Skip to main content


Nuacht

Comhar páirtnéireachta idir Clár Éire Ildánach agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann chun treisiú leis clár nua Ealaíne agus ag Dul in Aois

Scroll
5 min read

Comhar páirtnéireachta idir Clár Éire Ildánach agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann chun treisiú leis clár nua Ealaíne agus ag Dul in Aois

5 min read

12/03/21

Comhar páirtnéireachta idir Clár Éire Ildánach agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann chun treisiú leis clár nua Ealaíne agus ag Dul in Aois

D'fhógair Catherine Martin T.D., an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, inniu (Dé Céadaoin, an 30 Meán Fómhair) go bhfuil comhar nua páirtíochta á sheoladh idir Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus an clár Éire Ildánach. Tá an comhar páirtíochta seo dírithe ar leathnú le cláir ealaíne do dhaoine críonna tráth a bhfuiltear ag déileáil leis an gcocún agus le srianta sóisialta a théann i bhfeidhm go mór ar dhaoine aosta.

Dúirt an tAire Catherine Martin: “Ba chúis áthais dom a fhógairt i mí Iúil go raibh infheistíocht €500,000 á dhéanamh sa scéim Cruthaitheacht ag Daoine Críonna atá á rith faoin gclár Éire Ildánach. Gné amháin de sin an leathnú ar an gclár suntasach an Ealaíon agus Dul in Aois, arna leagan amach ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, atá á sheoladh inniu.

“Tá práinn agus géarghá le cláir den sórt seo chun cur in aghaidh na míthorthaí sóisialta atá ag gabháil le Covid-19 agus is ábhar dóchais an acmhainn atá á léiriú ag eagrais de leithéid Áras Nua-Ealaíne na hÉireann freastal go fuinniúil dúthrachtach do riachtanais na saoránach is mó a mbeadh cúnamh ag teastáil uathu.”

Tríd an gcomhpháirtíocht nua seo, féachtar le tabhairt faoi roinnt de na réimsí deacrachta a ghabhann le cocún agus dealú sóisialta trí dheis a chur ar fáil do dhaoine ag baile agus in ionaid cónaithe gnéithe den chultúr agus den ealaín a thaithí. Tugtar nithe mar seo a leanas san áireamh:

  1. Comhoibriú le Comhordaitheoirí Beartaíochta i dTithe Altranais

Tá an cúrsa maidir le Caidreamh Cruthaitheachta, a thagann faoi Age & Opportunity, déanta ag cuid mhór d’fhoireann na gcuairteoirí in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann in éineacht le comhordaitheoirí beartaíochta i dtithe altranais. Beidh Áras Nua-Ealaíne na hÉireann ag cur ball d’fhoireann na gcuairteoirí ar fáil chun oibriú in éineacht leis an gcomhordaitheoir beartaíochta in áras altranais maidir le cúnamh taca, lón smaointeoireachta agus freastal do bhearta gan a bheith ar aon láthair. Beidh cúnamh fiúntach ar fáil ar an gcaoi seo ag an lucht foirne i dtithe altramais agus in ionaid chónaitheacha a bhfuil an tráth is anróití ina saol oibre á shárú acu.

  1. Acmhainní digiteacha agus aiceanta don chaidreamh cianda, lena n-áirítear:

A: Físeáin as bailiúchán Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

Tugtar deis leis an tsraith seo d’fhíseáin chóiriúla (le fotheidil, cuntas fuaime) do dhaoine nóiméad a chaitheamh ar a suaimhneas le saothar ealaíne as bailiúchán Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus ábhar treorach ina leith. Beidh teacht go díreach ar na físeáin ag comhordaitheoirí ealaíne i dtithe altranais trí chórais éagsúla de leithéid Thithe Altranais na hÉireann agus Chumann Alzheimer na hÉireann chomh maith le láithreán gréasáin agus cainéil meán shóisialta Áras Nua-Ealaíne na hÉireann féin.

B: Suíochán Azure

Cuairteanna beo Azure arna gcur ar fáil mar thurais Zoom do dhaoine a bhfuil néaltrú ag gabháil dóibh, dá gcuid gaolta, cairde agus cúramóirí gairmiúla, le sceideal míosúil don duine aonair agus ar a n-éileamh ag grúpaí i dtithe altranais. Tá d’aidhm le Azure go gcruthófar dánlanna agus iarsmalanna ealaíne i spásanna atá cóiriúil ag daoine a bhfuil néaltrú ag gabháil dóibh. Cuirfear na turais ar fáil i gcomhar le Cumann Alzheimer na hÉireann agus beidh siad á gcur chun cinn trí chraobhchóras Tuiscint le Chéile Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

C: Pacáistí Acmhainne chun Comhrá a Chothú faoin mBailiúchán

Baineann le gach clár de chuid Áras Nua-Ealaíne na hÉireann do dhaoine aosta go gcothaítear caint agus a gcuid smaointe faoi shaothar ealaíne á gcur in iúl ag na rannpháirtithe. Dírítear aird sna pacáistí seo d’ábhar clóite ar shaothar ealaíne as bailiúchán Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.  Tá léaráid ardchaighdeáin den saothar ealaíne i ngach pacáiste chomh maith le sraith leidí d’fhonn caint agus comhrá a tharraingt ionas go dtugtar treoir do na rannpháirtithe maidir leis an saothar ealaíne a scrúdú.  Is féidir le duine aonair na leidí a úsáid nó comhrá a chothú le gaolta nó cairde, agus is féidir le comhordaitheoirí ealaíne iad a úsáid le grúpaí i dteach altranais nó in áras cónaitheach.  Beidh na hacmhainní á ndáileadh i gcomhar le páirtnéirí de chuid Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, mar shampla Comrádaithe Cultúir faoin scéim Age & Opportunity agus Cumann Alzheimer na hÉireann.

Tá Áras Nua-Ealaíne na hÉireann le deich mbliana anuas ag cur leis an gclú maidir le saineolas ar chúrsaí ealaíne agus daoine ag dul in aois.  Is mó an tábhacht atá le cláir do dhaoine críonna, in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus i measc an phobail féin, de réir mar atá pobal na hÉireann ag dul in aois i gcónaí agus an tráth a bhfuiltear ag déileáil leis na deacrachtaí a bhaineann le Covid-19.

Bíonn aird ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann ar an iléagsúlacht maidir le daoine aosta; daoine atá folláin neamhspleách, daoine aosta atá faoi mhíchumas agus dream leitheadach a bhfuil néaltrú ag gabháil dóibh. Cuireann Covid-19 deacrachtaí suntasacha roimh dhaoine aosta agus fágtar srianta iad maidir le deis gnéithe den chultúr a thapú.

Dúirt Bairbre Ann Harkin, Cumhdaitheoir: Críonna Ealaíonta, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann: “Fágann an chistíocht seo go bhfuil deis fhiúntach ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann leathnú leis an gclár Críonna Ealaíonta agus athmhachnamh a dhéanamh ar mhodhanna inar féidir dul i gcion ar níos mó daoine an tráth anróiteach seo.  Trí roghanna éagsúla a thabhairt chun cinn, modhanna digiteacha agus eile, táthar cinnte go mbeidh daoine aosta in acmhainn leas a bhaint as deiseanna spreagúla spraíúla trína gceanglaítear iad féin agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, bailiúchán agus foireann an Árais, agus daoine eile ar suim leo an ealaín agus a bhaineann taitneamh as.”

“Táthar ríbhuíoch den Aire agus den chlár Éire Ildánach agus de pháirtnéirí eile an tionscadail, Age & Opportunity, Cumann Alzheimer na hÉireann, Butler Gallery, MISA in Ospidéal San Séamas agus an feachtas Tuiscint le Chéile atá á rith ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Fágann an comhar eadrainn ar fad gur féidir le hÁras Nua-Ealaíne na hÉireann maith a dhéanamh i measc an phobail taobh amuigh de bhallaí an árais féin agus in árais cónaithe dhaoine ar fud na tíre.”

Comhar páirtnéireachta idir Clár Éire Ildánach agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann chun treisiú leis clár nua Ealaíne agus ag Dul in Aois

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×