Skip to main content


Nuacht

Plean Straitéiseach Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach seolta ag Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir

Scroll
3 min read

Plean Straitéiseach Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach seolta ag Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir

3 min read

11/05/21

Plean Straitéiseach Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach seolta ag Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir

Sheol Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir a céad Phlean Straitéiseach Dé Máirt, an 11 Bealtaine. Tá an Chomhpháirtíocht, atá ar cheann de thrí chlár phíolótacha náisiúnta, mar chuid de cholún Óige Ildánach de chuid Éire Ildánach, a bhfuil cúram uirthi deiseanna cruthaitheacha do dhaoine óga a fhorbairt sa phobal.

Aithnítear sa Phlean Straitéiseach sainghrúpaí daoine óga a bhfuil tús áite le tabhairt dóibh i dtaobh cláir chruthaitheacha atá le bunú ar fud Luimnigh agus an Chláir. Aithnítear daoine óga atá ina gcónaí i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, daoine óga atá faoi mhíchumas, imircigh óga agus daoine óga atá lonnaithe i bpobail faoin tuath ar na grúpaí tosaíochta d’obair na Comhpháirtíochta, agus díreofar aird láithreach ar phobail i Leithinis Cheann Léime, in Iarthar Luimnigh agus in ionaid Soláthair Dhírigh.

Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt George O’Callaghan, Príomhfheidhmeannach:

“Tá comhpháirtíocht le páirtithe leasmhara ó earnáil na hóige agus ó earnáil na n-ealaíon agus an chultúir ríthábhachtach chun an obair atá idir lámha againn a chothú. Is comhoibrithe tábhachtacha iad Seirbhís Óige Luimnigh, Seirbhís Óige an Chláir, Foróige, grúpaí gasógaíochta agus ionaid acmhainní teaghlaigh, agus is tábhachtach freisin comhlachtaí Ealaíon agus cultúir ar fud an dá chontae, go háirithe na cinn sin a bhfuil cúram acu d’ealaíona na hóige.  Dúirt sé chomh maith: Tá Music Generation Luimnigh, Music Generation an Chláir agus foireann láidir an Bhoird Oideachais agus Oiliúna maidir le hObair don Óige ríthábhachtach don phlean freisin, agus tá ról lárnach ag Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach laistigh d’fhoireann an Bhoird Oideachais agus Oiliúna.

LCYP Virtual Launch poster

Labhair Donncha Ó Treasaigh, Stiúrthóir Scoileanna, faoin obair atá ag dul ar aghaidh le daoine óga san aoisraon suas go 25 bliain d’aois agus faoin mbealach a leagtar béim sa straitéis foilsithe ar ghuth an linbh and an duine óig mar bhunphrionsabal treorach na hoibre.

Dúirt sé: Téitear i gcomhairle le daoine óga i réimse comhthéacsanna i gcónaí chun tionchar a imirt ar na cineálacha clár cruthaitheach a chuirtear i láthair, agus chun iad a mhúnlú. Leis na comhairliúcháin seo, tá raon leathan gníomhaíochtaí aitheanta ag daoine óga ar mhaith leo iniúchadh a dhéanamh oraibh, na healaíona traidisiúnta agus gnéithe den chomhshaolachas agus den chultúr pobail ina measc.”

Labhair Monica Spencer, Comhordaitheoir Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach, go díograiseach faoin bplean straitéiseach:

“Tá guth an linbh an-óg i gcroílár obair na Comhpháirtíochta, a bhfuil cláir i bhfeidhm aici le Coistí Cúraim Leanaí Luimnigh agus an Chláir. Tá sé de rún againn leis na cláir seo guth na leanaí in oideachas luathbhlianta a chloisteáil agus léiriú neamhbhriathartha babaithe trí dhamhsa agus trí ghluaiseacht chruthaitheach a spreagadh.”

Dúirt sí freisin: “Bímid ag obair go dlúth le Mol na nÓg agus Éire Ildánach, agus glacann Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach le cur chuige bunaithe ar chearta, a bhfuil sé mar aidhm aige teacht ar na daoine óga sin a mbíonn sé deacair teacht orthu agus nach dtugtar cluas éisteachta dóibh de ghnáth, agus fís uileghabhálach Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach a chur i gcrích, is é sin cumas cruthaitheach gan linbh agus duine óig a chumasú.”

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil ó ghrúpaí óige agus pobail maidir le cláir chruthaitheacha a fhorbairt ina gceantar féin, déan teagmháil le: monica.spencer@lcetb.ie.

Stay up to date

×