Skip to main content
Creative Ireland Programme presented in London

Nuacht

Clár Éire Ildánach arna chur i láthair i Londain

Bhí an tAire Heather Humphreys TD ag imeacht speisialta i Londain an tseachtain seo chun sonraí maidir le Clár Éire Ildánach a chur i láthair príomhpháirtithe leasmhara as gach cearn d’earnáil ealaíon agus cultúrtha na Ríochta Aontaithe agus ball de dhiaspóra na hÉireann sa Bhreatain.

Tá os cionn €140,000 geallta ag Cultúr Éireann cheana féin mar mhaoiniú d’ealaíontóirí Éireannacha ag taibhiú sa Ríocht Aontaithe i mbliana, agus deimhníodh go bhfógrófar deontas eile i mí Aibreáin.

Nocht an tAire freisin pleananna iontacha chun Ionad Cultúrtha na hÉireann in Hammersmith a athoscailt i mí an Mheithimh 2017.

Tá athchóiriú suntasach déanta ar an Ionad, ina raibh ealaíontóirí Éireannacha le feiceáil le 22 bliain, le tacaíocht airgeadais ó Chlár Tacaíochta Eisimircigh na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus nuair a osclaíonn sé a dhoirse arís don phobal an samhradh seo, beidh sé mar mhol beoga do phobal ealaíon agus cultúrtha na hÉireann sa Bhreatain.

Ag labhairt di ag an tionól Dé Máirt, dúirt an tAire:

“Tá áthas orm an deis seo a ghlacadh chun Éire Ildánach a chur i láthair do phríomhpháirtithe leasmhara as gach cuid d’earnáil ealaíon na hÉireann i Londain agus a dtacaíocht a iarraidh. Tá sé tábhachtach domsa go dtugtar deis d’ealaíontóirí Éireannacha sa bhaile agus thar lear bheith páirteach sa tionscnamh uaillmhianach cúig bliana seo, a bhfuil mar aidhm leis an cultúr a chur i lár an aonaigh inár saol ar mhaithe le dul chun cinn mhuintir na tíre agus le neartú ár sochaí.

Ghlac an Diaspóra le Clár Comórtha Céad Bliain Éire 2016, agus tá sé seo fíor go háirithe anseo i Londain, áit ar reáchtáladh sraith imeachtaí comórtha iontacha.

Seolann Clár Éire Ildánach teachtaireacht an-tábhachtach amach go hidirnáisiúnta faoin luach ard a chuireann Éire ar a cultúr agus faoin gclár cruthaitheachta uaillmhianach atá á leagan amach ag an Rialtas. Tá sé tábhachtach freisin dúinn foghlaim ó shamplaí idirnáisiúnta, agus an chaoi ar thug tíortha eile tús áite do na healaíona agus don chultúr ag leibhéal náisiúnta a mheas.”

Dúirt an tAmbasadóir Daniel Mulhall, a d’óstáil an t-imeacht in Ambasáid na hÉireann i Londain:

“Mar Ambasadóir, tá sé mar thosaíocht mhór agam cultúr na hÉireann a chur chun cinn sa Bhreatain, agus sílim go bhfuil an-tábhacht leis na naisc chultúrtha idir an dá thír. Measaim gur deis iontach é Éire Ildánach chun cruthaitheacht a spreagadh agus chun a seasamh a bhreisiú a thuilleadh agus chun beogacht agus éagsúlacht chultúrtha na hÉireann a cheiliúradh.”

Dúirt sé freisin:

“Deis iontach atá anseo, agus táim ag súil go bhfeicfimid sineirgí agus naisc chruthaitheacha á ndéanamh, as a dtiocfaidh rudaí maithe do Éire Ildánach sa todhchaí, mar ní rud é an cultúr Éireannach atá le fáil in Éirinn amháin; tá sé ar fáil ar fud an domhain mhóir.”

Dúirt John Gilhooly, Stiúrthóir Wigmore Hall:

“Féadfaidh Éire Ildánach teachtaireacht an-chumhachtach idirnáisiúnta a sheoladh faoi oidhreacht agus glór uathúil na hÉireann sa domhan cultúrtha. Féadfar na healaíona a chur i láthair gach linbh in Éirinn ag aois óg, bronntanas tábhachtach a sheasfaidh dóibh ag gach céim dá saol.”

Bhí na daoine seo a leanas i láthair ar an lá freisin: Vincent Jordan, Uachtarán Chomhaltas Ceoltóirí Éireann; Mark Ball, Stiúrthóir, London International Festival of Theatre; Denzyl Feigelson, Comhairleoir le Apple Music agus Príomhfheidhmeannach iTunes/Platoon; Kelly O’Connor, Bunaitheoir agus Stiúrthóir Clár ag Irish Film London; David Jones, Stiúrthóir, Serious Agency; an Dearthóir Orla Kiely agus Kevin Rowland as Dexys, i measc daoine eile.

I rith na cuairte chuig an Ríocht Aontaithe, bhuail an tAire Humphreys chomh maith le hionadaithe ó Fhéile Lá Fhéile Pádraig Londan chun comhoibrithe a phlé maidir le féile mhór nua in 2017.

Anois ina 15ú bliain, meallann an fhéile os cionn 100,000 duine agus áirítear ann ceoltóirí Éireannacha mór le rá ag taibhiú ar an bpríomhardán ag Trafalgar Square agus paráid sráide agus taibhithe leis an ngrúpa ealaíne taibhithe Éireannach, Macnas.

Clár Éire Ildánach arna chur i láthair i Londain

Open Video

Stay up to date

×