Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Folláine an Lucht Siúil tríd an gcruthaitheacht 2023

Scroll
min read

Folláine an Lucht Siúil tríd an gcruthaitheacht 2023

min read

21/02/23

Folláine an Lucht Siúil tríd an gcruthaitheacht 2023

Tá tionscnamh fógartha faoina ndéanfar tograí cruthaitheacha a bhaineann le cúrsaí sláinte agus folláine a fhorbairt i measc Phobal an Lucht Siúil.

Is clár é Folláine an Lucht Siúil tríd an gCruthaitheacht a chuireann Clár Éire Ildánach ar fáil, lena chomhpháirtithe sa Roinn Sláinte (Clár Éire Shláintiúil), FSS agus an Chomhairle Ealaíon. Is é cuspóir an chláir uathúil seo tacú le tionscadail chruthaitheacha a mbeidh tionchar dearfach acu ar shláinte agus ar fholláine phobal an Lucht Siúil.

Táimid ag iarraidh ar eagraíochtaí de chuid an Lucht Siúil a bhfuil taithí acu ar a bheith ag obair le cúrsaí sláinte/folláine agus/nó na healaíona cruthaitheacha agus/nó cleachtóirí cruthaitheacha a bhfuil taithí acu ar bheith ag obair leis an Lucht Siúil, nó baint acu leo, a gcuid moltaí a chur isteach faoin 31 Márta 2023.

Is gairm é an tionscnamh Folláine an Lucht Siúil tríd an gCruthaitheacht chuig grúpaí agus eagraíochtaí ábhartha d’fhonn tionscadal nuálach a chur ar fáil in 2023, dírithe ar fheabhas a chur ar fholláine an Lucht Siúil trí mheán na cruthaitheachta. Faoin tionscnamh seo cuirfear maoiniú deontais idir €30,000 agus €50,000 in aghaidh an tionscadail ar fáil in 2023, sin suas le €200,000 san iomlán, lena n-áirítear deontas nua, suas le €50,000, a bhronnfar ar tionscadal amháin faoin Deontas Oileán Comhroinnte.

Tá an cháipéis faisnéise iomlán ar fáil anseo.

Is gá na hiarratais a chomhlánú ar líne agus iad a chur isteach trí https://submit.link/1xY faoi am dúnta gnó Dé hAoine 31 Márta 2023.

 

Féach ar bhuaicphointí ó thionscadail na bliana seo caite anseo.

Above:

Stay up to date

×