Skip to main content


Nuacht

Tá Gailearaí RHA ina hóstach ar an gcéad This is Art! Taispeántas

Scroll
3 min read

Tá Gailearaí RHA ina hóstach ar an gcéad This is Art! Taispeántas

3 min read

3/10/23

Tá Gailearaí RHA ina hóstach ar an gcéad This is Art! Taispeántas

Ina 200ú bliain, tá an Royal Hibernian Academy (RHA) ag óstáil an This is Art! taispeántas.

Tá This is Art! – an comórtas ealaíne do dhaoine óga 0 – 18 mbliana d’aois ar fud oileán na hÉireann a ritheann RTÉ gach bliain i gcomhar leis an gclár Éire Ildánach – le rogha iontach den 15,000 saothar a cuireadh isteach ar an gcomórtas ó thráth a chur ar bun sa bhliain 2021 a chur ar taispeáint i dtaispeántas ealaíne nua.

Ní bheidh aon táille isteach chuig an taispeántas speisialta This is Art! seo a bheidh ar siúl san Acadamh Ibeirneach Ríoga (RHA), Plás Ely, Baile Átha Cliath 2, ó Dé hAoine, an 6 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh an 29 Deireadh Fómhair, ón 11.00 r.n. – 5.00 i.n., Luan – Aoine (6.30 i.n. ar an gCéadaoin) agus ón 12.00 meán lae – 6.30 i.n. ar an Domhnach.

Ón mbliain 2021 i leith, tá comhpháirtíocht straitéiseach ar siúl idir This is Art! agus Cruinniú na nÓg, lá cruthaitheachta saor in aisce do dhaoine óga in Éirinn (tionscnamh de chuid Éire Ildánach).  Le tacaíocht ó na hÚdaráis Áitiúla ar fud na tíre, tugann an tionscnamh iontach sin deis do leanaí agus do dhaoine óga a gcuid cruthaitheachta a chur in iúl. 

TÉAMAÍ GO DTÍ SEO – THIS IS INSPIRATION!

Trí cinn de théamaí a bheidh ag baint leis an taispeántas.  Déanann ealaíontóirí óga, gan bheann ar chumas, saothar ealaíne gach bliain de réir mar a spreagann an téama.

Sa bhliain 2021, “This is Now” an téama a cuireadh chun cinn d’fhonn léiriú a gcuid cruthaitheachta ar na srianta sóisialta a spreagadh.  Tháinig an dóchas, an brón, an mearbhall, an fhearg agus an ríméad le chéile in aon taisceadán cruthaitheachta amháin ón tréimhse a bhain stangadh as an domhan ar fad.

I dtús na bliana 2022, nuair a bhí filleadh ar an ngnáthshaol á fheiceáil rompu ag daoine, “This is Extraordinary” an téama a cuireadh chun tosaigh.  Arís, feictear sna saothair a cuireadh i láthair a raibh ar intinn dhaoine óga na hÉireann agus sinn ag athrú go cúramach ar ais chuig saoirse an tsaoil.

Dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

"Is léiriú iontach an taispeántas seo ar an gcruthaitheacht agus ar an spreagadh gan teorainn atá ag daoine óga in Éirinn. "

Ag trácht dó ar an taispeántas This is Art!, dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: 

“Déantar ceiliúradh leis an gcomórtas This is Art! ar an gcruthaitheacht atá i ndaoine óga ar fud oileán na hÉireann agus is tábhachtach an ghné atá ann d’fhónamh RTÉ d’ealaíontóirí óga na tíre le trí bliana anuas.  Is ábhar mórtais ag RTÉ a bheith ag obair arís le hÉire Ildánach i gcomhar an uair seo leis an Acadamh Ibeirneach Ríoga, atá 200 bliain ar an bhfód, chun deis eile a thabhairt do roinnt de na saothair iontacha ealaíne a chur i láthair agus ceiliúradh a dhéanamh ar ealaíontóirí óga agus ar an saothar atá á chruthú acu. 

Is mian liom moladh agus buíochas a chur in iúl dóibh sin uilig a ghlac páirt in This is Art! ó cuireadh tús leis trí bliana ó shin.  Is ceiliúradh seo ar an uile dhuine díobh sin agus ar an ábhar spreagtha atá sa saothar a chruthaigh siad.”

Dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán: 

“Déanaim gairdeas leis na daoine óga cumasacha ar fad a chuir 15,000 saothar ealaíne faoi bhráid agus a bhí páirteach in This is Art! ó cuireadh ar bun ar dtús é sa bhliain 2021. Is léiriú iontach an taispeántas seo ar an gcruthaitheacht agus ar an spreagadh gan teorainn atá ag daoine óga in Éirinn.  Is iontach é a bheith le feiceáil againn agus tá súil agam go leanfaidh na daoine óga dá gcur féin in iúl chomh breá, líofa, snasta go ceann na mblianta fada romhainn”.

Dúirt Suzanne Kelly, Ceannasaí na gClár do Dhaoine Óga, RTÉ: 

“Cuireadh tús le This Is Art! sa bhliain 2020, tionscnamh digiteach ealaíne de chuid Chláir na nDaoine Óga in RTÉ.  Ba bhealach é le ceangal caidrimh a chothú leis an ealaín ag leanaí agus daoine óga i rith na paindéime. Tapaíodh an chruthaitheacht spreagúil sin iontu agus cruthaíodh taifead digiteach físe a bhainfeadh cor as croí duine.  Agus tús á chur leis an gceathrú bliain de This Is Art!, tá borradh nirt i gcónaí faoi agus is breá liom gur féidir le RTÉ, i gcomhar leis an Acadamh Ibeirneach Ríoga agus Éire Ildánach, roinnt den saothar a uaslódáladh le trí bliana anuas a thabhairt faoin aon díon amháin ionas gur féidir leis an uile dhuine taitneamh agus sásamh a bhaint astu agus ceiliúradh a dhéanamh orthu.  Ba mhaith liom go háirithe a gcuid saothair a thréaslú leis na healaíontóirí ar fad a chaith am agus dua le trí bliana anuas, déantar gairdeas leis an uile dhuine a bhí páirteach in This is Art!!!”

Above: Photography: Patrick Browne

Maidir le breis eolais faoin taispeántas, féach: https://rhagallery.ie/events/exhibitions/this-is-art/.

Maidir le breis eolais faoi This is Art!, féach https://www.rte.ie/thisisart.

cliceáil anseo chun freastal ar an gclár  Seo Ealaín! Buaiteoirí chomórtas 2023

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×