Skip to main content


Nuacht

Is ionann na leabharlanna poiblí agus an suíomh cruthaitheach is fearr do Fighting Words

Scroll
3 min read

Is ionann na leabharlanna poiblí agus an suíomh cruthaitheach is fearr do Fighting Words

3 min read

5/11/20

Is ionann na leabharlanna poiblí agus an suíomh cruthaitheach is fearr do Fighting Words

I gcomhpháirtíocht le seirbhísí cuimsitheacha na leabharlann in Éirinn agus le tacaíocht ó Éire Ildánach, tá Fighting Words in ann a chuid seirbhísí in aisce a chur ar fáil do dhaoine óga agus páistí fud fad na tíre.

Ó bhunú an chláir in 2009, tá Fighting Words tar a éis os cionn 120,000 páistí agus daoine óga a shroicheadh timpeall na tíre, agus iad a spreagadh le cumhacht a samhlaíochta agus a gcuid scileanna scríbhneoireachta cruthaitheacha a aimsiú.

Bhunaigh na húdair Roddy Doyle agus Sean Love Fighting Words le ceardlanna in aisce a sholáthar ar théama na scríbhneoireachta cruthaithí agus táthar tar a éis leathnú a dhéanamh ar an seirbhís in aisce chuig leabharlanna trasna na hÉireann in áiteanna ar nós Loch Garman, Dún na nGall, An Clár, Cill Mhantáin, An Longfort, Port Láirge agus Laois.

Déanann an bunaitheoir, Sean Love, cur síos ar thábhacht na leabharlann leis an gclár a reáchtáil, “Is iad na leabharlanna atá ina n-óstaigh na gceardlann do na scoileanna áitiúla, agus is lena n-áiseanna agus an t-atmaisféar deas cairdiúil a chruthaítear an suíomh foirfe don chruthaitheacht. Oireann an dá rud dá chéile agus tá rath iontach air mar gheall air sin. Táimid ag súil leis an seirbhís a leathnú amach arís trí comhpháirtíocht a thosú le tuilleadh leabharlanna i gcontaetha éagsúla sna blianta romhainn.”

Is féidir na scéalta iontacha a scríobh rannpháirtithe óga an chláir a léamh anseo.

Stay up to date

×