Skip to main content


Nuacht

Fógraíonn an tAire Martin Comhdháil Óige Ildánach 2021 “Cruthaitheacht – an nasc leis an todhchaí, anois” a osclóidh an Taoiseach Micheál Martin ar an Déardaoin, an 13 Bealtaine 2021

Scroll
3 min read

Fógraíonn an tAire Martin Comhdháil Óige Ildánach 2021 “Cruthaitheacht – an nasc leis an todhchaí, anois” a osclóidh an Taoiseach Micheál Martin ar an Déardaoin, an 13 Bealtaine 2021

3 min read

11/05/21

Fógraíonn an tAire Martin Comhdháil Óige Ildánach 2021 “Cruthaitheacht – an nasc leis an todhchaí, anois” a osclóidh an Taoiseach Micheál Martin ar an Déardaoin, an 13 Bealtaine 2021

D'fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin T.D. inniu (Dé Máirt, an 11 Bealtaine 2021) sonraí chomhdháil Óige Ildánach 2021, dar teideal Cruthaitheacht – an nasc leis an todhchaí, anois.

Léirithe ag Clár Éire Ildánach, léireoidh an chomhdháil éachtaí Óige Ildánach agus na dúshláin atá romhainn agus muid ag féachaint ar stráitéisí a bheidh ag teastáil chun torthaí dearfacha, inbhuanaithe a sholáthar do pháistí trí rannpháirtíocht sna healaíona, sa chultúr agus sa chruthaitheacht.

Tugann an chomhdháil daoine le chéile atá chun tosaigh san oideachas, san fhiontraíocht, sa nuálaíocht agus sa chruthaitheacht, ar a n-áirítear Andreas Schleicher ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta, Bo Stjerne Thomsen ó Fhondúireacht Lego, An Dr Michelle Cullen, ó Accenture, An tOllamh Anne Looney ó Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Arlene Forster ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, Helene Hugel ó Ealaíona Helium, an t-údar Roddy Doyle agus an tOllamh Linda Doyle – Propast Tofa Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Sular thug sé an t-aitheasc tosaigh ag an gcomdháil ar an Déardaoin, 13 Bealtaine 2021, léirigh an Taoiseach Micheál Martin an tionchar a bhíonn ag gníomhaíocht chruthaitheach ar shaolta daoine óga:

“Ba cheart an cumas cruthaitheach atá ag gach duine a spreagadh le linn a shaoil, agus is gné lárnach d’aisling Éire Ildánach í an chreidiúint sin. Téann cur chun cinn na cruthaitheachta seo chun tairbhe dár gcuid folláine agus cuireann sé le caipiteal sóisialta agus rath eacnamaíochta. Níl in Óige Ildánach ach cuid amháin den aisling seo – ach seans gurb í an chuid is tábhachtaí, toisc go mbaineann an chuid seo leis an todhchaí. Baineann sé lena bheith ag obair i dtreo shochaí a chumasaíonn fás ildánacht dhúchasach ár ndaoine óga – chun tacú leo ina gcuid oideachais, a gcuid bailte, a gcuid pobal agus sa todhchaí.”

Creative Youth Conference poster

Mar aon leis an Taoiseach, beidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin T.D., an tAire Oideachais Norma Foley T.D. agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman T.D. i láthair.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúr, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin: 

“De réir mar a thuigtear an tionchar a bhí ag bliain faoi shrianta COVID-19 orainn, tá sé tráthúil machnamh a dhéanamh ar phlean Óige Ildánach, agus súil a choinneáil ar an todhchaí chomh maith. Chun machnamh a dhéanamh ní hamháin ar na dúshláin atá romhainn, ach na deiseanna chomh maith agus ár ndícheall á dhéanamh againn deiseanna níos fearr, níos cuimsithí a chur ar fáil do dhaoine óga chun iniúchádh agus ceiliúradh a dhéanamh ar a gcumas cruthaitheach féin agus an cumas sin a chothú.”

Mar chuid de phlé níos leithne ar threoir Óige Ildánach sa todhchaí, is deis í Comhdháil Óige Ildánach 2021 do pháirtithe leasmhara chun machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus a dtuairimí a chur in iúl maidir le soláthar deiseanna rannpháirtíochta méadaithe do dhaoine óga – ina seomraí ranga agus ina mbailte/bpobail féin.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley T.D.:

“Tá ról tábhachtach ag na scoileanna agus ár múinteoirí go háirithe chun páistí agus daoine óga a chur ar an eolas faoi na healaíona agus chun iad a spreagadh chun iad féin a chur in iúl go cruthaitheach. Is acmhainn iontach í Óige Ildánach dár gcuid scoileanna, ag tacú leo chun an chruthaitheacht a chur chun cinn san oideachas. Ba cheart dúinn a bheith bródúil faoin ról tábhachtach atá ag pobail scoile sa réimse seo, agus an tionchar iontach tairbheach a bhíonn ag Óige Ildánach ar ár gcuid páistí agus daoine óga, spreagann sé tuiscint ar na healaíona agus iarrachtaí cruthaitheacha ar feadh a saoil.”

Ag labhairt faoin ról lárnach atá ag daoine óga iad féin i dtionscnaimh cosúil le hÓige Ildánach, dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman T.D.: “Is gné thábhachtach de mo chuid oibre sa Roinn í cinntiú ní hamháin go gcloistear guthanna na bpáistí agus na ndaoine óga, ach go n-éistear leo – déanaimid cinnte in Óige Ildánach go bhfuil siad rannpháirteach ón tús i ndearadh ghníomhaíochtaí agus chláir chruthaitheacha a spreagann a gcuid ildánachta.”

Reáchtálfar Comhdháil Óige Ildánach 2021 “Cruthaitheacht – an nasc leis an todhchaí, anois” go beo ar líne ar an Déardaoin, an 13 Bealtaine ar 12.00.

Chun áit a chur in áirithe, téigh go dtí https://hopin.com/events/creativity-the-connection-to-our-future-now

 

Stay up to date

×