Skip to main content

Aois agus Deis

Fágann Age & Opportunity leas as taithí na healaíne ag níos mó ná 250 duine aosta ar fud na tíre

Féadann ról cinniúnach a bheith le tréithe sin na healaíne atá dírithe ar an duine féin maidir le cur leis an misneach as sainiúlacht an duine féin de réir mar a théitear amach sna blianta, go háirithe nuair a d'fhéadfadh scoiteacht nó neamhaird a bheith á mbraith mar gheall ar stádas aoise, sláinte nó sóisialta.”

Tara Byrne, Bainisteoir an Chlár Ealaíne, Age & Opportunity

Sa bhliain 2019, chuir Éire Ildánach ar chumas Age & Opportunity seisear ealaíontóirí a chur i mbun socrúcháin in árais cúraim cónaithe d'fhonn taithí na healaíne a chur ar fáil do dhaoine aosta, cuid mhór acu a bhfuil néaltrú ag gabháil dóibh. 

Is léir ó thoradh taighde a rinneadh go gcuirtear go mór le féinmheas an duine aosta agus le caighdeán an tsaoil ag daoine scothaosta nuair a thugann siad faoin ealaín,  Tá seo fíor fiú amháin i gcás dhaoine a chuirtear as an áireamh mar gheall ar néaltrú.

Leis na socrúcháin cónaithe seo, beidh an leas as taithí na healaíne á chur ar fáil do líon suas le 250 duine scothaosta a bhfuil cónaí orthu in ionaid cúraim nó a thugann cuairt ar na hionaid sin chomh maith le dul i bhfeidhm go fabhrach freisin ar líon is mó ná 500 duine eile, othair cónaithe, baill foirne, daoine muinteartha agus ealaíontóirí san áireamh chomh maith leis an bpobal i gcoitinne.

Tabharfaidh an t-ealaíontóir priontaí Aoife Barrett cuireadh do na hothair cónaithe in Ospidéal Pobail an Ráithín a bheith páirteach i sraith de bhabhtaí comhrá, de sheisiúin leabhardhéantúsaíochta agus de sheisiúin priontaíochta.

Cruthóidh John Conway cuntas dearcealaíne ar shaol na ndaoine a bhaineann úsáid as seirbhísí in Ionad Cúram Lae Nás na Rí.

Tá rún ag Brian Cooney leas a bhaint as an ngrianghrafadóireacht chun cuidiú le hothair cónaithe in Ospidéal Pobail Naomh Eoin i Sligeach a gcuid scéalta pearsanta a ríomh.

In Ospidéal Pobail Chluain Sceach i mBaile Átha Cliath, bainfidh Clíona Ní Laoi, ealaíontóir ilmheán, úsáid as saothar teilgin chun colláisí uileghabhálacha a cheapadh a mbaineann gnéithe solais agus fuaime leo.

Tá i gceist ag Andy Parsons, ealaíontóir ilmheán, íomhánna a chruthú de lámha na ndaoine a úsáideann seirbhísí in Ospidéal Pobail na gCealla Beaga agus éirim, acmhainneacht agus cruthaitheacht dhaoine aosta i nDún na nGall a chur i láthair.

Cuirfidh Ciara Rodgers na daoine a fhreastalaíonn Ionad Cúram Lae Oileán Chiarraí i mbun cainte faoi stair na bhfoirgneamh sa cheantar i ndáil le togra maidir le saothar líníochta le gualach.

Tá cúnamh taca i ndáil leis an gclár Age & Opportunity á thabhairt ag an gComhairle Ealaíon, Éire Ildánach, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Waterford Healing Arts Trust (WHAT), Creative Life, Mercer’s Institute for Successful Ageing (MISA) agus an Dementia Services Information and Development Centre (DSIDC) atá lonnaithe freisin in MISA, Ospidéal San Séamas. 

www.ageandopportunity.ie

Stay up to date

×