Skip to main content

Fighting Words – An Ceart Scríbhneoireacht a Dhéanamh

Maidineacha i ndiaidh a chéile, bíonn scéalta iontacha scríofa as an nua ag leanaí bunscoile. Coinnítear iad ar fad i dtaisce sa leabharlann (na scéalta atá mé a rá, ní hiad na leanaí)”. Is féidir na scéalta a léamh agus na pictiúir a fheiceáil ach cliceáil anseo.

Féachann Fighting Words le cuidiú le leanaí agus le daoine óga (agus le daoine fásta nach bhfuair an deis chéanna le linn na hóige) éirim na samhlaíochta iontu féin a aimsiú agus sin agus a gcuid scileanna scríbhneoireachta a chothú.

Téann Fighting Words i bhfad níos faide ná sin amháin – tá i gceist leas a bhaint as an scríbhneoireacht chruthaitheach agus as an scéalaíocht chun na leanaí agus na déagóirí a neartú ionas go mbíonn siad buanseasmhach, cruthaitheach agus buacach i mbun an saol a leagan amach dóibh féin.

Téann seo i bhfeidhm go sochrach ar fhorbairt phearsanta, shóisialta agus acadúil an duine – tá ardleibhéal spreagtha léirithe ag na rannpháirtithe ní amháin leis an scríbhneoireacht chruthaitheach ach le réimse iomlán na scolaíochta ionas go bhfeictear feabhas maidir le fonn, muinín, féinmheas agus mórtas ina n-acmhainn cruthaitheachta, cumas oibriú i gcomhar le daoine eile agus dul chun cinn ó thaobh acmhainn litearthachta.

Ó chuir Roddy Doyle agus Seán Love Fighting Words ar bun sa bhliain 2009, tá teagasc sa scríbhneoireacht chruthaitheach, meantóireacht agus foilsitheoireacht curtha ar fáil saor in aisce. Bhí níos mó ná 120,000 leanbh agus duine óg ar fud na tíre páirteach sa togra le deich mbliana anuas.

Oibrithe deonacha a chuireann cuid mhór den tseirbhís ar fáil agus tá níos mó ná 1,000 teagascóir/meantóir oilte ar fud na tíre.

Tá 12 ionad Fighting Words ar fud na tíre faoi seo: Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Béal Feirste, Cill Mhantáin, Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, Loch Garman, Cúl Raithin, Cill Dara agus Conamara. Tá d'aidhm le Fighting Words go dtiocfaí i gcion ar an uile leanbh agus ar an uile dhuine fásta sa tír.

Táthar ag féachaint le seirbhísí saor in aisce Fighting Words’ a chur ar fáil go háisiúil ar fud na hÉireann ar fad i rith na mblianta beaga seo chugainn. Ar mhaithe leis sin, tá Éire Ildánach agus Fighting Words ag oibriú as lámha a chéile chun díriú ar an aidhm sin a thabhairt i gcrích, forás a dhéanamh i ngach cuid den tír, dul i gcion ar líon níos mó daoine óga agus an tóir ar an scríbhneoireacht chruthaitheach (agus an leas aisti) a scaipeadh.

Thug Éire Ildánach cúnamh taca freisin maidir le Fighting Words Conamara a chur ar bun i mí Deireadh Fómhair 2019. In Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc a eagraítear na ceardlanna sin i nGaeilge. Táthar ag súil go mbeidh ceardlanna á gcur ar fáil i nGaeilge i rith na mblianta atá romhainn i ngach áit ina n-éilítear sin.

Togra ríspéisiúil eile atá ar na bacáin is ea an comhléiriú sa bhliain 2021 i gcomhar leis an Amharclann Náisiúnta ar shaothar le scríbhneoirí óga chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó bunaíodh an stát.

https://www.fightingwords.ie/

Better Words PDF

Stay up to date

×