Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Modh a Dhéanta: Damhsóirí Óga de chuid na hÉireann maidir le Dancing By Distance

Scroll
4 min read

Modh a Dhéanta: Damhsóirí Óga de chuid na hÉireann maidir le Dancing By Distance

4 min read

10/11/20

Modh a Dhéanta: Damhsóirí Óga de chuid na hÉireann maidir le Dancing By Distance

Ar cheann de bhuaicphointí Chruinniú na nÓg i mbliana, bhí Dancing by Distance, scannán arna léiriú ag Dance Ireland ina léirítear an cumas iontach atá i ndamhsóirí óga ar fud na tíre.

Nuair a tharla na srianta mar gheall ar an gcéad ráig de Covid-19 a cruthaíodh togra an scannáin lenar tugadh dúshlán níos mó ná 35 damhsóir óg saothar damhsa aonair dá gcuid féin a leagan amach agus scannánaíocht a dhéanamh air do Chruinniú na nÓg.  Tháinig sin le chéile go breá mar cheiliúradh ar chumas, ar chruthaitheacht agus ar dhíocas na ndamhsóirí óga.  Taispeánadh an scannán den chéad uair ar RTÉ Two, Dé Sathairn, an 13 Meitheamh.  Tarraingíodh ardmholadh air ar líne agus breathnaíodh níos mó ná 40,000 babhta é ar an gCainéal Facebook atá ag Éire Ildánach.

Tugadh deis do bheirt de na damhsóirí óga labhairt faoina dtaithí féin ar an scannán Dancing by Distance a dhéanamh.

Rinne Luke Murphy an chóireagrafaíocht maidir le Dancing by Distance agus bhí spreagadh gluaiseachta ag na damhsóirí freisin ón scór ceoil (leis an gcumadóir Michael Fleming) chomh maith le hábhar machnaimh a thabhairt dóibh. 

Bella Cotter: Bhí deacracht agamsa le cóiréagrafaíocht a dhéanamh ionas go gcuirfinn na mothúcháin in iúl go hiomlán ach thaitin sé go mór liom a bheith in ann uilinn an cheamara agus ionad an cheamara a athrú mar chuid de chur in iúl an scéil.

Cara McCrystal: Bhí sé deacair áiteanna oiriúnacha a roghnú don damhsa ina mbeadh cead mo chinn agus cead mo chos agam agus ar ndóigh bhí sé deacair mar, an stíl gluaiseachta atá agamsa, bíonn fairsinge i gceist leis agus ba dheacair dá bhrí sin é a dhéanamh agus an scannánaíocht a dhéanamh air i spás cúng i ngnáth-theach cónaithe.  Bhí an t-ádh orm go bhfuil tosach agus cúl an tí go breá agus gur fhéad mé scannánaíocht a dhéanamh ansin ar mo chompord agus taitneamh a bhaint as an aer úr agus as an spás amuigh faoin aer.

Dance Ireland: Dancing by Distance, le haghaidh Chruinniú na nÓg 2020

Open Video

Ionas go mbeadh úsáid éifeachtúil as an spás sa bhaile acu féin, thug Luke Murphy, an fear cóiréagrafaíochta, leidí do na damhsóirí freisin maidir leis an spás a líonadh, chomh maith le gluaiseachtaí agus rithimí ab fhiú a thriáil. 

Bella Cotter: Bhí an-fhonn orm an spás i mo thimpeall a úsáid chun cur leis an gcóiréagrafaíocht.  Chuidigh scannánaíocht a dhéanamh ag tráthanna éagsúla den lá liom freisin rudaí mar gheall ar scáil agus solas a oibriú amach.

Cara McCrystal: Leis an gcúnamh maidir le cóiréagrafaíocht agus an treoir a tugadh dúinn, tháinig an rogha spásanna agus áiteanna timpeall an tí ina ndearna mé an scannánaíocht faoi anáil na roghanna a luadh linn.

Thug Invisible Thread Films treoir do na damhsóirí faoi mhodhanna scannánaíochta a d’fhéadfaí a thriail, seatanna éagsúla le húsáid agus an úsáid is féidir a bhaint as spásanna cúnga agus as tráthanna éagsúla den lá chun cineálacha éagsúla atmaisféir a chruthú. 

Bella Cotter: Is iontach é an damhsa maidir le mothúcháin a chur in iúl ó tharla go mbíonn saoirse ag an damhsóir, ní hamháin an t-éadan a úsáid don chur in iúl, ach gach cuid den cholainn.

Cara McCrystal: Is dóigh liomsa gur rímhaith an modh cumarsáide an damhsa maidir leis na mothúcháin agus gur féidir racht a ligean ó tharla go gceadaítear don damhsóir an mianach atá ann féin a thabhairt chun cinn sa damhsa a dhéantar, mar a ligfí do dhalta i mbun ceapadóireachta ar scoil nó ag múnlú stíleanna agus modhanna oibre i rang ealaíne.  Bíonn deis ag an damhsóir an croí agus an mianach sin a chur in iúl sa ghluaiseacht agus de réir mar a thagtar in inmhe mar dhamhsóir is ea is doimhne a théann sin.  Bhí de dhúshlán ag rith leis an gcoraintín ag go leor daoine gur fágadh cuid mhór ama don choimhlint idir daoine agus don mhachnamh.  Tá cuid mhór ar fearr go mór an aithne atá acu orthu féin mar gheall ar an tréimhse sin, agus is cinnte – tá ciall leis dáiríre – gur tháinig daoine ar roinnt den tuiscint nua trína gcuid gluaiseachta chomh maith.

Tá uaigneas an dealú óna chéile le braith ar an scannán a tháinig de thoradh an tsaothair mar atá freisin an ceangal cruthaitheachta idir na damhsóirí óga.  Léirítear pointe ama faoi leith i saol an lucht damhsa agus ealaíne. 

Bella Cotter: Is é an chaoi a bhfuil sé agamsa go gcoinníonn an damhsa cúrsaí struis i mo shaol faoi smacht, is féidir liom díriú go hiomlán air agus faoiseamh a fháil ó aon rud atá ag cur isteach orm.  Bíonn deacracht agam nuair nach mbíonn stiúir ar an saol agam agus dul chun cinn, tugann an damhsa deis dom leathchois a leagan chun tosaigh ar an gceann eile agus cuidíonn sin liom a thuiscint go bhfuil smacht agam ar chúrsaí agus bíonn suaimhneas agam ó anró an tsaoil.

Cara McCrystal: Is dóigh liomsa gur iontach é an damhsa maidir leis an gcruthaitheacht a chur in iúl ó tharla nach bhfuil teorainn ar bith lenar féidir a fhéachaint ó thaobh cóireagrafaíochta agus gluaiseachta.

Stay up to date

×