Skip to main content


Nuacht

Láthair Adhlactha Theach na mBocht i mBiorra & an Móinéar Tionscadal faoi stiúir Chompántas Drámaíochta Uíbh Fhailí

Scroll
min read

Láthair Adhlactha Theach na mBocht i mBiorra & an Móinéar Tionscadal faoi stiúir Chompántas Drámaíochta Uíbh Fhailí

min read

10/11/22

Láthair Adhlactha Theach na mBocht i mBiorra & an Móinéar Tionscadal faoi stiúir Chompántas Drámaíochta Uíbh Fhailí

“Everyday life folding into once lived lives, one story becoming another, The Meadow” How could we remember the thousands of lost souls who were buried in unmarked graves at the rear of Birr Workhouse? This was a question posed by the Offaly Drama group. They wanted to remember them with dignity and provide a long term legacy.

Ceist í sin a chuir compántas Drámaíochta Uíbh Fhailí.  Ba é ba mhian leosan cuimhne a bheith go ceann fada fós orthu agus dínit lena linn sin.

Ar an bpríomhshocrú a rinneadh, bhí aire a thabhairt don láthair adhlactha ionas go dtiocfadh chun cinn ina mhóinéar faoi bhláthanna fiáine a leanfadh faoi bhláth i bhfad tar éis dheireadh an tionscadail. Thosaigh an compántas ag obair sa bhliain 2020 le Tom Lane, cumadóir ceoil, a shaothraigh in éineacht le Cumann Chór Bhiorra ar bhunsaothar a d’fhéadfaí a chanadh sa mhóinéar.

Tháinig na healaíontóirí Fiona Breen agus Caelan Bristow i bpáirt maidir le taibhréim a leagan amach lena dtabharfaí an lucht féachana ar bhóithrín smaointeoireachta tríd an ionad adhlactha.  Thug  Fiona Devery, luibheolaí agus gníomhaí le comórtas na mBailte Slachtmhara, 69 speiceas de bhláthanna fiáine chun suntais ag fás ar an móinéar. Bailíodh síolta freisin cóngarach don mhóinéar le Caisleán Bhiorra d’fhonn cur le réimse na speiceas,   Tá tuairisc grianghrafadóireachta ina stíl shainiúil féin coinnithe ag Tina Claffey ar na bláthanna fiáine, gach bláth beag bídeach dá laghad é ina ábhar iontais ar a fheiceáil trína lionsa.

Tháinig Covid-19 leath bealaigh tríd an obair agus rinneadh athchóiriú ar an togra.  Bheadh saothar cumadóireachta Tom Lane ina bhonnchloch faoi shaothar suiteacháin fuaime faoi leith i ndáil leis an ionad agus sin ina chuid d’Fhéile Gutha agus Ceoil Bhiorra i mí Lúnasa 2021. Lorgaíodh tuairisc ar amhránaithe i measc an phobail agus thosaigh Tom ar iad a thaifeadadh, gan é ar aon láthair leo. Rinne Tom taifeadadh freisin ar na hamhránaithe Ann Hogan, John Molloy agus Pascal Kennedy chomh fada ó bhaile le Dún Éideann agus leis an Ongáir. Thug Covid gur mó an leas a bhí á bhaint as gnéithe den teicneolaíocht.

Labhair Tom Lane agus Fiona Breen leis an staraí Margaret Hogan faoin ábhar.  Ba mhór an spreagadh réimse a cuid eolais agus mine ghéire a cuid léargais, chomh maith leis an meon tuisceanach gan trá ná maolú choíche inti.  Ba mhór an chabhair    Brian Kennedy freisin ag cur mioneolais agus ábhar míniúcháin ar fáil faoi Thithe na mBocht in Éirinn.

Tháinig Brendan Farrell, dearthóir ríchumasach fuaimréime i bpáirt le meitheal an Mhóinéir agus ba mhór an spóirt an mianach atá annsan babhtáil a dhéanamh idir na gnéithe éagsúla, ceol agus aithriseoireacht, a thabhairt faoi deara.

Ba é toradh an tsaothair gur reáchtáladh an Móinéar ar láthair adhlactha Theach na mBocht i mBiorra ar an 21 Lúnasa 2021. Lá tirim samhraidh a bhí ann agus an lucht féachana ina suí ar bhéileanna cearnacha.  Níor fágadh ticéad le fáil do cheann ar bith de ceithre seó an Mhóinéir.

 

“Gnáthshaol an lae fite leis saol a caitheamh, scéal amháin go dlúth i scéal eile, An Móinéar”

Cén comóradh is ceart a dhéanamh ar na mílte ar cuireadh a gcorp in uaigh gan leacht ar chúl Theach na mBocht i mBiorra?

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×