Skip to main content
The Secret - cast and crew


Nuacht

Ceamara ag Rolladh! Gearrscannán Ros Comáin le bheith ar an scáileán ag Fresh Film Festival

Scroll
4 min read

Ceamara ag Rolladh! Gearrscannán Ros Comáin le bheith ar an scáileán ag Fresh Film Festival

4 min read

7/03/22

Ceamara ag Rolladh! Gearrscannán Ros Comáin le bheith ar an scáileán ag Fresh Film Festival

Tá an spotsolas ag soilsiú go geal ar Amharclann Óige Chontae Ros Comáin mar go mbeidh an gearrscannán dá gcuid, The Secret, á léiriú ag Babthaí Ceannais Réigiúnacha Chonnacht de Scannánóir Óg na Bliana 2022 de chuid an Fresh Film Festival.

Tugann Fresh Film, a mbíonn cláir náisiúnta agus idirnáisiúnta a reáchtáil aige i rith na bliana, spreagadh do scannánóirí óga chun a mbealach a dhéanamh go cruthaitheach agus tugann sé cumhacht dóibh mar ealaíontóirí atá ag bláthú.

Agus lionsa á dhíriú aige ar thallann na hóige ó 1997 i leith, bhí Fresh Film ina chomórtas scoileanna do dhaltaí meánscoile i dtús ama. Tá sé tar éis fás ó shin nó bhfuil sé anois ina eagraíocht lánfheidhme a chuireann béim ar scannánóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta sna haoisghrúpaí bunscoile agus meánscoile. Tá os cionn 10,000 iarratasóir tar éis cur isteach ar chláir Fresh Film, agus rud ar éacht iontach é tá 250 tír i gceist.

Fresh Film Festival participants 2019

The Secret

“An áit a dtugaim an Baile air, Inish Ledge – níl ann ach gnátháit i ndáiríre, ach ní raibh mé in aon áit eile. Is ann a théim ar tearmann ó chora crua an tsaoil.

Áit bheag atá ann ina bhfuil aithne againn go léir ar a chéile… Bhuel, níl a fhios agam an mbíonn aithne riamh againn fiú ar an dream is gaire ar fad? An féidir linn brath i ndáiríre ar na daoine atá thart orainn?”

Tá ceann de thionscadail Ghlao Oscailte Ros Comáin Ildánach, gearrscannán de chuid Amharclann Óige Chontae Ros Comáin The Secret roghnaithe le beith ar an scáileán ag Babthaí Ceannais Réigiúnacha Chonnacht de Scannánóir Óg na Bliana 2022 de chuid an Fresh Film Festival, Dé hAoine 11 Márta, in Amharclann Halla an Bhaile, Gaillimh.

Líonra a thacaíonn leis an óige is ea Amharclann Óige Chontae Ros Comáin a chuireann béim ar intinn na ndaoine óga a leathnú, agus a muinín agus a scileanna idirphearsanta a fhorbairt ag an am céanna, agus cuireann sé bealaí tábhachtacha ar fáil do dhaoine óga iniúchadh a dhéanamh ar chúinsí a bhféadfadh siad a bheith iontu féin le linn a n-óige.

Learning the filmmaking craft

Le linn shamhradh 2021, bhí na rannpháirtithe go gníomhach ag plé le príomhghnéithe an scannáin agus staidéar á dhéanamh acu ar uirlisí na scannánaíochta leis an Cineamatagrafaí Mike Hourigan, an Cóitseálaí Gníomhach Emma Brennan agus an Speisialtóir Drámaíochta Catherine Sheridan.

Áiríodh leis an aistear scannánaíochta seo coincheap tosaigh na scannánaíochta, cruthú carachtar, forbairt ar scéalta, scriptscríbhneoireacht, tobchumadh, roghnú radhairc agus scéalchláir, scabhtáil ionaid, barántúlacht na gcarachtar, teicnící don Aisteoireacht os comhair Ceamara agus obair ghluaiseachta ensemble.

 

Féach ar The Secret ar YouTube

Beidh Babhtaí Ceannais Réigiúnacha Chonnacht de Scannánóir Óg na Bliana 2022 an Fresh Film Festival ar siúl Dé hAoine 11 Márta, in Amharclann Halla an Bhaile, Gaillimh.

Stay up to date

×