Skip to main content
Reimagine Irish Architecture Foundation (IAF) Launch

Náisiún
Ildánach

An chaoi a gcuidíonn an Tionscadal Reimagine le sráidbhailte agus bailte barr feabhais a bhaint amach

Ba chóir go bhféadfadh gach duine in Éirinn mothú go bhfuil sé sábháilte, go bhfuil baint aige le háit agus go bhfuil sé ar a shuaimhneas ina thimpeallacht tógtha, agus tá sé ríthábhachtach d'obair Reimagine an tuiscint seo, go bhfuil baint ag duine le háit, a chomhchruthú.

Is clár comhfhorbartha áite é Reimagine, a oibríonn le pobail ar fud na hÉireann chun réitigh ar fhadhbanna nó ar dheiseanna atá aitheanta acu ina gceantar féin, a aimsiú agus a dhearadh le chéile.

Cuireann Reimagine ailtirí agus comhpháirtithe áitiúla le chéile, le go mbeidh ról gníomhach ag na pobail i bhforbairt a gcomharsanachtaí, a sráid-dreacha, a bpáirceanna, a sráidbhailte agus a mbailte. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ról lárnach ag an tuiscint áitiúil agus ag an eolas intuigthe sna réitigh dearaidh deiridh, ionas go n-aireoidh na pobail go bhfuil cumhacht agus úinéireachta acu agus sa chaoi go mbeidh siad mórtasach.

Aithnímid an ról tábhachtach atá ag ailtirí, mar chainéal idir na pobail a bhfuil spéis acu san áit agus an dream a dhéanann na cinntí a théann i bhfeidhm ar a dtaithí saoil. Ba chóir go bhféadfadh gach duine in Éirinn mothú go bhfuil sé sábháilte, go bhfuil baint aige le háit agus go bhfuil sé ar a shuaimhneas ina thimpeallacht tógtha, agus tá sé ríthábhachtach d’obair Reimagine an tuiscint seo, go bhfuil baint ag duine le háit, a chomhchruthú.

I rith 2019 agus 2020 d’oibríomar le pobail i nDún Droma, i dTamhlacht, i gCill Rois, i gCeanannas, i Maothail, i Leitir Ceanainn agus i mBaile Locha Riach:

Tamhlacht, Co. Bhaile Átha Cliath: Dhírigh ‘Melt the Walls’ ar Chearnóg Sheomra na Comhairle a fheabhsú don dream atá ina gcónaí ann trí shuiteáil shealadach, a nasc é leis na foirgnimh chultúir máguaird. Ailtirí: OBFA

Cill Rois, Co. an Chláir: D’oibrigh SAUL IU le Foireann Bhaile Chill Rois chun fís nua a chruthú don bhaile. Foireann Ailtireachta: Saul Intelligence Unit.

Maothail, Co. Liatroma: Bhain an tionscadal seo le bheith ag obair leis an bpobal chun deiseanna le haghaidh cóiríocht do turasóirí ar chostas íseal sa cheantar, a aithint. Ailtire: Ciara Reynolds.

Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe: Through Thinning Landscapes. Thug suiteáil ailtireachta feadh ‘The Walks’ i mBaile Locha Riach cuireadh don phobal a machnamh a dhéanamh ar an todhchaí ó thaobh na bithéagsúlachta de. Ailtirí: BothAnd.

Ceanannas, Co. na Mí: Chuaigh an tionscadal seo i dteagmháil leis an bpobal chun todhchaí na bhfoirgneamh oidhreachta, ó thaobh an dearadh leathan uirbeach de, a mheas.

Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall: Ceantar Cultúir Leitir Ceanainn. Ba í aidhm an tionscadail seo na foirgnimh chultúir atá ann cheana féin i mbaile Leitir Ceanainn a nascadh le chéile níos fearr, chun Ceantar Cultúrtha a chruthú. Ailtirí: Pasperakis Friel.

Tá tacaíocht faighte ag an tionscadal Reimagine ó Chiste Náisiúnta Cruthaitheachta Chlár Éire Ildánach.

Lean an nasc chun tuilleadh a fhoghlaim faoin tionscadal tábhachtach seoIrish Architecture Foundation

 

IAF ReImagine Ireland

Open Video

Stay up to date

×