Skip to main content


Nuacht

'Eoraifís na Scoile’ buaite ag daltaí as Corcaigh den dara bliain as a chéile

Scroll
3 min read

'Eoraifís na Scoile’ buaite ag daltaí as Corcaigh den dara bliain as a chéile

3 min read

25/05/21

'Eoraifís na Scoile’ buaite ag daltaí as Corcaigh den dara bliain as a chéile

B’fhéidir nár bhuaigh Éirinn Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse ach mura bhuaigh fhéin bhain daltaí Scoil Náisiúnta Cappabue in Iarthar Chorcaí an dochar as, nuair a ghnóthaigh siad an Comórtas amhránaíochta uile-Eorpa 'Schoolovision' den dara bliain as a chéile.

‘Is tionscadal ríomhNascadh é Schoolovision a “thugann leanaí ó thíortha ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin le chéile” – agus bhí an báire leis an scoil seo, atá in aice le Beanntraí agus ina bhfuil 25 dalta agus beirt mhúinteoirí, sa dianiomaíocht a bhí idir iad féin agus an Iorua gur bhuaigh siad comórtas na bliana seo le trí phointe leis an amhrán We Create Magic.

Ba é Clár Éire Ildánach a rinne coimisiúnú, i dtosach báire, ar an traic le haghaidh Chruinniú na nÓg in 2020, agus is é an toradh a bhí air sin gur ainmníodh daltaí scoil Cappabue ina nAmbasadóirí Cruthaitheacha Sóisearacha uile-Éireann.

 

We Create Magic

Open Video

“Toisc na scoileanna ar fad a bheith dúnta ó Mhárta go Meán Fómhair an bhliain seo caite, shocraíomar cuntas a choinneáil ar na bealaí go léir ar éirigh linn a bheith cruthaitheach le linn na dianghlasála. Choinnigh na daltaí cuntas ar na gníomhaíochtaí spraíúla ar fad a bhí ar bun acu sa bhaile,” a dúirt foireann Cappabue nuair a léirigh siad an traic den chéad uair.

“Taifeadadh an t-amhrán le linn dhianghlasáil Leibhéal 5 agus bhí liricí na n-amhrán agus na gearrthóga físe á roinnt le chéile againn. Bhí an t-ádh orainn aimsir bhreá a fháil chun an t-amhrán a thaifeadadh taobh amuigh, ar thailte na scoile, rud a thóg níos mó ná 13 uair an chloig toisc go rabhamar ag cloí le prótacail Covid.”

Anois, tá Cappabue tar éis an t-amhrán a thabhairt chun na hEorpa – agus an bua acu arís!

“Mar gheall ar Éire Ildánach d’fhíoraíomar ár n-aisling,” a dúirt Norma Healy, príomhoide Scoil Náisiúnta Cappabue le Nuacht RTÉ.

“Lena dtacaíocht, chruthaíomar draíocht lenár n-amhrán agus an chruthaitheacht le linn na dianghlasála á ceiliúradh againn. Míle buíochas le [comhoibritheoirí] Garry McCarthy, GMC Beats agus Aperture Media as an obair iontach a rinne siad. Is móramhrán de chuid na hEorpa é We Create Magic.”

Anuraidh, bhuaigh Cappabue ‘Schoolovision’ lena rap ar chúrsaí comhshaoil One Small Change.

Táimid ag guí go n-éireoidh leo déanamh in 2022 mar a rinne  Éirinn uair ina tréchleas iomráiteach i gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×