Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Murar briseadh é: Ealaín an deisiúcháin a athfhoghlaim

Scroll
3 min read

Murar briseadh é: Ealaín an deisiúcháin a athfhoghlaim

3 min read

27/10/22

Murar briseadh é: Ealaín an deisiúcháin a athfhoghlaim

Cuir tú féin ar an eolas in athuair faoin gcleachtas fíorluachmhar a bhaineann le nithe a dheisiú agus a athúsáid ag an taispeántas Caring for Repairing de chuid Repair Acts Ireland a bheidh ar siúl saor in aisce ar feadh ceithre lá i gCill Bheagáin, Co. na hIarmhí ón 3-6 Samhain beag seo.

Idir an dearcadh le linn an chogaidh ‘déanamh lena bhfuil agat’ agus an seanleagan cainte ‘ná bí caifeach is ní bheidh tú gann’, gnáth-rud laethúil a bhíodh ann tráth a bheith ag cur le fad saoil ár sealúchais. Idir an dífheidhmeacht phleanáilte agus an margadh a bheith plúchta le hearraí saora atá éasca le seachadta, tá an nós a bhaineann leis na rudaí atá againn cheana féin a dheisiú neamhchoitianta anois sa 21ú haois.

Tionscadail amháin atá ag tabhairt faoin scéal sin a leigheas ná Repair Acts Ireland. Seo ceann de na 15 thionscnamh de chuid an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide atá ag Éire Ildánach agus is iniúchadh comhoibríoch é ar ‘chultúr an deisiúcháin’ agus an ról atá aige san ídiú, sa tomhaltóireacht agus in athchúrsáil ábhar. Is í aidhm inmholta an tionscnaimh ná cultúr deisiúcháin atá bríomhar agus athchóirithe a chur chun cinn in Éirinn trí scéalta ón am a chuaigh thart a bhaineann le socrú agus deisiú a cheangal lena bhfuil ar bun againn sa lá atá inniu ann agus leis an gcaoi a samhlaímid ár dtodhchaí.

Hands using sewing machine

 

Caring for Repairing

Chun go mbeidh muid ar fad ar an eolas faoin gcleachtas fíorluachmhar a bhaineann leis an deisiú agus leis an athúsáid, beidh Repair Acts Ireland ag deanamh ceiliúradh ar an deisiú agus ar an socrú ag taispeántas saor in aisce a mhairfidh ceithre lá i gCill Bheagáin, Co. na hIarmhí i mí na Samhna seo. Beidh taispeántas agus féile Caring for Repairing ar siúl ar fud an bhaile lár tíre ón 3-6 Samhain.

Agus foireann Repair Acts Ireland á stiúradh ag beirt as Cill Bheagáin, an t-ealaíontóir agus taighdeoir Teresa Dillon agus an tíreolaí Alma Clavin, díríodh le 10 mí anuas ar Chontae na hIarmhí. I gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae na hIarmhí agus UCD, bhí obair chartlainne ar bun ag an bhfoireann a bhain le stair an deisiúcháin agus chuir siad ceardlanna ar fáil ar fud an chontae.

Agus bhí fonn ar an bpobal a bheith páirteach ann freisin. Idir chócaireáin agus rothair, bróga, bréagáin agus uirlisí, tá suíomh gréasáin Repair Acts Ireland ag óstáil Chartlann an Phobail, áit a bhfuil cheana féin os cionn 100 sampla ann de thionscadail deisiúcháin na ndaoine féin.

 

"Tugann an taispeántas Caring for Repairing atá saor in aisce daoine ar thuras ó na 1930idí go dtí an lá atá inniu ann"

Agus é suite i Halla Naomh Séamus, seoid íostach ailtireachta Cill Bheagáin a tógadh sa bhliain 1944 agus an mol pobail áitiúil, tugann an taispeántas Caring for Repairing atá saor in aisce daoine ar thuras ó na 1930idí go dtí an lá atá inniu ann. Déantar machnamh freisin sa taispeántas ar an athrú a tháinig ar an gcaoi ar féidir an t-ábhar atá sa domhan a dheisiú le hochtó bliain anuas.

Tá clár na n-imeachtaí a bheidh mar chuid de Caring for Repairing lomlán le díospóireachtaí, ceardlanna, scannán, ceol agus ealaín. I measc na mbuaicphointí tá an chéad taibhiú de Turning the Collar, clár faisnéise faoi na cleachtais deisiúcháin ghairmiúla atá san Iarmhí; seoladh an Chéad Dearbhaithe Deisiúcháin de chuid na hÉireann agus an Díospóireacht Deisiúcháin; ceardlanna saor in aisce ar an gcaoi le rudaí a shocrú agus a dheisiú; gníomhaíochtaí lasmuigh do gach aois agus comhráite pobail le haoichainteoir Jane Ní Dhulchaointigh, aireagóir an chéad ghliú múnlaithe a bhí riamh againn Sugru, chomh maith le léirithe ó David Kitt, TokTek, Manchán Magan agus Neil Moran.

Man repairing guitar

 

Ceart chun Deisiúcháin

De bhun na reachtaíochta maidir le Ceart chun Deisiúcháin atá ag na Stáit Aontaithe agus a tugadh isteach i dtús na bliana 2022 agus a chinntíonn gur féidir le tomhaltóirí seirbhís a fháil déanta ar fheithiclí, feistí leictreonacha agus trealamh talmhaíochta ag ionaid díolacháin neamhspleácha agus teorann a chur leis an dífheidhmíocht phleanáilte, beidh Dearbhú agus Díospóireacht Deisiúcháin ar leith ar siúl ar mar chuid de chlár na n-imeachtaí i gCill Bheagáin freisin.

Le beagnach bliain anois, tá foireann Repair Acts ag bailiú le chéile na smaointe atá ag daoine maidir leis an méid ar mhaith leo a chur san áireamh sa chéad ‘Dearbhú Deisiúcháin’ d’Éirinn. Beidh na ráitis agus na moltaí maidir le gníomhartha a d’fhéadfadh tacú le hÉirinn dul i dtreo na gcleachtas bunaithe ar rudaí a dheisiú le feiceáil ag an taispeántas agus sa díospóireacht hAoine an 4 Samhain, tabharfar deis do chomhairleoirí áitiúla, d’ionadaithe gnó, d’ealaíontóirí, do dhaoine óga agus don lucht acadúil a bhfreagraí féin a thabhairt ar an dearbhú.

Broken mobile phone being repaired

Is iad na feirmeoirí atá chun tosaigh sa ghluaiseacht maidir le Ceart chun Deisiúcháin sna Stáit Aontaithe, agus tá an gnó deisiúcháin ríomhaireachta de chuid an Mhuilinn Chearr, Sherwood Technologies tar éis a sheirbhísí a leathnú amach ionas go mbeidh teicneolaíocht na talmhaíochta agus na tionsclaíocha curtha san áireamh freisin. Tá Sherwood Technologies go mór i bhfábhar na bhfeirmeoirí agus tá sé de cheart acu a n-innealra a dheisiú, agus beidh Steve Sherwood ó Sherwood Technologies páirteach i gComhrá Pobail le pobail áitiúla na feirmeoireachta agus le pobail náisiúnta na feirmeoireachta Déardaoin an 3 Samhain.

Gluaiseacht dhomhanda is ea an ghluaiseacht maidir le Ceart chun Deisiúcháin a bhfuil sé mar aidhm aici a chinntiú go mbeidh sé de cheart ag gach duine na hearraí atá acu a shocrú. Fuarthas amach i suirbhé Eurobarometer le déanaí go mb’fhearr le 77% de thomhaltóirí an AE a gcuid earraí a dheisiú ná cinn nua a cheannach ach go mbíonn orthu cinn nua a chur ina n-áit nó iad a chaitheamh amach sa deireadh mar gheall go bhfuil sé róchostasach iad a dheisiú agus mar gheall ar a laghad seirbhísí atá ar fáil.

Léiríodh i dtaighde cartlainne a rinne foireann Repair Acts Ireland go bhfuil laghdú suntasach tagtha, ó thús an 20ú haois, ar an rochtain atá ar ghnólachtaí deisiúcháin i gContae na hIarmhí agus ar an rogha mhór díobh a bhíodh ar fáil tráth.

Freshly made leather man's shoe at shoemaker workshop

 

Is beag nach bhfuil an obair laethúil a bhain leis an gcothabháil agus le caoi a chur ar rudaí imithe as an saol ar fad agus de bharr gur imigh an nós seo chuir sé freisin leis an dramhaíl a sheolaimid chuig láithreáin líonadh talún freisin. Léiríonn staitisticí go dtagann ardú ar an méid dramhaíola tí a ghintear in Éirinn de réir mar a mhéadaíonn an méid earraí pearsanta a bhíonn ag daoine agus go dtéann 40% den dramhaíl ar fad a bhailítear isteach sna boscaí bruscair dubha le haghaidh loscadh nó le cur sa líonadh talún.

“Is éard atá i gceist againn leis an gcultúr deisiúcháin”, a deir Teresa Dillon, “ná an chaoi a ndéanann muid rudaí a dheisiú, a shocrú, a chothabháil agus an chaoi a dtugaimid aire dóibh. Clúdaíonn sé an stair, an gheilleagair, an cheardaíocht, na cleachtais agus na próisis a bhaineann leis an gcaoi a ndeisímid rudaí. Tá an-suim againn na scéalta a bhaineann leis an am a chuaigh thart, le saol an lae inniu agus leis an todhchaí a nascadh i dtaca leis na hábhair seo. Ba bhreá linn dá roinnfeá do scéal linn faoi na rudaí a dheisigh tú agus faoin gcaoi a ndearna tú é.”

Cén fáth nach dtugann tú ar ais do chuid scileanna deisiúcháin féin i mí na Samhna? Téann sé chun tairbhe don sparán agus don domhan agus tugann sé an-sásamh do dhuine freisin.

Déan iniúchadh ar an obair atá déanta ag Repair Act Ireland go dtí seo agus déan ceiliúradh ar an nós a bhaineann le caoi a chur ar rudaí ag taispeántas agus féile ceithre lá Caring for Repairing a bheidh ar siúl san iliomad ionad i gCill Bheagáin, Co. na hIarmhí | 3-6 Samhain 2022

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun an clár iomlán a fheiceáil, féach repairacts.ie

Faigh tuilleadh eolais faoi na 15 thionscadal de chuid an Chiste um Ghníomh Cruthaitheach ar son na hAeráide anseo

Stay up to date

×