Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Cad atá ar siúl i do phobal? Bailiúchán imeachtaí an fhómhair

Scroll
4 min read

Cad atá ar siúl i do phobal? Bailiúchán imeachtaí an fhómhair

4 min read

3/10/23

Cad atá ar siúl i do phobal? Bailiúchán imeachtaí an fhómhair

Tá liostaí na n-imeachtaí scrúdaithe againne ionas nach gá duitse sin a dhéanamh.

Tosaíonn an duilliúr ag feo, tagann athrú ar an gclár imeachtaí áitiúil.  Tá féilte bríomhara an fhómhair linn, mar atá an teacht le chéile socair sa chomharsanacht.  Tá ábhar spéise don uile dhuine á chur ar siúl an séasúr seo romhainn.

Nár mhaith leat spraoi cruthaitheachta i rith an tséasúir seo romhainn?

Féach an rogha seo d’imeachtaí éagsúla as áiteanna ar fud na hÉireann agus bí ullamh don fhómhar spleodrach i do cheantar féin.

CÚIGE ULADH

Co. an Chabháin

Leabhar ealaíne á seoladh: Orwin and Sebana – an 5 Deireadh Fómhair in óstán an Crover House.

Co. Dhún na nGall

MÁM le Teach Damhsa, cur i láthair de chineál nua ina dtarlaíonn cumasc idir an nós traidisiúnta agus nós na linne seo.  Leis an gceoltóir traidisiúnta  Cormac Begley ar an gconsairtín ! An 8 agus an 9 Samhain.

Co. Mhuineacháin

Tradoodle, féile shainiúil Mhuineacháin maidir leis na healaíona traidisiúnta do dhaoine óga.

CÚIGE CHONNACHT

Co. na Gaillimhe

Around the House and Mind the Dresser, imeachtaí saor in aisce mar chuid de Léamh Mór na Gaillimhe.  Ón 2 Deireadh Fómhair go dtí an 26 Samhain i Leabharlanna na Gaillimhe.

Co. Mhaigh Eo

Castlebar Comic Festival, iontach ar fad ag daoine ar breá leo greannáin agus úrscéalta grafaice.  Ar siúl go dtí an 7 Deireadh Fómhair.

 

CÚIGE LAIGHEAN

Co. Cheatharlach

Tionscadail Lásadóireacht na Buiríse sna Scoileanna. Ceangal á nascadh idir daoine óga agus nósanna an cheantair. Ar siúl go dtí deireadh mhí na Samhna.

Dún Laoghaire-Ráth an Dúin

dlr Yarnspinners: Ciorcal Scéalaíochta do Dhaoine Fásta. An tríú Céadaoin den mhí in dlr LexIcon.

Co. Chill Chainnigh

Féile Bookville, an 12-18 Deireadh Fómhair, le roinnt de na scríbhneoirí & de na maisitheoirí leabhair do leanaí is fearr in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.  Réimse iomlán imeachtaí don teaghlach ar fad.

Co. an Longfoirt

Féile Scannánaíochta Still Voices, an 15-19 Samhain.  Féile áitiúil ag a léirítear an chuid is fearr ar domhan de sheánra na ngearrscannán.

Co. Lú

Féile Eolaíochta Lú, scrúdaítear iontais na heolaíochta agus na teicneolaíochta i ngnáthshaol an duine.  Le béim faoi leith i mbliana ar an eolaíocht a bhaineann leis an aeráid agus ar sheifteanna cruthaitheacha ina leith.  An 6-23 Samhain.

Co. na Mí

Féile Bia na Samhna.  Féile agus féasta i mbaile oidhreachta Cheannanais.  Ceiliúradh ar 5,000 bliain de bhia agus de chultúr na hÉireann.  An 2-5 Samhain.

Co. Uíbh Fhailí

Taispeántas tumthach ar thalamh portaigh ar siúl i gCaisleán Bhiorra. Léargas iontach ar an mbithéagsúlacht i dtalamh portaigh agus bogaigh na hÉireann, ar siúl go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Co. Bhaile Átha Cliath Theas

An seó Café Visionaire le Doors to Elsewhere, an compántas amharclannaíochta ilchuimsitheachta do dhaoine fásta i ndeisceart Bhaile Átha Cliath atá faoi mhícumas intleachta. An 23 Samhain in óstán an Maldron Hotel.

Co. Chill Mhantáin

Féile Litríochta Way With Words, an 10-14 Deireadh Fómhair. Aithriseoireacht, ceardlanna, comhrá poiblí agus imeachtaí eile do scríbhneoirí agus do léitheoirí, idir shean agus óg, le haird ar sheánraí éagsúla agus ar mhodhanna agus stíleanna éagsúla scríbhneoireachta.

 

CÚIGE MUMHAN

Co. an Chláir

Féile dhá lá Cheol na nDaoine, Music Generation an Chláir – an 28 agus an 29 Deireadh Fómhair. Ceardlanna ar fáil d’fhoghlaimeoirí!

Cathair Chorcaí

Babhtáil Ceamaraí Malla, tugtar deis ar cheamaraí nach ceamaraí digiteacha atá furasta a úsáid.  Ar siúl go deireadh na bliana 2023.

Co. Chorcaí

Soilse na Samhna, ceardlanna agus mórshiúl chun ceiliúradh a dhéanamh ar dheireadh shéasúr an fhómhair.

Co. Chiarraí

Tabhair cuairt ar mhúrphictiúr i mBéal Átha Druibín a rinne daoine óga an cheantair le ceiliúradh a dhéanamh ar a n-áit féin.

Co. Luimnigh

Sraith Ceolchoirmeacha an Fhómhair, Caisleán Uí Chonaill, arna eagrú ag Oifig Ealaíon Luimnigh.  Amach go deireadh mhí na Samhna i Séipéal na Naomh Uile.

Co. Thiobraid Árann

Féile Litríochta Dhrom Inbhir & an Aonaigh, ceiliúradh 20 bliain  le clár iontach imeachtaí an 5 go dtí an 8 Deireadh Fómhair.

Co. Phort Láirge

The Hill @Halloween, seó spleodrach Oíche Shamhna ag cnoc Bhaile Bhricín. Arna chruthú ag ealaíontóirí, ceoltóirí, teicneoirí, scoileanna agus grúpaí pobail na háite agus arna léiriú ag Spraoi Phort Láirge, Every Event agus Comhairle Chontae agus Cathrach Phort Láirge.

Níl anseo ach sampla de na himeachtaí iontacha atá ar siúl ar fud na hÉireann i rith an fhómhair.  Más mian leat níos mó a fheiceáil, cliceáil anseo agus faigh amach cad é atá ar siúl i do cheantar féin. 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×