Skip to main content


Nuacht

Cruinniú na nÓg ar siúl an 13 Meitheamh 2020

libeanna:

Beidh Cruinniú na nÓg ar siúl ar líne agus go fíorúil i mbliana #ÉireIldánach

Le dhá bhliain anuas, is imeacht tábhachtach é Cruinniú na nÓg san fhéilire do leanaí agus do dhaoine óga le triail a bhaint as rud éigin cruthaitheach, grá don taiscéalaíocht a fhorbairt agus scileanna nua a fhoghlaim – agus ní thiocfaidh athrú air sin in 2020!

Tugtar cuireadh do chách ár gcultúr agus an chruthaitheacht a cheiliúradh agus páirt a ghlacadh i gCruinniú na nÓg fíorúil Dé Sathairn an 13 Meitheamh 2020. Is féidir tuilleadh sonraí agus acmhainní a fháil anseo.

I gcomhpháirtíocht le RTÉ agus Údaráis Áitiúla tá an Clár Éire Ildánach ag moladh do dhaoine óga páirt a ghlacadh, tabhairt faoin gcruthaitheacht sa bhaile agus a bheith réidh chun an cumas ealaíne atá iontu a chur ar ardán Dé Sathairn an 13 Meitheamh

Tá roinnt “glao chun gnímh” don chruthaitheacht, cultúr agus rannpháirtíocht forbartha againn ina mbeidh leanaí, daoine óga – an teaghlach ar fad go deimhin – ábalta dul i mbun na cruthaitheachta ina dteach agus ina ngairdín féin Dé Sathairn an 13 Meitheamh.

Ar chuid de na buaicphointí beidh:

  • Céilí sa Chistin – Glao chun gnímh i gcomhar do leanaí, do dhaoine óga agus dá muintir Céilí a bheith acu ina gcistin féin do Chruinniú le hÁirc Damhsa a threoróidh tríd an traidisiún Gaelach a bhaineann leis na himeachtaí sóisialta poiblí seo muid a bheidh ar siúl sna tithe.
  • Cuirimis Eitleog in Airde – Glao chun gnímh i gcomhar do leanaí, do dhaoine óga agus dá muintir eitleog a dhéanamh ag úsáid dathanna a gcontae dúchais agus í a chur in airde do Chruinniú. Ar an Satharn an 13 Meitheamh, i gcomhar le Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann, ag cúl an tí nó ar do shráid agus do dhroim leis an ngaoth, scaoil go mall le d’eitleog agus breathnaigh uirthi ag ardú sa spéir.
  • Bí i do Choimeádaí Scéil – Tá Fighting Words agus Great Lighthouses of Ireland ag tabhairt cuireadh do scríbhneoirí óga idir 7 agus 12 bliana d’aois a bheith ina gCoimeádaithe Scéil – scéal a chumadh ina bhfuil tionchar tithe solais le brath air. Is áiteanna iad tithe solais atá lán le hiontas, áiteanna a choinníonn daoine slán agus iad á dtreorú ó bhaol agus iad ar thuras farraige.
  • Cuir Aip Físchluiche le chéile – Dá mbeadh tú ábalta d’aip físchluiche féin a chruthú cén sórt aip a bheadh inti? Cluiche rásaíochta nó boinn airgid a bhailiú? Sprioc-chluiche nó ardán? Níl deireadh leis an rogha agus is fútsa atá sé an rogha sin a dhéanamh. Cuir scéal againn agus in éindí le Whizz Kids Training trína Seomra Ranga Fíorúil Scileanna Digiteacha ceannródaíoch, cuideoimid le daoine óga cuairt a thabhairt ar dhomhan dearaidh bogearraí le 4 rang éasca.

Tá Clár Éire Ildánach i gcomhar le hÁirc Damhsa, Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann, Great Lighthouses of Ireland, Fighting Words, Whizz Kids Training agus RTÉ ar cur tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil ar líne chun a chur ar chumas leanaí agus daoine óga féith na cruthaitheachta a chur ag obair. Chomh maith leis sin beidh Údaráis Áitiúla ag reáchtáil réimse gníomhaíochtaí cultúir agus cruthaitheachta agus imeachtaí Cruinniú na nÓg ar líne – beidh na sonraí ar fad le fáil anseo.

Níl leithscéal ar bith, mar sin – téigh ar líne, tabhair faoin gcruthaitheacht agus roinn do chuid saothair #ÉireIldánach.

 

Stay up to date

×