad ag roghnú na 10 saothar ab fhearr ó gach cearn den domhan do mhí Dheireadh Fómhair.

Mural of warrior on tall building

Ní hiad na ballaí agus na foirgnimh amháin a bhain tairbhe as athmhaisiú ó channaí spraeála, is féidir le dath slacht a chur fiú ar an mbosca leictreachais bocht.

Sin rud a fheicfidh tú i nGaillimh, a bhuíochas sin do 10 n-ealaíontóir áitiúil, ina measc Naoise Sheridan, Margaret Nolan agus Tracey Moca, a roghnaíodh chun 100 bosca leictreachais a phéinteáil ar fud na cathrach. Cuireann sé seo leis an sráid-dreach agus léiríonn sé gur féidir le rud ar bith a bheith ina chanbhás don chruthaitheacht, fiú an chuid is feidhmiúla de na suiteálacha.

Thall i gCiarraí, tá roinnt tionscadal ag cur dlús leis an gcruthaitheacht sa Ríocht. Rinne an t-ealaíontóir Curtis Hylton an múrmhaisiú ar mhórscála atá feadh Rotharbhealach na Fleisce i gCill Airne agus atá ag cur thar maoil le háilleacht na bithéagsúlachta agus é ina thaispeántas den fhlóra, den fhána agus den fhiadhúlra a fhaightear i bPáirc Náisiúnta Chill Airne in aice láimhe.

Athraíonn tionscadal Carachtair Lios Tuathail focail ó fhilí, scríbhneoirí agus amhránaithe Chiarraí Thuaidh chun múrmhaisiú clóghrafaíochta a chruthú ar fud an bhaile. Go dtí seo, tá na healaíontóirí GW Joyce agus Mack Signs – Cormac Dillon agus Louise Gardiner – tar éis sleachta ón bhfile Brendan Kennelly agus an t-údar Maurice Walsh a athshamhlú in oibreacha feiceálacha ar bheanna. Tá tuilleadh le teacht, coinnigh súil ar an spás seo!

I gCill Dara, mhaisigh an t-ealaíontóir Solus Art Leabharlann Léim an Bhradáin le sár-múrmhaisiú a tharraingíonn aird ar an taitneamh atá le baint as an léitheoireacht; agus i Mainistir Eimhín, tá ioraí rua agus gairleog fhiáin ag maisiú na mboscaí fóntais áitiúla mar thoradh ar obair an ealaíontóra Marie Moylan.

Cén chosúlacht atá idir a iasc, róbat, carr agus ochtapas? Léirítear iad ar fad go hiontach i gContae an Chláir mar chuid den tionscnamh iontach Ealaín Dhraenáil Sráide na hInse!

Ó mhí Aibreáin i leith bhí cónaitheoirí in Inis ag tabhairt suntais do na ceithre shaothar ealaíne samhlaíocha seo, chomh maith leis na sé cinn a cruthaíodh in 2020. Agus iad go spraíúil ag déanamh carachtair bhríomhara as gráta draein leamh, chruthaigh an lánúin phósta Giordana Giaché agus Martin Shannon na hoibreacha, chun blas beag ealaíne a chur faoi chosa na ndaoine.

 

Spreag grianghrafadóireacht JJ Clarke, ó Bhaile na Lorgan ó dhúchas, an chéad cheann de shraith múrmhaisithe i Muineachán. Tá sé i gceist leis an saothar seo roinnt gnéithe den stair, oidhreacht agus cultúr áitiúil a cheiliúradh, agus is é an chéad saothar i dtionscadal Múrmhaisithe Mhuineacháin ná athshamhlú iontach ar ghrianghraf de chuid Clarke ‘York Street, a chruthaigh an t-ealaíontóir Ominous Omin.

Above:

Agus ealaín sráide á nascadh le gníomhaíochas inbhuanaitheachta, tá an tionscadal Street Art for the Goals i bPort Láirge ag iarraidh feasacht a ardú maidir le 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Chun oideachas comhshaoil á chur ar fáil ag 17 suiteáil amharcealaíne leagann na hoibreacha béim ar an gcúis agus cuireann siad le háilleacht na spásanna poiblí áitiúla freisin. Tá na suiteálacha á bhforbairt ar fud an chontae agus úsáid á bhaint as modhanna nuálacha, cruthaitheacha agus inbhuanaithe éagsúla.

Léigh tuilleadh faoi thionscadail ealaíne sráide a bhfuil tacaíocht acu ó Éire Ildánach: Aches and the Creative Explosion of Irish Graffiti Art

Stay up to date

×