Skip to main content


Nuacht

The Sugar Tapes – Ionad Ealaíon The Source, Durlas

Bhí an Mhonarcha Shiúcra ag feidhmiú i nDurlas ón mbliain 1934 go dtí 1989. Bhí sé ar cheann de phríomhfhostóirí an bhaile le linn na tréimhse sin. Bhí breis is 300 duine fostaithe go lánaimseartha inti agus pá maith á íoc leo. Bhí obair shéasúrach freisin i gceist le linn an ‘fheachtais’ (an tráth den bhliain a mbaintí an biatas siúcra). Bhí glúnta de na teaghlaigh chéanna ag obair sa mhonarcha a chuir ioncam rialta ar fáil d’fheirmeoirí a d’fhás an biatas siúcra chomh maith. Buaileadh an baile go dona nuair a dúnadh an mhonarcha sa bhliain 1989.

Is é an t-ealaíontóir Eddie Kenegen a chuir The Sugar Tapes i dtoll a chéile, sraith 40 uair an chloig d’agallaimh thaifeadta le baill foirne agus le baill den bhainistíocht a d’oibrigh sa mhonarcha, agallaimh faoina gcuid oibre, a saol sóisialta agus pearsanta agus an bhaint a bhí acu leis an monarcha. D’fhostaigh Ionad Ealaíon The Source beirt scríbhneoirí chun obair a dhéanamh ar na téipeanna agus taighde breise a dhéanamh ar scéal na monarchan ar an mbaile. Chuir siad glaoch amach ag iarraidh cúnamh ón bpobal agus reáchtáil 3 sheisiún ar zoom inar phléigh iarfhostaithe stair na monarchan. Is é an clos-saothar 1. Voices a scríobh Martin Maguire agus Bob Kelly, toradh na hoibre sin agus táthar ag súil gurb é sin an chéad eagrán de thogra níos leithne ar an monarchan.

Leagtar béim in 1.Voices ar an tábhacht a bhain leis an monarchan don bhaile agus ar an tionchar mór a bhí ag dúnadh na monarchan ar an bpobal sna 1980idí. https://www.youtube.com/watch?v=b8bvvNxkhxo

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×