Skip to main content
Doon Fort, Co.Donegal Credit: Abarta Heritage


Nuacht

Clár Séadchomharthaí a ghlacadh cúrsaí caomhnúcháin go dtí croílár an phobail.

Scroll
6 min read

Clár Séadchomharthaí a ghlacadh cúrsaí caomhnúcháin go dtí croílár an phobail.

6 min read

14/11/20

Clár Séadchomharthaí a ghlacadh cúrsaí caomhnúcháin go dtí croílár an phobail.

Cuirtear ar chumas an phobail i gcomharsanachtaí logánta, leis an scéim deontais maidir le Cúram Séadchomhartha, le cúnamh faoin gclár Éire Ildánach ón mbliain 2019 i leith agus á thabhairt i gcrích ag an gComhairle Oidhreachta, chun oibriú le chéile maidir leis an séadchomhartha a bhfuil cúram á dhéanamh acu dó a chaomhnú agus a chosaint agus tá €80,000 ar fad leithroinnte ag an gComhairle Oidhreachta tríd an gclár Éire Ildánach.

Seanséipéal Thobar Mhálanna, Co. Dhún na nGall

Suite go breá le cósta Inis Eoghain, sa cheann is faide ó thuaidh i gCo. Dhún na nGall, tá Seanséipéal Thobar Mhálanna i gceartlár ghnéithe éagsúla den oidhreacht foirgníochta agus den dúlra, mar shampla uaimh dhíthreabhaigh ar a dtugtar ‘Taigh Beag Mhálanna’, tobar beannaithe agus dún cinn tíre. Tá muintir an phobail tugtha go mór don seanséipéal seo ach fágann an suíomh go bhfuil na ballaí i mbaol. Tá cúram an tséadchomhartha glactha orthu féin ag Grúpa Caomhnúcháin Sheanséipéal Thobar Mhálanna agus é de chuspóir acu an foirgneamh a chaomhnú agus taighde chuimsitheach a dhéanamh ar an stair a ghabhann leis.

An Dún, Co. Dhún na nGall

Tá an Dún, ar oileán beag i lár Loch an Dúin, taobh amuigh de Ard an Rátha i gCo. Dhún na nGall ar cheann de na láithreacha oidhreachta is scéimhiúla in Éirinn. Tá an Scéim maidir le Cúram Séadchomhartha ag obair le grúpa pobail san áit ag cuidiú le tuairisc a bhreacadh ar an láthair, smacht a choinneáil ar an bhfásra a bheadh ina bhagairt do na ballaí, plean caomhnúcháin a leagan amach, feabhas a chur ar an mbealach chuig an láthair agus ar an ábhar léirmhíniúcháin agus cur leis an aird agus leis an tuiscint ar an séadchomhartha breá seo.

Caisleán Chill Bharrainn, Co. Dhún na nGall

Caisleán ó ré na meánaoiseanna in aice le Béal Átha Seanaidh i ndeisceart Cho. Dhún na nGall atá i gCaisleán Chill Bharrainn. Is ann a rugadh Mícheál Ó Cléirigh. Tá ballaí an chaisleáin i mbaol faoin tráth seo agus chuir Grúpa Caomhnúcháin Chaisleán Chill Bharrainn iarratas isteach faoin Scéim maidir le Cúram Séadchomhartha d’fhonn cuidiú a bhfuil ar fáil go fóill a chosaint, a chaomhnú agus a léirmhíniú.

Cill na Seanrátha, Co. an Chabháin

Chuir Coiste Chomórtas na mBailte Slachtmhara i gCill na Seanrátha iarratas isteach maidir le cúram don seanséipéal mar a mbíodh ráth roimh ré, an bhunchúis atá le hainm an bhaile, Cill na Seanrátha.

Tá reilig timpeall an tséipéil atá ann ón ré anallód. Tá an séipéal féin ar cheann den bheagán den stíl Sheacaibíteach atá ar fáil go fóill in Éirinn agus tá tábhacht ar an leibhéal náisiúnta leis ó thaobh cúrsaí ailtireachta.

Caisleán Mhaigh Uí Ghadhra, Co. Shligigh

Tá Caisleán Mhaigh Uí Ghadhar suite ar thailte droimneacha dheisceart Shligigh agus é ar cheann de na caisleáin is breátha de chuid na dtaoiseach Gaelach in iarthuaisceart na hÉireann. I ndeireadh an C16ú agus i dtús an C17ú a tógadh an caisleán a bhain le sinsearacht le muintir Uí Ghadhra. Tá an caisleán ar fhearann ocht n-acra talún atá anois faoi úinéireacht phríobháideach mhuintir Uí Néill. Bábhún fairsing cearnógach an ghné is suntasaí d’fhothrach an chaisleáin, ceithre thúr cónaithe ag na coirnéil agus teach geata sa bhalla thiar. Tá Grúpa Taighde agus Caomhnúcháin Chaisleán Mhaigh Uí Ghadhra ag obair le breis agus deich mbliana anuas chun aird a tharraingt ar an gcaisleán suntasach seo.

Garraí Daingean an Chreagáin, Co. na Gaillimhe

San ochtú aois déag a tógadh an Garraí Daingean fairsing ar an gCreagán a bhaineadh tráth le heastát mhuintir Bellew. Tá ballaí arda aolchloiche níos mó ná 7m ar airde thart ar an ngarraí fairsing. Tá an garraí anois faoi úinéireacht Choillte a bhfuil cead tugtha acu don ghrúpa tosú ar obair chaomhnúcháin agus bainistíochta ar an ngarraí.

Séipéal agus Reilig N. Finnín, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath

Tá séipéal agus reilig Naomh Finnín i Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath ón 11ú céad ach é titithe tréigthe ón 17ú céad i leith. ‘Séipéal na hEascrach’ a thugtar air mar gheall ar a bheith suite le hEiscir Riada, gné aiceanta ó ré an oighir a bhíodh ina bhealach mór trasna na hÉireann, ‘an tSlí Mhór’ mar atá air sna seanfhoinsí. Tá an fhothrach suite i gceartlár réimse tithíochta nua-aimseartha faoin tráth seo ach é ar cheann de na foirgnimh is stairiúla sa cheantar. Tá faillí déanta ann agus dochar déanta don struchtúr ag gníomhartha frithshóisialta. Tá cúram an tséadchomhartha glactha orthu féin ag The Society of Old Lucan ar mian leo breis eolais a fháil amach faoi, cur le haird agus le tuiscint mhuintir na háite air agus é a chur i gcaoi a chosanta. A bhuíochas de na cistí a cuireadh ar fáil, rinneadh measúnóireacht ailtireachta agus suirbhéireacht geoifisice i rith na bliana 2019 ar tugadh chun suntais dá bharr iarsmaí foirgníochta maidir le séipéal níos sine arís ar fhearann an tséipéil.

Séipéal agus Reilig N. Peadar, Port Laoise, Co. Laoise

Tá seanséipéal Naomh Peadar i bPort Laoise ar cheann de na foirgnimh is sine atá ar fáil go fóill ar an mbaile. Baineann sé le lár an séú céad déag. Is mian le Grúpa Chomórtas na mBailte Slachtmhara i bPort Laoise cruth stairiúil an tsuíomh a chaomhnú agus ionad suaimhneach machnaimh a athchruthú ann i lár bhaile mór Phort Laoise.

Leacht Rí Laighean, Co. Thiobraid Árann

Tá cúram Leacht Rí Laighean glactha orthu féin ag Cumann Staire agus Seandálaíochta Shliabh Arra agus curtha de chuspóir acu rompu féin breis eolais a fháil amach faoin stair an tséadchomhartha. Le cistíocht ón gComhairle Oidhreachta tríd an gclár Éire Ildánach 2019, d’fhostaigh an cumann Earthsound Geophysics chun suirbhéireacht thopagrafaice agus fótagraiméadrachta a dhéanamh ar an láthair d’fhonn cur le tuiscint an phobail ar an séadchomhartha.

Tornóg Aoil Chill Mhuire, Co. an Chláir

Leis an gciste a cuireadh ar fáil do Choiste na mBailte Slachtmhara i gCill Mhuire, tugadh faoi Mheasúnacht ar an Tionchar ar an Oidhreacht Ailtireachta chomh maith le hobair chaomhnúcháin ar an tornóg aoil ionas gur ionad oidhreachta áisiúil a bheadh ann ag muintir na háite le cuairt a thabhairt ann.

Dún Chill Chéirín, Leaba Shíoda, Co. an Chláir

Leis an gciste a cuireadh ar fáil do Ghrúpa Tionscadail Leaba Shíoda/Grúpa Pobail Naomh Ciaráin, coimisiúnaíodh suirbhéireacht éiceolaíochta ar Dhún Chill Chéirín agus ar an bhfearann máguaird, a raibh an pobal páirteach ina dhéanamh, d’fhonn cur leis an tuiscint ar an tábhacht éiceolaíochta atá leis an dún.

Baile Uí Ógáin / Créfort Mótach Chnoc Bréanainn

Is beag fianaise is léir os cionn dhroim na talún maidir leis an gcréfort mótach seo ach tá cúram an fhoirgnimh dhiamhair seo glactha orthu féin ag Cumann Sléibhteoireachta Tyndall d’fhonn breis eolais a fháil amach faoi trí chlár oibre seandálaíochta a dhéanamh agus le taighde staire. A bhuíochas den chiste a cuireadh ar fáil i rith na bliana 2019, d’fhostaigh an grúpa Geoaerospace chun suirbhéireacht LiDAR a dhéanamh mar thús oibre maidir le heolas níos fearr a chur ar an bhfuil i gceist leis an láthair.

Séipéal an Chnoic Bhuí, Co. Phort Láirge

D’oibrigh Grúpa Caomhnúcháin Shéipéal an Chnoic Bhuí, le cúnamh ó Chomhairle Cho. Phort Láirge, chun dromchla nua a chur ar an seanbhóithrín chuig an reilig. Rinneadh suirbhé agus anailís staire maidir leis an reilig chomh maith agus cuireadh an t-eolas i láthair ar phainéal mór ag an mbealach isteach ar an láthair. Le cúnamh ón gComhairle Oidhreachta, shocraigh an grúpa Measúnacht Seandálaíochta ar an suíomh chomh maith, arna dhéanamh ag Dave Pollock, chomh maith le Measúnacht Caomhnúcháin ar an láthair d’fhonn ord tábhachta a leagan amach maidir le bearta caomhnúcháin ar an séipéal.

Móta agus Bábhún, Cnoc Cruinn an Leasa Mhóir, Co. Phort Láirge

Cuireadh Lismore Heritage Company Ltd ar bun d’fhonn cuidiú le gnéithe cultúir agus oidhreachta i Lios Mór, in iarthar Phort Láirge, agus sa cheantar máguaird a chaomhnú don chuairteoir as áiteanna in Éirinn agus thar tír isteach. Chuir an grúpa iarratas isteach faoin scéim ó tharla go bhfuil an suíomh i Round Hill faoi fhásach faoi láthair agus gur deacair ag cuairteoir bealach a dhéanamh isteach. Chuidigh an mheitheal oibre maidir le Cúram Séadchomhartha le comhairle a chur ar fáil maidir le caomhnú an tséadchomhartha agus le bealach níos áisiúla isteach chuige a chur ar fáil don chuairteoir.

Móta Chnoc na Croiche, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge

Le hoibrithe deonacha ó Iarsmalann Contae Phort Láirge i mbun ceannródaíochta, chuir grúpaí pobail as Dún Garbhán agus Lios Mór iarratas i gcomhar faoi bhráid maidir le dhá dhún ó ré na meánaoise i gCo. Phort Láirge. Chuir Grúpa Seandálaíochta Pobail Chnoc na Croiche iarratas isteach d’fhonn níos mó eolais a fháil faoin séadchomhartha agus cur leis an aird agus leis an tuiscint ar an láthair ag an gcuairteoir agus ag muintir na háite. Rinneadh suirbhéireacht geoifisice ar an dún sa bhliain 2015 agus i mí Iúil 2016 agus d’eagraigh an grúpa pobail Aonach Ré na Meánaoise mar chuid den tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta, ócáid a taispeánadh ar an gclár Nationwide ar RTÉ. Sa bhliain 2017, d’eagraigh an grúpa tochailt seandálaíochta ar tháinig léargas suimiúil ar an séadchomhartha dá thoradh.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×