Skip to main content

Náisiún
Ildánach

An bealach a ndearna muid é: Damhsóirí óga na hÉireann ag caint faoi Dancing By Distance

Scroll
4 min read

An bealach a ndearna muid é: Damhsóirí óga na hÉireann ag caint faoi Dancing By Distance

4 min read

11/03/21

An bealach a ndearna muid é: Damhsóirí óga na hÉireann ag caint faoi Dancing By Distance

Ceann de na rudaí ba mhó a sheas amach ag Cruinniú na nÓg i mbliana ab ea Dancing by Distance, an scannán iontach úrnua le Dance Ireland a thugann ardán don tallann iontach atá ag damhsóirí óga ar fud na tíre.

Thug an scannán seo, a rinneadh le linn na chéad dianghlasála dúshlán níos mó ná 35 damhsóir óg a ndamhsaí aonair féin a chumadh agus a scannánú le haghaidh Cruinniú na nÓg, agus ansin tugadh gach rud le chéile ar aon bhuille chun tallann, cruthaitheacht agus dúthracht na ndamhsóirí óga a cheiliúradh. Nuair a taispeánadh an scannán den chéad uair ar RTÉ a Dó ar an Satharn 13 Meithimh fuair sé ardmholadh ar líne agus tá sé feicthe breis agus 40,000 uair ar chainéal Facebook Éire Ildánach.

Labhair muid le cúpla duine de na damhsóirí óga a bhí páirteach faoi a bheith ag déanamh Dancing by Distance.

Ba é Luke Murphy a bhí i mbun cóiréagrafaíochta ar na gluaiseachtaí do Dancing by Distance agus is é a rinne moltaí ina leith. Bhí an ceol a chum Micheal Fleming mar inspioráid dá gcuid gluaiseachtaí ag na damhsóirí ar fad.

Bella Cotter: Bhí deacracht agam cóiréagrafaíocht a dhéanamh a léireodh gach mothúchán go hiomlán, ach bhain mé an-taitneamh as a bheith in ann úsáid a bhaint as uillinneacha an cheamara agus as na láithreacha mar chúnamh chun an scéal a insint.

Cara McCrystal: Bhí sé deacair spásanna oiriúnacha a aimsiú le bheith ag damhsa iontu, áit a bhféadfainn bogadh thart go héasca agus go nádúrtha, mar gheall ar an stíl mórghluaiseachta atá agam is deacair é a rialú agus a scannánú go sábháilte i ngnáth-theach cónaithe. Bhí an t-ádh orm go bhfuil tosach agus cúl an tí an-deas agus go raibh mé in ann a bheith ag scannánú ann go compordach agus mé ag baint taitneamh as an aer úr agus as an spás taobh amuigh.

 

Dancing By Distance

Open Video

Chun cur ar a gcumas an spás acu féin sa bhaile a úsáid go héifeachtach, chuir an cóiréagrafadóir Luke Murphy comhairle ar na damhsóirí maidir le spás a líonadh agus gluaiseachtaí agus rithimí a thriail.

 Bella Cotter: Bhí an-suim agam triail a bhaint as bealaí éagsúla leis an spás i mo thimpeall a úsáid chun cur leis an gcóiréagrafadóireacht.  Rinne mé scannánú ag amanna éagsúla den lá agus chuidigh sé seo liom freisin na scáileanna agus an solas a oibriú amach.

Cara McCrystal: Bhí mé in ann spásanna agus áiteanna ar fud an tí a roghnú le scannánú iontu mar gheall ar an gcúnamh agus an treoir a thug an cóiréagrafadóir dom agus na láithreacha ab fhearr leis.

Threoraigh Invisible Thread Films na damhsóirí ó thaobh na mbealaí éagsúla leis an scannánú a dhéanamh, agus atmaisféar a chruthú trí éagsúlacht a chur i leagan amach na radharc agus trí úsáid a bhaint as spásanna beaga chomh maith leis an am.

Bella Cotter: Is bealach an-mhaith é an damhsa le mothúcháin a chur in iúl toisc go mbíonn saoirse agat an chumarsáid a dhéanamh le d’aghaidh agus freisin le do cholainn.

Cara McCrystal: Ceapaim go bhfuil an damhsa éifeachtach mar bhealach leis na mothúcháin sin a chur in iúl agus a scaoileadh toisc go dtugtar cead do na damhsóirí a bhféiniúlacht féin a fhorbairt trína ndamhsa féin, ar nós a bheith ag scríobh ar scoil sa rang Béarla nó sa ranga ealaíne i do stíl agus do theicnící féin. Faigheann tú deis mar dhamhsóir do ghuth féin a fhorbairt trí do chuid gluaiseachtaí agus de réir mar a fheabhsaíonn tú mar dhamhsóir éiríonn sé níos doimhne. Bhí an dianghlasáil dian ar go leor daoine agus neart ama acu le bheith ag machnamh agus ag streachailt le fadhbanna idirphearsanta. Bhí go leor féinanailíse ar bun ag daoine le cúpla mí anuas, luíonn sé le réasún mar sin go mbeadh cuid éigin de na mothúcháin seo le feiceáil ina gcuid gluaiseachtaí freisin.

Éiríonn leis an scannán, atá mar thoradh air, mothú aisteach iargúltachta agus nasc cruthaitheach idir na damhsóirí óga a chruthú agus ag an am céanna cuimsíonn sé  tréimhse ar leith do na healaíontóirí agus do lucht na cruthaitheachta. 

Bella Cotter: Tá an damhsa an-tábhachtach domsa mar bhealach le smacht a choinneáil ar an strus i mo shaol, cuidíonn sé liom díriú ar rudaí agus fáil réidh leis an bhfrustrachas a bhíonn orm. Bíonn deacracht agamsa mar nach bhfuil stiúir ar mo shaol ná aon dul chun cinn ann, cuidíonn an damhsa liom coinneáil ag imeacht  agus mar thoradh air airím go bhfuil smacht agam ar mo shaol agus go bhfuil mé in ann cur suas leis an bhfrustrachas a bhaineann le mo shaol.

Cara McCrystal: Ceapaim gur bealach iontach cruthaitheach é an damhsa mar nach bhfuil aon teorainn leis na bealaí atá ann le rudaí a thriail i do chuid cóiréagrafaíochta agus do ghluaiseachtaí féin.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×