Skip to main content


Nuacht

Vitimín C: Tionchar chun sochair ag an gcruthaitheacht ar mhaitheas an duine aosta

Scroll
2 min read

Vitimín C: Tionchar chun sochair ag an gcruthaitheacht ar mhaitheas an duine aosta

2 min read

14/11/20

Vitimín C: Tionchar chun sochair ag an gcruthaitheacht ar mhaitheas an duine aosta

Tá seimineár gréasáin á chur i láthair ag Éire Ildánach, i gcomhar le hÉire na Sláinte agus Clár Sláinte agus Folláine Meabhrach FSS, chun plé a dhéanamh ar an bhfiúntas atá as beartaíocht Ealaíne agus Cruthaitheachta maidir leis an tSláinte agus an Fholláine Meabhrach a chur chun cinn i measc daoine scothaosta.

Trí staidéar a dhéanamh ar chásanna sonracha inar cuireadh daoine scothaosta i mbun tionscadail cruthaitheachta mar shamplaí den tsárchleachtas, déanfaidh an painéal ag Vitamin C: The positive effect of creativity on wellbeing in older people cíoradh ar thuairimí éagsúla faoin bhfiúntas atá le bearta cruthaitheachta maidir leis an tsláinte meabhrach níos faide amach i saol an duine agus pléifear riachtanais phraiticiúla agus riachtanais polasaí a d’fhéadfadh bonn treise a chur faoi chúrsaí san am atá romhainn.

Tá de chuspóir ag an uile dhuine a bhfuil baint acu leis an bplé tábhachtach seo na príomhréimsí dúshláin atá le sárú, ó thaobh cúrsaí sláinte agus cúrsaí cruthaitheachta araon, a thabhairt chun suntais, chomh maith leis na deiseanna atá le tapú i mbun comhar oibre san am atá romhainn agus tús a chur le plé ar réimsí sonracha gníomhaíochta i ndáil le bearta ealaíne do dhaoine scothaosta.

Beidh plé an phainéil á riar ag Jennifer O’Connell, iriseoir leis an Irish Times agus déanfaidh na cainteoirí seo a leanas cur i láthair:

  • An Dr David Robinson,Geiriatraí Comhairleach, Ospidéal San Séamus
  • Kate O’Flaherty, Ceannasaí Sláinte & Folláine, an Roinn Sláinte
  • An Dr Denise Rogers, Síceolaí Sinsearach Clinice, FSS
  • Bridget Deevy, An Clár Ealaíne, Aois & Deis
  • Dominic Campbell, Comhbhunaitheoir, Creative Aging International

Tá an seimineár bunaithe ar ócáid eile arna eagrú ag Éire Ildánach agus Éire na Sláinte i mí Márta ag a ndearnadh cíoradh ar an bhfiúntas atá i mbearta cruthaitheachta maidir le toradh chun sochair ar an tsláinte meabhrach go ginearálta.

Beidh Vitamin C : The positive effect of creativity on wellbeing in older people ar siúl an 21 Iúil 2020 10.30-12.00, is féidir clárú ag tinyurl.com/VitaminCEvent

Stay up to date

×