Skip to main content
Creative Clusters Scheme


Nuacht

Ceacht nua do scoileanna leis an scéim Braislí Ildánacha

Cuideoidh rannpháirtíocht scoileanna sa treoirthionscadal nua seo leis an scoláire foghlaim tríd an gcultúr agus an gcruthaitheacht.

Beidh deis ag na mílte scoláire ar fud na tíre iniúchadh a dhéanamh ar an bhfoghlaim trí ghníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha mar chuid de scéim nua Braislí Ildánacha a d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton.

Beidh 73 scoil rannpháirteach sa treoirthionscadal nua, faoi stiúir na Roinne Oideachais agus Scileanna, agus é mar chuid dár bplean don Óige Ildánach chun an chruthaitheacht a bheochan inár leanaí agus ár ndaoine óga.

Beidh fáil ag gach scoil ar éascaitheoir speisialta, ar ealaíontóir nó ar shaineolaí cruthaitheach is cuma cén réimse spéise nó téama a roghnóidh siad. Cuideoidh na hacmhainní sin le scoileanna clár foghlama agus gníomhaíochtaí a fhorbairt a bheidh leagtha amach go speisialta do na scoláirí. Anuas air sin, tabharfar €2,500 do gach scoil ionas go mbeidh siad in ann a gcuid pleananna agus a gcuid smaointe a chur i gcrích.

Ceann de na gnéithe is iontaí faoin scéim Braislí Ildánacha is ea an raon gníomhaíochtaí agus na cineálacha cur chuige difriúla atá á nglacadh ag gach ceann de na scoileanna. Is é ‘An Saol – agus Drámaíocht an tsaoil’ an inspioráid do Dhún na nGall, áit a bhfuil cúig scoil ag forbairt plean bunaithe ar an smaoineamh gur féidir leis an drámaíocht teacht aniar agus féinmhuinín a fhorbairt i leanaí.

Sa Chlár, tá scoláirí as cúig scoil ag úsáid ábhar in-athchúrsáilte chun fadhbanna eolaíochta a imscrúdú, a dhearadh agus a thástáil. Agus i gCiarraí, bainfidh grúpa bunscoileanna úsáid as raon gníomhaíochtaí ealaíne ina gcuid ceachtanna gach lá, agus a gcuid samhlaíochta agus na buanna sin atá ó dhúchas á spreagadh chun forbairt a dhéanamh ar an iliomad éirimí atá acu, lena n-áirítear éirim amhairc, éisteachta agus teangeolaíoch.

Cliceáil anseo chun an liosta de scoileanna atá rannpháirteach a fheiceáil.

Is treoirthionscadal de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna é Braislí Ildánach, faoi stiúir agus i gcomhpháirt le Cumann Ionaid Mhúinteoirí / Oideachais in Éirinn (ATECI).

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×