Skip to main content


Nuacht

Cruthaitheacht le linn COVID: Tosaigh Scéal Nua le Leabharlanna Éireann an geimhreadh seo

Scroll
4 min read

Cruthaitheacht le linn COVID: Tosaigh Scéal Nua le Leabharlanna Éireann an geimhreadh seo

4 min read

30/10/20

Cruthaitheacht le linn COVID: Tosaigh Scéal Nua le Leabharlanna Éireann an geimhreadh seo

Tá Éire Ildánach agus Leabharlanna Éireann ag spreagadh gach éinne le scéal nua a thosú le linn an gheimridh seo agus an léitheoireacht a úsáid leis an bhfolláine chruthaitheach a fheabhsú agus le strus a scaoileadh uathu.

Agus iad i mbun ceiliúrtha ar saibhreas fhicsean na hÉireann, is féidir le léitheoirí na hÉireann taitneamh a bhaint as seirbhísí cuimsitheacha Leabharlanna Éireann ar líne trí Borrow Box a úsáid, in éineacht leis na seirbhísí riomhleabhair agus closleabhair. An smaoineamh atá ann ná ‘mearfhicsean’ nó scéal nua a chruthú ag úsáid teidil leabhair le scríbhneoirí Éireannacha ar nós Roddy Doyle, Marion Keyes agus eile, ar nós haiku.

Oibríonn na teidil, ar fáil ó leabharlanna, taobh le taobh lena chéile le píosa nua mearfhicsin a chruthú. Mar shampla, cruthaíonn an ceithre teideal seo scéal iomlán nua: Milkman. The Mammy. A Modest Proposal. The Snapper. Céard faoi casadh románsúil ar an scéal: This Charming Man. Promising Young Women. Under The Hawthorn Tree. PS. I Love You. Nó an casadh iomlán scéil a thagann ón gceithre teideal seo a chur lena chéile: Peig. When All Is Said. A Greyhound Of A Girl. Under The Duvet. Tá réimse éagsúil scríbhneoirí Éireannacha bainteach leis an bhfeachtas, ó scríbhneoirí clasaiceacha go nuascríbhneoirí, Flann O’Brien, Emma Dabiri, Vicky Phelan, Roddy Doyle, John Boyne agus Sally Rooney ina measc.

Feicfidh tú píosaí mearfhicsin ar an teilifís, mar chuid de Supporting the Arts le RTÉ, feicfidh tú iad i suíomhanna amuigh faoin aer i mBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall chomh maith le linn mhí na Samhna.

Tá leabharlanna poiblí timpeall na hÉireann mar chroíchuid d’obair Éire Ildánach le cruthaitheacht inrochtana a chur ar fáil do phobail áitiúla le lear mór imeachtaí agus tionscadail ag tarlú i leabharlanna áitiúla trasna na tíre. Thug Diaries of the Kildare Covid-19 Notebook Project ó Leabharlanna Chill Dara léargas le déanaí ar chuimhní dianghlasála i measc seanóirí le linn na paindéime le cartlann buan a chruthú. Ag an am céanna tá podchraolta pobail tar a éis teacht ar líne ag roinnt leabharlanna, Port Láirge agus Átha Cliath ina measc.

Tosaigh Scéal Nua ag www.librariesireland.ie nó ag do leabharlann áitiúil anois. Cruthaigh teideal do leabhair féin arlíne ag baint úsáid as #StartANewStory agus clibeáil @creativeIrl

Stay up to date

×