Skip to main content


Nuacht

Deis iontach is ea Scríbhneoir Cónaithe Sheirbhís Leabharlainne na Mí do scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn

Scroll
3 min read

Deis iontach is ea Scríbhneoir Cónaithe Sheirbhís Leabharlainne na Mí do scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn

3 min read

5/11/20

Deis iontach is ea Scríbhneoir Cónaithe Sheirbhís Leabharlainne na Mí do scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn

Bhí Nicola Cassidy, Scríbhneoir Cónaithe Sheirbhís Leabharlainne na Mí 2020, in hóstach ar imeachtaí fíorúla agus imeachtaí ar líne ó mhí an Mheithimh 2020, rinne sí meántóireach chomh maith le scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn mar chuid dá clár.

Déanann an Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae na Mí bainistiú ar an gcónaitheacht scríbhneora, a chríochnóidh mí na Nollag 2020, agus is cuid thábhachtach í den Stráitéis Cúig Bhliana Cruthaitheachta agus Chultúir ag Éire Ildánach do Chontae na Mí. Trí imeachtaí ar líne Nicola, a tionscadail fhiorúla agus a cuid meántóireachta cruthaítear deis iontach do pháistí agus daoine fásta le hobair a dhéanamh le scríbhneoirí lena scileanna scríbhneoireachta cruthaithí a fhorbairt.

Chaith Nicola míonna an tsamhraidh ag déanamh taighde agus ag scríobh a ceathrú úrscéal agus tugadh deis di seachtain a chaitheamh san Ionad Cónaithe Guthrie i dTír Eoghain. Tosaíonn a tionscadal, Nanowrimo, an mhí seo, a bhfuil sé mar aidhm aige spreagadh a thabhairt do scríbhneoirí 50 míle focal a scríobh in aon mhí amháin. Beidh sí ina hóstach ar sraith ceardlann ar théamaí an bhlagála, na podchraoltóireachta agus an YouTúibeáil do lucht féachana óg.

Scríbheann Nicola Cassidy ficsean stairiúil agus d’fhoilsigh sí trí úrscéal. Is scríbhneoir scripte í chomh maith le blagálaí agus file focal labhartha. D’fhoilsigh Bombshell Books a chéad úrscéal, December Girl, in 2017 agus an scéal lonnaithe i nGleann na Bóinne, Co na Mí. D’fhoilsigh Poolbeg Press a dara úrscéal, The Nanny at Number 43, agus lonnaíodh an scéal i nDroichead Átha le radharcanna agus carachtair ó Chontae na Mí ann. Is cuntas beathaisnéise fhicseanúil é a tríú úrscéal, Adele, ar shaol an réalt stáitse Adele Astaire. Tá a ceathrú úrscéal le bheith foilsithe i mí na Samhna.

Breathnaigh ar thionscadail eile Leabharlanna Éireann, an feachtas Start A New Story agus obair leanúnach Fighting Words.

Stay up to date

×