Skip to main content


Nuacht

Faomhadh tugtha ag an Aire Foley do bhunú 3 chomhpháirtíocht áitiúil don Óige Ildánach

Scroll
3 min read

Faomhadh tugtha ag an Aire Foley do bhunú 3 chomhpháirtíocht áitiúil don Óige Ildánach

3 min read

9/07/21

Faomhadh tugtha ag an Aire Foley do bhunú 3 chomhpháirtíocht áitiúil don Óige Ildánach

Thug an tAire Oideachais, Norma Foley TD, faomhadh inniu do bhunú na chéad trí Chomhpháirtíocht Áitiúla eile don Óige Ildánach (LCYP) i gceantair Bhoird Oiliúna agus Oideachais Chorcaí, Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma, agus na Gaillimhe agus Ros Comáin. Fágann bunú na gcomhpháirtíochtaí nua seo, a thosóidh i lár 2021, go mbeidh sé cinn de LCYPanna ann san iomlán.

Nascann na LCYPanna le chéile raon leathan d’acmhainní daonna agus de bhonneagair chun gníomhaíochtaí cruthaitheacha taobh amuigh den scoil a fhorbairt agus a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga, gníomhaíochtaí a chuireann leis an obair a bhíonn ar bun i suíomh foirmiúil na scoile agus a oibríonn i bpáirt léi.

Tabharfaidh an chomhpháirtíocht le chéile na Boird Oiliúna agus Oideachais (lena n-áirítear oifigigh agus pearsanra ábhartha eile), údaráis áitiúla (oifigigh ealaíon, comhordaitheoirí Éire Ildánach, oifigigh oidhreachta, leabharlannaithe etc.), ionaid oideachais, ionadaithe ó earnálacha áitiúla na luathbhlianta (Coiste Cúraim Leanaí an Chontae), ionadaithe ón earnáil oideachais neamhfhoirmeálta, ionadaithe ábhartha ó na Ranna Rialtais agus acmhainní áitiúla don chultúr agus don chruthaitheacht.

Dúirt an tAire Foley: “Chuaigh obair na dtrí LCYPanna píolótacha, atá ar an bhfód  cheana féin, i bhfeidhm go mór orm ó bunaíodh iad in 2019. Is é an spriocghrúpa atá ag gach clár agus tionscnamh de chuid an LCYP ná leanaí agus daoine óga sna pobail áitiúla (i suíomhanna ‘lasmuigh den scoil’ agus tá siad dírithe go háirithe orthu siúd atá imeallaithe nó atá faoi mhíbhuntáiste).

“Tá áthas orm a bheith in ann líon na LCYPanna a dhúbailt anois, chun deis a thabhairt do bhreis leanaí agus daoine óga rochtain a fháil ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht, lasmuigh den seomra ranga.’

Cé gur tionscnaimh de chuid na Roinne Oideachais iad na LCYPanna, i mbliana tá maoiniú curtha ar fáil ag an Aire Turasóireachta, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, chomh maith, chun tacú leis na tionscnaimh.

Dúirt an tAire Martin: “Meastar na LCYPanna a bheith ar cheann de na príomhthionscnaimh sa ghné den chlár Óige Ildánach a bhaineann le himeachtaí “lasmuigh den scoil”. Táthar ag súil go ndíreoidh na LCYPanna go príomha ar chomhoibriú le hearnáil na hóige, Ionaid Ógtheagmhála, earnáil na Luathbhlianta agus earnálacha/eagraíochtaí eile a bhíonn ag plé le gníomhaíochtaí agus cláir chruthaitheacha agus chultúir nó cláir eile lasmuigh den scoil do leanaí agus do dhaoine óga”.

Ceann de na critéir a bhaineann leis an maoiniú do LCYPanna is ea go mbeadh leanaí agus daoine óga páirteach sa chinnteoireacht i dtaca le gach gné d'fhorbairt, de chur chun feidhme agus de mheastóireacht an chláir bhliantúil.

Tugann Mol na nÓg, seirbhís de chuid na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY), tacaíocht do gach LCYP, agus tá sé ina ionad barr feabhais mar a bhaineann le rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa chinnteoireacht. Ceann de na critéir a bhaineann leis an maoiniú do LCYPanna is ea go mbeadh leanaí agus daoine óga páirteach sa chinnteoireacht i dtaca le gach gné d’fhorbairt, de chur chun feidhme agus de mheastóireacht an chláir bhliantúil.

Ceanglaítear ar LCYPanna go mbeadh na leanaí agus na daoine óga páirteach sa chinnteoireacht ón tús. Ba cheart go n-áireofaí leis sin cinnteoireacht agus cuspóirí, gníomhaíochtaí agus torthaí beartaithe an LCYP á leagan amach. Ba chóir go mbeadh tuairimí na leanaí agus na ndaoine óga maidir leis an soláthar áitiúil atá ann cheana féin, an rochtain atá acu ar dheiseanna cruthaitheacha, aon bhearnaí atá sa soláthar agus na deiseanna cruthaitheacha nua a thaitneodh leo, san áireamh i gclár bliantúil gach LCYP. Beidh an uirlis phleanála d’fhorbairt an LCYP bunaithe ar shamhail leasaithe Lundy agus ar An Seicliosta Pleanála don Chreat Náisiúnta Forfheidhmithe um Rannpháirtíocht Leanaí.

Ghuigh an bheirt Airí gach rath ina gcuid oibre amach anseo ar na LCYPanna nua.

Stay up to date

×