Skip to main content


Nuacht

Ag Déanamh Ceoil le Sonamus: Cónaitheacht Teagaisc Chill Mhantáin

Scroll
min read

Ag Déanamh Ceoil le Sonamus: Cónaitheacht Teagaisc Chill Mhantáin

min read

14/10/21

Ag Déanamh Ceoil le Sonamus: Cónaitheacht Teagaisc Chill Mhantáin

Tionscadal foghlama comhroinnte idirghníomhach a oibríonn le daoine a bhfuil cónaí orthu i gContae Chill Mhantáin agus atá 55 bliain d'aois agus os a chionn, á chur i láthair ag Music Network agus Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chill Mhantáin. Cuireadh tús leis an gclár i mí Eanáir 2021 agus 16 duine fonnmhar díograiseach atá ina gcónaí i gCo Chill Mhantáin agus iad 55 bliain d'aois agus os a chionn, ag tabhairt faoin dúshlán filleadh ar an gceol. Agus leas á bhaint as na cúlraí ceoil atá ag ceathairéad cáiliúil Chill Mhantáin, Sonamus, Eamon Sweeney (giotár), Annette Cleary (dordveidhil ), Rachel Factor (cruitchlár) agus Tim Doyle (feadóga), thug an clár teagaisc deis do na rannpháirtithe taithí a fháil ar réimse stíleanna agus teicnící ceoil agus iad a fhoghlaim, agus a spéis i seinm an cheoil a athmhúscailt. Thairg an Chónaitheacht teagasc aonair agus teagasc i ngrúpa do na rannpháirtithe ar an bpianó, ar an ngiotár, ar an dordveidhil agus ar an bhfeadóg. Bhí an teagasc ar fad saor in aisce agus cuireadh ionstraimí ar fáil nuair ba ghá ar feadh thréimhse an tionscadail.

Bhí ceachtanna aonair agus ceachtanna i ngrúpa ar siúl ar líne agus chríochnaigh an chónaitheacht le trí sheisiún ensemble lasmuigh nuair a bhain na rannpháirtithe agus Sonamusan-sásamh as an deis ceol a sheinm le chéile go pearsanta den chéad uair.

D’éirigh chomh hiontach sin leis an gclár go bhfuil síneadh curtha leis anois go dtí deireadh 2021.

Toradh breise, nach rabhthas ag súil leis, is ea go bhfuil gealltanas tugtha ag na foghlaimeoirí go leanfaidh siad ar aghaidh ag casadh mar ensemble le chéile agus tacóidh Sonamus leo freisin san iarracht seo.

Making Music with Sonamus; the Wicklow Teaching Residency  – Físeán

Arna scannánú ar an láthair ag Léiriú Súgradh Teo ag Teach agus Eas  Fhearann an Dóchais, Co. Cill Mhantáin.

 

Joe Nealon – (giotár): 

“Sheinn mé beagán ceoil chomh fada sin ó shin anois is nach gcuimhním cá bhfuil na nótaí ar an gclár stiallóg. Sheinn mé rud beag ar an  maindilín agus bhí mé ag fáil ceachtanna ar an bhfidil ar feadh tréimhse. Tá go leor uirlisí bailithe agam thar na blianta agus gheall mé dom féin go dtosóinn ag plé leis an gceol nuair a rachainn ar scor. Bhí rún agam i gcónaí ceol a sheinm arís ach ar go leor cúiseanna níor éirigh liom sin a dhéanamh.

Anuraidh chuir mo bhean chéile an clár ceoil seo ar mo shúile dom mar go raibh a fhios aici an chaoi ar bhraith mé faoi a bheith ag seinm ceoil arís. Tar éis dom iarratas a dhéanamh agus mé ag ceapadh go dtiocfainn isteach ag an deireadh, ní raibh mé ró dhóchasach go nglacfaí liom.

Bhí ríméad an domhain orm  nuair a chuir Music Network in iúl dom gur glacadh liom ar an  gclár. Bhí a fhios agam ansin go raibh mé ag iarraidh mo dhícheall a dhéanamh, ach bhraith mé an-meirgeach..

Is iomaí ceacht atá faighte agam faoin am seo agus tá sé níos éasca mar gheall ar an mbealach cairdiúil a mhúineann mo theagascóir Eamon Sweeney. Thug na ceachtanna cuid de mo scileanna cluaise ar ais mar sin, tá sé níos éasca cuimhneamh ar mo chuid nótaí. Táim sásta go bhfuilim in ann cúpla amhrán a chasadh agus braithim nach bhfuilim ann ach ina thús. Ní ligfidh mé dom féin feasta stopadh ag casadh ceoil.

Tá an clár fíorluachmhar domsa toisc go raibh mé chomh fada ón gceol is nach móide, le bheith fíríneach, go dtosóinn go brách. Tá mé ag súil go mór le bheith ag casadh i ngrúpa leis na rannpháirtithe eile go luath agus leanúint ar aghaidh ag feabhsú le tuilleadh cleachtadh.

Go raibh míle maith agaibh as an eispéireas seo.”

Joyce Jones (cello)

“Threisigh an tionscadal seo an rud a chreidim – gur féidir rudaí nua a fhoghlaim i gcónaí agus de ghnáth nach bac ar bith í an aois”.

Ruth Barker (cello)

“Is eispéireas nua domsa iad na ceachtanna ar líne, scil nua eile le foghlaim!”

Elaine Byrne (méarchlár)

“Mar gheall ar go bhfuilim mar chuid den ghrúpa seo tá m’aird dírithe arís agam ar an gceol agus ar an rud a chiallaíonn sé dom. Tá a fhios agam gur féidir liom é a dhéanamh má chuirim an t-iarracht isteach. Ní bheidh aon aiféala orm agus na blianta ag dul thart nár bhain mé amach mo mhian a bheith i mo cheoltóir”.

 

Deirdre Malone (méarchlár)

“Is trí thimpiste a tháinig mé ar an eolas faoin gclár seo agus ba mhór an chabhair dom é in am an ghátair. Seinnim an consairtín agus d’fhoghlaim mé an pianó agus mé i mo pháiste ach sin 61 bliain ó shin. Táim ag baint an-sult as an dúshlán a bhaineann le bheith ag foghlaim an phianó arís agus is ábhar iontais dom féin é an méid is cuimhin liom. Bím ar bís gach lá le tosú ag cleachtadh agus bím in ann dearmad a dhéanamh ar gach rud chomh luath agus a bhuaileann mo mhéara na heochracha.  Ba mhaith liom a rá go bhfuil múinteoir iontach agam”.

Elaine Byrne (méarchlár)

“An rud a mheall mé chuig an tionscadal mé ná go raibh a fhios agam  go mbeinn ag foghlaim ó shaineolaithe i saol an cheoil. Thaitin an smaoineamh go mbeadh teagasc duine le duine ar fáil go mór liom.

Ag tosú amach, bhí mé idir dhá chomhairle. Bhí imní orm go mb’fhéidir nach raibh an caighdeán agam i ndáiríre a theastaíonn le páirt a ghlacadh. Bhí mé ag súil go mór leis an lá a mbuailfinn le mo theagascóir (fiú ar Zoom) ach bhí mé drogallach freisin agus mé ag priontáil amach na chéad bhileoga ceoil.

Is é atá faighte amach agam anois ná nach raibh gá ar bith a bheith drogallach ná imníoch faoi a bheith mar chuid den ghrúpa. Táimid ag plé le ceol atá suimiúil agus inláimhsithe. Is féidir leibhéal na bpíosaí a chur in oiriúint don chaighdeán ceoil atá ag gach duine aonair. Níor mhothaigh trína chéile ariamh ná níor bhraith mé go raibh na píosaí ceoil thar mo chumas.

Toisc go bhfuilim sa ghrúpa seo tá m’aird dírithe agam arís ar an gceol agus ar gach a chiallaíonn sé dom. Tá a fhios agam gur féidir liom é a dhéanamh má chuirim an t- iarracht isteach. Ní bheidh aon aiféala orm agus na blianta ag dul thart nár bhain mé amach mo mhian a bheith i mo cheoltóir.

Níl mé ag rá go bhfuil sé éasca, ach is é an rud atá á rá agam ná go bhfuil sé ar cheann de na tionscadail is fiúntaí a raibh baint agam leo agus braithim gur mór an phribhléid dom a bheith páirteach sa chlár Making Music le Sonamus. Go dtí seo, b’fhiú go mór é agus tá mé thar a bheith sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh agam.”

 Bernadette Fitzgerald (dordvheidhil)

“An rud is mó a thaitin liom go dtí seo ná bualadh le Annette, mo theagascóir. Tá sí thar barr ar fad. Agus ansin, ar ndóigh, ag fáil mo leath- dhordvheidhil  álainn a bhfuilim i ngrá leis cheana féin agus is fada liom go dtosóidh mé á sheinm.”

 Uta Bean Uí Almhain (dordvheidhil )

“Taitníonn sé go mór liom a bheith ag cleachtadh gach lá, mar sin tá mé ag iarraidh máistreacht a fháil ar na dúshláin nua sin go léir. Is rud iontach ar fad é sin.”

 

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×