Skip to main content
Cork Midsummer Festival 2018 _ Young Playwrights // photo: Jed Niezgoda _ www.venividiphoto.net


Nuacht

Méadú €250,000 curtha ar an gclár Story Seeds de chuid Fighting Words

Scroll
2 min read

Méadú €250,000 curtha ar an gclár Story Seeds de chuid Fighting Words

2 min read

8/07/21

Méadú €250,000 curtha ar an gclár Story Seeds de chuid Fighting Words

An clár iontach Story Seeds de chuid Fighting Words le leathnú chun go mbeidh fáil air anois ag 14,000 leanbh agus duine óg.

Tá €250,000 ceadaithe ag na hAirí Catherine Martin agus Roderic O’Gorman chun tionchar an chláir Story Seeds de chuid Fighting Words a leathnú amach.

Tá an clár leagtha amach chun cabhrú le daoine óga scéal a saoil féin a insint ionas gur féidir leo tuiscint a fháil ar a dtaithí féin agus ar a n-áit sa saol. Tríd an  scríbhneoireacht chruthaitheach, neartaíonn Story Seeds mothúcháin dhearfacha sna leanaí agus cabhraíonn sé leo na rudaí diúltacha atá ina saol a athshamhlú agus athrú ó bhonn a chur ar an gcaoi a mbraitheann siad faoina n-áit sa saol agus faoi na deiseanna a chuireann an saol ar fáil.

Cuirfidh Clár Éire Ildánach na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an tionscnamh What Works an €250,000 breise seo ar fáil le tacaíocht ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus tiocfaidh an maoiniú as na Cuntais Díomhaoine chun gur féidir an clár atá dírithe ar an scríbhneoireacht chruthaitheach, Story Seeds, a leathnú amach.

Tá sé mar aidhm ag Fighting Words cabhrú le daoine cumhacht a gcuid samhlaíochta agus a gcuid scileanna scríbhneoireachta cruthaithí a aimsiú agus a úsáid agus teagasc/meantóireacht saor in aisce a chur ar fáil sa scríbhneoireacht chruthaitheach agus sna healaíona gaolmhara don oiread leanaí, aosaigh óga agus daoine fásta le riachtanais speisialta agus atá sé in ann a shroichint. Bhí an tionscnamh Story Seeds ar bun i 22 bunscoil ar an taobh ó thuaidh de lár chathair Bhaile Átha Cliath agus i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath le linn 2021 agus leathnófar amach anois é chuig meánscoileanna agus grúpaí óige an cheantair.

“Bhain mé an-taitneamh as an obair a bhí mar thoradh ar an tionscadal Story Seeds ar an taobh ó thuaidh de lár chathair Bhaile Átha Cliath a léamh, agus táim ag súil go mór leis an méid a scríobhfaidh leanaí agus daoine óga in áiteanna eile sa tír, nuair a ghlacfaidh siad páirt i Story Seeds” – Roddy Doyle

Cuirfidh an maoiniú nua seo ar chumas Fighting Words an clár a leathnú amach go mór agus an tionscadal Story Seeds a thabhairt fad le 14,000 páiste agus duine óg i 120 bunscoil, 70 meánscoil agus 30 grúpa óige agus grúpaí riachtanas breise i mBaile Átha Cliath Thiar, an taobh ó dheas de lár chathair Bhaile Átha Cliath, Cathair Chorcaí, Cathair Luimnigh, Bré/Cill Mhantáin agus i nDroichead Átha.

Beidh Fighting Words ag cruthú naisc leis na heagraíochtaí atá ag obair i réimsí an mhíbhuntáiste, imeallú sóisialta, meabhairshláinte, míchumas, agus mionlaigh eitneacha agus dídeanaithe/imircigh. Rachaidh Fighting Words i gcomhairle freisin le Tusla, na Coistí Seirbhíse do Leanaí agus do Dhaoine Óga (CYPSCs), agus le hoifigigh Phobail an Gharda Síochána chun a chinntiú go bhfuil baint acu, i ngach réigiún, leis an oiread eagraíochtaí óige agus is féidir.

Faigh tuilleadh eolais faoi Éire Ildánach agus Fighting Words anseo

Léigh tuilleadh faoi Story Seeds anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×