Skip to main content
Josepha Madigan TD, Heather Humphreys TD, Andrew Hetherington, Charley Carroll at Taylor Galleries, Dublin


Nuacht

Creatin’ 9 to 5: Cuir fáilte roimh ealaíontóir cónaithe i d’áit oibre

Tugtar cuireadh do chuideachtaí a spéis a léiriú faoin 15 Feabhra 2019 sa Chlár leathnaithe d’Ealaíontóirí Cónaithe de chuid Business to Arts.

I gcomhpháirt le Ciste Náisiúnta Ildánachta an chláir Éire Ildánach, tugann an leathnú réigiúnach seo atáthar a dhéanamh ar an gClár reatha d’Ealaíontóirí Cónaithe de chuid Business to Arts deis iontach do chuideachtaí atá fiosrach faoi chláir Freagrachta Sóisialta Corparáidí. Leis an gCiste Náisiúnta Ildánachta, cuirfear ar chumas an chláir Éire Ildánach raon tionscnaimh nuálacha a bhfuil ildánacht agus folláine mar ghné lárnach iontu a chur i ngníomh, a chumasú agus tacú leo.

Eagraíocht charthanachta é Business to Arts a éascaíonn agus a thacaíonn le comhpháirtíochtaí ildánacha idir gnóthaí, daoine aonair agus na healaíona. Tá siad ag lorg léirithe spéise ó ghnóthaí a mbeadh fonn orthu a ngníomhaíocht i bhfreagracht shóisialta chorparáideach a fhorbairt as an nua nó a fheabhsú trína gClár nuálach d’Ealaíontóirí Cónaithe.

Cuimsítear raon leathan gníomhaíochta agus deiseanna do na healaíontóirí agus do na cuideachtaí, agus tairgfidh na cuideachtaí a roghnófar timpeallacht/struchtúr oibre le hoibriú le Clár Freagrachta Sóisialta Corparáidí na heagraíochta agus le heagraíocht phobail áitiúil chomh maith.

Cuirfear suas le €7,500 ar fáil chun trí Chlár d’Ealaíontóirí Cónaithe a chruthú (nó a fheabhsú) i gcomhthéacs na Freagrachta Sóisialta Corparáidí. Caithfidh rannpháirtíocht phobail 18 mí, rannpháirtíocht foirne nó gníomhaíochtaí cruthaitheachta san áit oibre leis na cuideachtaí agus na healaíontóirí óstaigh a bheith i gceist leis na cláir a roghnófar. Tabharfar tús áite do Chláir d’Ealaíontóirí Cónaithe ina dtarlaíonn cuid mhór den ghníomhaíocht ghaolmhar i gceantair réigiúnacha.

Sa phictiúr thuas, tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan TD agus an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta Heather Humphreys TD, ag seoladh an ghlao ar léirithe spéise le Andrew Hetherington, Príomhfheidhmeannach, Business to Arts; agus Charley Carroll ag Taylor Galleries, Baile Átha Cliath.

Deis speisialta chun uaillmhian agus nuálaíocht a spreagadh trí chomhoibriú idir ealaíontóirí, ár bpobail chruthaitheacha agus gnóthaí áitiúla, is é Dé hAoine, 15 Feabhra 2019 an spriocdháta i gcomhair léirithe spéise.

Stay up to date

×