Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Tabharfaidh tionscnaíocht darbh ainm Age & Opportunity ceol, rince agus amharclannaíocht dóibh siúd i suíomhanna cúraim timpeall na hÉireann

Scroll
4 min read

Tabharfaidh tionscnaíocht darbh ainm Age & Opportunity ceol, rince agus amharclannaíocht dóibh siúd i suíomhanna cúraim timpeall na hÉireann

4 min read

9/12/20

Tabharfaidh tionscnaíocht darbh ainm Age & Opportunity ceol, rince agus amharclannaíocht dóibh siúd i suíomhanna cúraim timpeall na hÉireann

Fógraíodh tionscnaíocht nua, arna mhaoiniú ag clár Éire Ildánach agus le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann, darbh ainm Age & Opportunity le heispéiris ealaíne a thabhairt do chónaitheoirí, foireann agus teaghlaigh i suíomhanna cúraim.

Cruthóidh na Moil Cúraim, a bhfuil mar chuid den Arts & Creative Excellence initiative 2020/2021, ealaín agus scileanna cúraim i sé réigiún trasna na hÉireann ag tosú le scéimeanna cónaithe d’ealaíontóirí ó mhí Eanáir 2021 agus tabharfaidh seo buntáistí leis do 125 duine aosta, a bhfuil ina gcónaí nó a dtugann cuairt ar ionaid cúraim, idir iad agus 125-250 foireann, teaghlaigh, ealaíontóirí agus an pobal níos leithne.

  • Tosóidh Liz Clark a tionscadal ceoil Homeplace le rannpháirtithe ó Ionad Lae Oileán Caisleáin, Ciarraí agus Oispidéal Pobail Ráithín, An Clár agus iad ag cumadh amhráin, linn a nascadh lenár n-áit dúchais. Ag deireadh an tionscadail, déanfaidh na rannpháirtithe léiriú ar an amhrán.
  • Déanfaidh Maud Hendricks agus Bernie O’Reilly (Outlandish Theatre Platform) cíoradh ar phointe ama tábhachtach i saolta na gcónaitheoirí le cónaitheoirí i dhá shuíomh cúraim sláinte, Oispidéal Pobail Naomh Eoin, Sligeach agus Oispidéal Pobail na Cealla Beaga, Dún na nGall. Tríd an pointe ama seo a chíoradh, déanfaidh siad píosa ealaíne a chruthú gru féidir leo roinnt idir teaghlach, cairde agus eile.
  • Agus iad beirt ag obair le Aonad Altranais Chluain Sceach, Baile Átha Cliath agus Ionad Lae Nás na Rí, Cill Dara, tabharfaidh Philippa Donnellan agus Olwyn Lyons cuireadh do gach éinne céim a ghlacadh i dtreo nua agus a gcuid smaointe nó geatsaí a roinnt. Beidh deis ag daoine a bheith gníomhach, nascadh agus cíoradh ealaíonta a dhéanamh – agus lena saolta agus obair a cheiliúradh le sraith imeachtaí scéalaíochta, amhránaíochta agus rince.

Déanfaidh na healaíontóirí a scéimeanna cónaithe a dhéanamh trí módhanna fuinniúla a úsáid nuair nach bhféidir leo cuairt fisiciúil a thabhairt ar na hionaid cúraim. Déanfar idirghníomhaíochtaí ar líne nó trí chuairteanna fisiciúla nuair is féidir, ag braith ar shrianta rialtais.

Ag í ag tagairt ar an scéim cónaithe, deir An Dr Tara Byrne, Bainisteoir Cláir Ealaíne, Age & Opportunity:

“Nuair a chríochnaíonn na scéimeanna seo i mí Bealtaine 2021, beidh muid ag súil le cultúr rannpháirtíochta sna healaíona a churthú sna suíomhanna cúraim agus na cónaitheoirí a athnascadh lena bpobal agus trí thraenáil a chur ar fáil d’fhoireann na n-ionad agus institiúid cultúrtha, cruthófar moil ealaíne agus sármhaitheais cruthaitheachta i ngach réigiún.

Fanfaidh tionchar Covid-19 linn ar feadh tamaill go fóill, ach táimid ag súil go mbeidh na scéimeanna cónaithe ina ann cabhrú linn ciall a bhaint de, leigheas a thabhairt ar agus athnascadh cruthaitheachta linn féin fad agus muid ag teacht amach ó scáth 2020.”

Arna mhaoiniú ag Éire Ildánach, le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×