Skip to main content

The Lullaby Project- amhráin á gcanadh maidir le tarracóirí agus iománaíocht.

The Lullaby Project

Thug Coiste Cúram Leanaí na Gaillimhe agus Groundswell Arts faoi chlár ceoil trí ráithe in dhá ionad réamhscolaíochta i nGaillimh mar chuid de thogra píolótach a raibh cúnamh taca ina leith ó Éire Ildánach.

Bhí de chuspóir leis an Lullaby Project leas a bhaint as an gceol chun cur le sláinte mhothúchánach na leanaí, na dtuismitheoirí agus na ndaoine a oibríonn in ionaid réamhscolaíochta agus treisiú leis an misneach iontu – chomh maith le hamhrán a 'bhronnadh' ar gach teaghlach a ghlac páirt sa togra.

Is léir ó thorthaí taighde go gcothaítear forbairt teanga agus caidreamh sóisialta le páirt a ghlacadh go fuinniúil rialta i gcúrsaí ceoil.  Tugann an Lullaby Project deis smaoineamh a dhéanamh faoin tionchar chun sochair a fhéadann a bheith ón gceol ar fhoghlaim agus ar fhorbairt an linbh ar fud na réimsí go léir.

Faoin Lullaby Project, cuirtear chuig déanamh amhráin ar bhealach a threisíonn leis an gceangal idir tuismitheoirí/cúramóirí agus na leanaí, agus idir an lucht oideachais agus na teaghlaigh.  Tugtar deis freisin do na tuismitheoirí eolas níos fearr a chur ar an ionad Luathóige agus saineolas na dtuismitheoirí féin ar na modhanna is fearr inar féidir bonn treise a chur faoi fhorbairt agus faoi fhoghlaim an linbh a admháil agus a chur i gcomhar.

I mbun oibre dóibh le leanaí óga in áiseanna cúraim leanaí sa Ghort agus i nGaillimh, chruthaigh Eoghan Burk agus Ruth Dillon, cumadóirí amhrán arna n-oiliúint ag Groundswell Arts, amhráin phearsanta faoi tharracóirí agus faoin iománaíocht i gcomhar leis na daoine óga.

Chuir foireann Groundswell an modh oibre atá acu i láthair freisin do cheathrar a oibríonn le leanaí luathóige.

Bhí an tionscadal píolótach seo bunaithe ar thraidisiún láidir an cheoil i nGaillimh agus díríodh aird ar mhodhanna ina dtreisíonn agus a gcothaíonn ceol le linn na mblianta luathóige an leanbh, ina spreagtar soicheall agus fáilte roimh dhaoine eile agus ina nasctar ceangal buan leis an teaghlach.

Tar éis cúnamh tionscanta a fháil ón gCiste Náisiúnta Cruthaitheachta, tá cistíocht aimsithe ó shin ag Coiste Cúram Leanaí na Gaillimhe faoi chiste de chuid Tusla maidir le Rannpháirtíocht na dTuismitheoirí ionas gur féidir an togra a leathnú agus oibriú le teaghlaigh de chuid an Lucht Siúil i nGaillimh, bunaithe ar thraidisiún láidir scéalaíochta agus amhránaíochta agus ar dhlúthcheangal idir tuismitheoirí agus a gcuid leanaí i measc an phobail.

Bhí an Lullaby Project ina chuid den cheiliúradh ar Chruinniú na nÓg 2019!

www.galwaychildcare.com

Stay up to date

×