Skip to main content
This is Ireland


Nuacht

Tairseach nua ar líne Éire Ildánach/Ireland.ie á seoladh mar chuid de chuairt Lá Fhéile Pádraig ar Mheiriceá

Sheol an Taoiseach Enda Kenny, T.D. tairseach nua Ireland.ie inniu (Dé Céadaoin) mar chuid dá chuairt ar na Stáit Aontaithe do Lá Fhéile Pádraig. Is tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach é an suíomh gréasáin nua, ina gcuirtear an cultúr agus an chruthaitheacht i lár an aonaigh maidir lenár mbeartas poiblí.

Féadtar foghlaim faoi Éirinn agus faoi mhuintir na hÉireann i mbaile is i gcéin a bhuíochas le Ireland.ie. Insítear scéal iontach, mealltach faoi Éirinn, faoinár gcultúr saibhir éagsúil agus faoinár gcruthaitheacht ar leith. Is mol lárnach é Ireland.ie lena ndéantar ár gclú ar fud an domhain a tharraingt le chéile agus lena mbaintear leas as an saibhreas eolais, cumais, nuálaíochta agus samhlaíochta atá againn le hÉirinn a chur chun cinn mar áit den scoth le cónaí inti, le cuairt a thabhairt uirthi, le staidéar a dhéanamh inti, agus le hinfheistíocht a dhéanamh inti.

Dúirt an Taoiseach ag ócáid speisialta ag a raibh lucht sinsearach gnó in Washington i láthair:

“Tá tairseach nua á seoladh againn d’Éirinn inniu – Ireland.ie. Eascraíonn sí go díreach as Clár Éire Ildánach, a d’fhógraíomar ag deireadh na bliana seo caite.

“Léiríonn ár gcultúr cé muid – cultúr lena mbaineann scéalaíocht agus foghlaim, saothar ealaíonta, bród as ár n-oidhreacht agus fiosracht faoin domhan thart orainn nach sásaítear choíche. Is lucht coimeádta síochána agus lucht déanta síochána muid. Creidimid go bhfuil an cultúr mar bhunús na folláine pearsanta agus na folláine comhchoitinne. Is náisiún domhanda sinn anois agus táimid san airdeall i gcónaí ar na dúshláin atá romhainn uile. Tugann an méid sin uile le fios go bhfuil páirt ar leith le glacadh againn sa domhan.

“Trí Chlár Éire Ildánach, cothóimid cruthaitheacht agus samhlaíocht ár ndaoine agus caithfimid dua leo, déanfaimid ár bpobail a neartú agus a chumasú agus cruthóimid spás ina bhféadfar smaointe agus nuálaíocht fás agus bláthú. Maítear go muiníneach agus go bródúil ar Ireland.ie gur áit den scoth í Éire le cónaí inti, le bheith ag obair inti, le hinfheistíocht a dhéanamh inti, le gnó a dhéanamh léi agus le staidéar a dhéanamh inti.”

Dúirt an tAire Humphreys inniu:
“Is é an phríomhaidhm atá ag Éire Ildánach níos mó rannpháirtíochta sa chultúr a spreagadh sa bhaile, ach tá gné dhomhanda an chláir an-tábhachtach freisin. Tá seoladh na tairsí nua Ireland.ie ina chuid lárnach de Cholún 5: Ár gCáil Dhomhanda a Aontú. Tá Éire in áit mhaith le cruthaitheacht uathúil iontach ár ndaoine agus ár bpobal a chur chun cinn agus a thaispeáint, chomh maith leis na sainscileanna agus an díograis atá mar shaintréith ag muintir na hÉireann i mbaile is i gcéin.

“Tá sé níos tábhachtaí anois níos mó ná riamh go dtapaímid gach deis leis an teachtaireacht a threisiú gur áit í Éire ina bhfuil mórán féidearthachtaí, ina spreagtar smaointe agus samhlaíocht agus ina ndéantar iad a chumasú, agus ina mealltar an dúrud comhlachtaí, gnólachtaí agus daoine spreagúla mar gheall ar an bhfáilte a chuirtear rompu inár bpobail ar fud oileán na hÉireann.

“Tá sé thar a bheith cuí go bhfuil Ireland.ie á sheoladh ag an Taoiseach an tseachtain seo in Washington, tráth a bhfuil airí Rialtais ag cur chultúr na hÉireann chun cinn ar fud an domhain. Mar gheall ar chultúr agus cruthaitheacht na hÉireann tá féiniúlacht faoi leith againn, agus féachann Éire Ildánach leis sin a chur chun cinn agus a spreagadh i mbaile is i gcéin.”

Tá Ireland.ie mar de chuid den Chlár Éire Ildánach faoi Cholún 5: Ár gCáil Dhomhanda a Aontú, a fhéachann le tairiscint amháin a chur i láthair bunaithe ar chultúr agus cruthaitheacht na hÉireann.

Creative Ireland

Open Video

Stay up to date

×